Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms ?ine-M?ire N? Cheallaigh:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste, thar ceann leabharlanna chathair Bhaile Átha Cliath, as an gcuireadh a tugadh dom labhairt leis inniu. Is stiúrthóir chathair litríochta UNESCO Bhaile Átha Cliath agus leabharlannaí le leabharlanna chathair Bhaile Átha Cliath mé. Cuirim fáilte roimh an deis cur leis an bplé maidir le foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh. I mo theannta inniu tá Orla McMorrow, oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Is í leabharlanna chathair Bhaile Átha Cliath an tseirbhís leabharlainne is mó in Éirinn, agus tá sí freagrach as seirbhísí leabharlainne poiblí a sholáthar do dhaonra de bhreis agus 500,000 duine. Meallann an leabharlann breis agus 2.5 milliún cuairteoir sa bhliain, mar a rinne sí in 2019, agus tá sí ar cheann de na seirbhísí agus na hinstitiúidí cultúir is ionchuimsithí atá ag an gcomhairle cathrach. Cuirimid fáilte saor in aisce agus cothrom ar fáil ar eolas, smaointe, litríocht agus ar réimse deiseanna foghlama agus féinfhorbartha trínár mbailiúcháin fhisiciúla, ár ríomh-acmhainní agus ár gcláir chultúir, atá dírithe ar fhreastal, ar riachtanais agus ar ábhair spéise daoine de gach aois, gach céim agus gach leibhéal cumais.

Rinne mé iarracht, nuair a bhí mo ráiteas á ullmhú agam, léargas a sholáthar ó ghnéithe éagsúla dár seirbhísí chun tacú le hobair an choiste. Pléifidh mé acmhainní atá ar an tseilf, ríomh-acmhainní, acmhainní foghlama teanga agus imeachtaí agus cláir.

An chéad rud a phléifidh mé ná na hacmhainní ar an tseilf a chuirimid ar fáil don phobal. Soláthraímid acmhainní stoic i nGaeilge, leabhair fhicsin agus neamhfhicsin san áireamh, do dhaoine fásta agus do leanaí, chomh maith le tréimhseacháin Ghaeilge atá inár mbrainsí agus i mbailiúcháin Bhaile Átha Cliath agus na hÉireann. Ceannaímid ar a laghad cóip amháin de gach teideal Gaeilge a fhoilsítear in Éirinn agus freagraímid na hiarrataí ar stoc leabhair Ghaeilge a cheannach a dhéanann úsáideoirí leabharlainne. Tá €20,000 caite ar an iomlán againn ar stoc Gaeilge ó 2019. Ba cheart méid thionscal foilsitheoireachta na Gaeilge a chur san áireamh chun an figiúr seo á thuiscint. Mar gheall gurb earnáil sách beag í seo laistigh den láthair fhoilsitheoireachta ar an iomlán, tá an méid teideal atá ar fáil le ceannach gach bliain teoranta. Tá 23,820 earra stoic i nGaeilge inár mbailiúcháin faoi láthair, gan bailiúcháin ár dtréimhseachán a chur san áireamh.

Sa bhliain 2020, tugadh 1,044 earra Gaeilge ar iasacht, agus tugadh 3,136 earra ar iasacht in 2021. Idir Eanáir agus Aibreán 2022, mí Aibreáin san áireamh, tugadh 1,609 earra Gaeilge ar iasacht. Ba cheart an phaindéim, tréimhse ina raibh an leabharlann dúnta agus nárbh fhéidir stoc fisiciúil a fháil ar iasacht, a chur san áireamh sna figiúirí seo. Mar gheall gur aistrigh leabharlanna go náisiúnta go córas nua bainistíochta leabharlainne i mbliana, ní féidir figiúirí a fháil maidir leis an méid leabhair Ghaeilge a tugadh ar iasacht roimh 2020. Tá ar a laghad tréimhseachán Gaeilge amháin inár mbrainsí go léir agus tá 84 tréimhseachán de theidil reatha, agus cuid a foilsíodh roimhe seo, sa bhailiúchán ag ár seirbhís staidéir áitiúil.

I dtaobh an stoc seo a chur chun cinn, cuireann formhór dár mbrainsí rannóg thiomnaithe Gaeilge ar fáil. Cuireann an fhoireann taispeántais leabhar le chéile go rialta leis an stoc a chur chun cinn agus le leabhair a fháil ar iasacht a spreagadh. Tá leabhair Ghaeilge i dtaispeántais théamacha Gaeilge a bhaineann le hábhair eile, cosúil leis an tsláinte, an stair, an spórt agus rudaí eile. Cuirtear ár stoc Gaeilge chun cinn trí leathanaigh Facebook ag brainsí áitiúla agus trí phríomh-fhothaí nuachta Instagram agus Twitter na leabharlainne. Cuirimid blag gníomhach ar fáil ar láithreán gréasáin na leabharlainne agus scríobhann an fhoireann blaganna go rialta le feasacht a mhúscailt agus le húsáid an stoic a chur chun cinn. Chuir an fhoireann físeáin den am scéalaíochta i mBéarla agus i nGaeilge in airde ar leathanaigh Facebook a mbrainsí i rith na paindéime, tráth inar cuireadh go leor dár seirbhísí ar fáil ar líne. Tá nasc le cuid díobh seo curtha ar fáil agam i mo ráiteas iomlán.

