Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Bernie Kelly:

Cuirimid ár mbuíochas in iúl don chomhchoiste as cuireadh a thabhairt dúinn an t-aitheasc seo maidir le spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a thabhairt. Aithníonn Comhairle Chontae na Gaillimhe an tábhacht a bhaineann leis an gceantar Gaeltachta is mó sa tír atá lonnaithe i gContae na Gaillimhe agus tá meas aici ar an tábhacht sin. De réir fhigiúirí dhaonáireamh 2016, thug 49% de dhaonra Chontae na Gaillimhe, gan cathair na Gaillimhe san áireamh, le fios go raibh siad ábalta Gaeilge a labhairt, rud a chiallaíonn go bhfuil an céatadán is airde, i dtaobh daoine a labhraíonn Gaeilge, i gContae na Gaillimhe.

Is teanga bheo í an Ghaeilge, a dtacaítear léi i bpobail éagsúla chomh maith le bheith ina hoidhreacht luachmhar a gcaithfear í a chaomhnú agus a chosaint do na glúnta atá le teacht. Cuirimid úsáid na Gaeilge chun cinn agus tacaímid léi leis an ngealltanas atá déanta againn seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Aithnímid an méid ar leith a chuireann sí le héagsúlacht chultúir faoin sainchúram chaomhnú na hoidhreachta agus na teanga.

Maidir leis na pobail sin arb í an Ghaeilge amháin an rogha teanga atá acu, freastalaíonn leabharlanna sa Spidéal agus ar an gCeathrú Rua orthu sin agus tá a leabharlann féin ag gach ceann de thrí oileán Árann. Freastalaíonn an leabharlann taistil ar cheantair ina labhraítear Gaeilge freisin, cosúil le Maigh Cuilinn, le Sraith Salach, leis an gCaiseal, le Carna, le Cill Chiaráin, le Ros Muc agus le hIndreabhán. Ar an gcaoi chéanna, cuireann an rannóg scoileanna atá againn seirbhís ar fáil do 39 bunscoil i gceantar na Gaeltachta agus do naoi nGaelscoil atá lonnaithe ar fud na coda eile den chontae. Cuirtear an tseirbhís sin ar fáil i nGaeilge.

Tá ról lárnach ag oifig sholáthair an Rialtais i dtaobh earraí agus seirbhísí a chur ar fáil ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla ó thaobh costas de agus luach ar airgead a chinntiú don cháiníocóir. Áirítear gnáthearraí agus seirbhísí chomh maith le ceannach agus soláthar gach leabhar agus ábhar leabharlainne mar chuid den sainchúram sin. Ciallaíonn sé sin nach féidir leabhair leabharlainne a cheannach ach ón soláthróir a bhfuil an tairiscint aige faoi láthair na leabhair sin a sholáthar faoin gcreat comhaontaithe.

Bíonn baint ag tithe foilsitheoireachta le hathchló ábhair, leaganacha faoi chlúdach bog nó léaráidí leasaithe nó maisitheoirí nuachoimisiúnaithe. Cé go bhfuil an tábhacht atá le stoc a cheannach le cur in áit stoc atá damáistithe nó imithe amú luaite go soiléir inár dtreoirlínte forbartha bailiúchán, táimid dírithe go mór ar ábhar nuafhoilsithe a chur ar fáil. De bharr go bhfuil éagsúlachtaí canúintí i gceist i gCiarraí, i nDún na nGall agus i nGaillimh, is féidir le stoc a fháil a shásaíonn riachtanais agus próifíl an phobail a bheith dúshlánach uaireanta. Is fiú a luadh go gcuireann gach leabharlann i gContae na Gaillimhe bailiúchán d’ábhar Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta agus leanaí araon, ag brath ar mhéid an phobail.

Tá an sainchúram atá orainn léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh bunaithe ar an tuiscint gur teanga bheo í an Ghaeilge. Ina fhianaise sin, cuirimid imeachtaí agus tionscnaimh ar bun go gníomhach ar bhealaí spraíúla chun rannpháirtíocht agus taiscéalaíocht a chur ar fáil do phobail le húsáid a bhaint as an nGaeilge. Trí chluichí boird i nGaeilge cosúil le Scrabble agus Monopoly a chur ar fáil, cuirtear deiseanna ar fáil don phobal lena gcuid Gaeilge a chleachtadh agus focail nua a fhoghlaim.

Léirítear úsáid neamhfhoirmeálta agus ionchuimsitheach na Gaeilge chomh maith leis an gciorcal comhrá a chuireann roinnt de na leabharlanna atá againn ar fáil. Is bealach thar a bheith éifeachtach é seo chun daoine sa phobal a spreagadh le húsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge, beag beann ar a gcumas, i dtimpeallacht réchúiseach agus fháilteach. Déantar cúram freisin sna cláir do thionscnaimh náisiúnta cosúil le Seachtain na Gaeilge, nuair a thugtar deiseanna chun an teanga bheo a léiriú ar aon leis an oidhreacht chultúir a bhaineann leis an nGaeilge le chéile.

Áirítear ar thionscnaimh náisiúnta eile nach bhfuil ar siúl ach i leabharlanna seo againne na tionscadail Preab Isteach sa Scéal, Réaltaí Samhraidh, agus Am Teaghlaigh ag do Leabharlann. Tugann siad sin léargas ar an bhfeachtas náisiúnta atá againn, Ceart Chun Léitheoireachta, a spreagann forbairt litearthachta ar fud ár gcuid seirbhísí agus a thugann ugach do theaghlaigh a bheith páirteach ann. Reáchtálann rannóg na scoileanna agus bainisteoirí brainse ceardlanna, cuairteanna ó údair agus seisiúin scéalaíochta a mbíonn údair agus scéalaithe mór le rá as Éirinn páirteach iontu.

Rinneadh amanna scéalaíochta a reáchtáil ar líne agus léadh scéalta i nGaeilge agus i mBéarla, araon le haitheantas tugtha don údar, don mhaisitheoir agus don fhoilsitheoir. Baineadh lucht spéise nár baineadh amach riamh cheana roimhe sin leis na seisiúin sin. Tharla sé sin le linn dianghlasáil agus srianta Covid i bhfeidhm.

Reáchtáiltear comórtas Europe Direct Soapbox gach bliain. Is comórtas don chaint phoiblí é seo agus is féidir le gach saoránach sa tír cur isteach air. Tá dhá chatagóir i gceist, is iad 16 bliana agus níos óige agus 17 mbliana agus níos sine. Ba as Conamara do bhuaiteoir náisiúnta na bliana 2021 sa chatagóir 16 bliana agus níos óige agus rinne sise a hóráid i nGaeilge. Ba as Conamara freisin don duine a tháinig sa dara háit sa chatagóir 17 mbliana nó níos sine agus arís, rinne seisean a óráid i nGaeilge.

Tacaíonn an tseirbhís leabharlainne fíorúla atá againn ríomhleabhair a chur ar fáil i nGaeilge trí BorrowBox agus trí Transparent Languages atá ina aip ar líne chun teangacha a fhoghlaim ar a bhfuil na céadta teangacha, an Ghaeilge san áireamh. Bíonn an togra Léamh Mór na Gaillimhe ar siúl gach bliain i mí na Samhna faoina ndéantar údair na hÉireann agus scríobh na Gaeilge a cheiliúradh agus féachtar leis oidhreacht litearthachta, stair agus cultúr ar leith na Gaillimhe a chur chun cinn agus meas ar a hiléagsúlacht agus saibhreas a chothú.

Táimid mórtasach as na cláir, tionscadail agus tionscnaimh éagsúla a chuireann ar ár gcumas léitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn. Táimid ag súil go mór le tuilleadh obair a dhéanamh i gcomhar le domhan na foilsitheoireachta chun an saibhreas tallainne, cruthaitheachta agus cultúir a chuireann an Ghaeilge ar fáil dúinn anseo i nGaillimh a chur os comhair an phobail.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.