An dara rud a phléifidh mé ná ríomh-acmhainní. Anuas ar ár stoc fisiciúil ar an tseilf, cuireann leabharlanna chathair Bhaile Átha Cliath teacht saor in aisce ar fáil ar réimse ríomh-acmhainní, ríomhleabhair agus ríomh-chlosleabhair san áireamh. Cuirtear na hearraí seo ar fáil tríd an ardán BorrowBox, atá mar chuid den rogha náisiúnta ríomh-acmhainní atá ar fáil i leabharlanna poiblí na hÉireann. Eisíodh thart ar 16% de na teidil Ghaeilge ar BorrowBox in 2021 i gcathair Bhaile Átha Cliath. Bhí 142 ríomhleabhar Gaeilge ar BorrowBox in 2021, agus meascán leabhar do leanaí agus do dhaoine fásta a bhí iontu. Tá 127 teideal Gaeilge ar an ardán faoi láthair. Rinneadh iarracht chomhbheartaithe ar leibhéal náisiúnta leis an méid teidil Ghaeilge atá ar fáil ar an ardán a mhéadú, ach léirigh foilsitheoirí Gaeilge go bhfuil drogall orthu a dteidil a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach le haghaidh BorrowBox.

An tríú rud gur mian liom a phlé ná na deiseanna foghlama teanga a sholáthraímid. Cuirimid roinnt ardán ar fáil d’úsáideoirí leabharlainne, mar Transparent Language Online agus uTalk, acmhainn dhigiteach foghlama teanga. Chríochnaigh úsáideoirí leabharlainne 661 seisiún “Gaeilge do Chainteoirí Béarla”, dhá sheisiún “Gaeilge do Chainteoirí Tuircise” agus seisiún amháin “Gaeilge do Chainteoirí Spáinnise” ar an ardán Transparent Language Online idir Feabhra 2020 agus Bealtaine 2020. Tá 63 úsáideoir leabharlainne cláraithe le Gaeilge a fhoghlaim ar ardán uTalk. Soláthraímid an acmhainn foghlama teanga do leanaí, LOTE, a chiallaíonn “languages other than English”, ach níorbh fhéidir leis an soláthraí comhpháirtí Gaeilge a aimsiú le páirt a ghlacadh san ardán.

An ceathrú limistéar ná na cláir agus na himeachtaí a chuirimid ar siúl. Cuirimid réimse éagsúil cláir, imeachtaí agus deiseanna rannpháirtíochta i nGaeilge ar fáil. Forbraímid cláir inti, cuirimid comhráite ciorcail ar siúl agus tacaímid le tionscnaimh náisiúnta cosúil le Seachtain na Gaeilge. Chuireamar 45 imeacht i bpearsa agus ar líne ar siúl idir 2019 agus 2022 do dhaoine fásta agus do leanaí agus d’fhreastail 1,366 duine orthu.

Tá feidhm ag leabharlanna poiblí in Éirinn chun léitheoireacht, labhairt agus foilsitheoireacht na Gaeilge a spreagadh. Tacaímid leis an léitheoireacht tríd ábhair Ghaeilge a chur ar fáil gan stró d’úsáideoirí leabharlainne agus trí na hábhair seo a thabhairt chun solais go fairsing trí chláir agus imeachtaí. Táimid tiomanta don teanga náisiúnta a chur chun cinn agus a cheiliúradh agus go dtiocfaidh borradh faoin nGaeilge mar theanga bheo i measc ár n-úsáideoirí agus i sochaí níos fairsinge na hÉireann. Aithnímid gur féidir linn tionchar dearfach a bheith againn maidir leis an nGaeilge trí chéile, inár ról mar fhoras cultúir a bhfuil iontaoibh ag daoine ionainn.

Thugamar cuntas ansin ar an réimse gníomhaíochtaí a dhéanaimid ach táimid tiomanta freisin do mhéid agus do thionchar na n-acmhainní Gaeilge agus na n-imeachtaí cultúrtha sóisialta agus Gaeilge a chuirimid ar siúl a mhéadú freisin.

Cruthaíonn an deacracht a bhaineann le teacht ar ríomhleabhair agus ar chlosleabhair Gaeilge dúshlán. Tháinig méadú mór i rith na paindéime ar an tóir a bhí ar ríomhacmhainní, go háirithe ríomhleabhair agus closleabhair. Tá nósanna nua cruthaithe i ndiaidh na paindéime agus leanann an tóir a bheith ar na hacmhainní seo i measc ár n-úsáideoirí. Mar sin féin, tá an chuma air go bhfuil drogall ar fhoilsitheoirí Gaeilge páirt a ghlacadh inár n-ardáin dhigiteacha. Tá níos mó oibre le déanamh go fóill maidir leis seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.