Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte ón Seanadóir Mullen. Is féidir leis an gcruinniú seo leanúint ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá, ach ní fheicim go mbeidh gá ann muna bhfuil an choiste an-chonspóideach. Cuirim fearadh na fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhaltaí eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú seo, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os comhair an chruinnithe inniu, agus roimh lucht féachana sheirbhís teilifíse an Oireachtais.

Fearaim fáilte roimh Áine-Máire Ní Cheallaigh, stiúrthóir ar Chathair Litríochta Bhaile Átha Cliath de chuid Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe, UNESCO, agus Orla McMorrow, oifigeach forbartha Gaeilge, mar ionadaithe thar cheann sheirbhís leabharlainne Chathair Bhaile Átha Cliath; agus Bernie Kelly, leabharlannaí gníomhach an chontae, Josephine Vahey, leabharlannaí feidhmiúcháin sinsearach gníomhach, agus Aoife O’Kelly, cúntóir leabharlainne, mar ionadaithe thar cheann sheirbhís leabharlainne Chontae na Gaillimhe. Gabhaim buíochas an choiste leo as teacht anseo inniu agus a bheith linn.

Tá na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4, laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Beidh Micheál Ó Cinnéide ag freastal ar an gcruinniú ar líne. Níl sé i láthair go fóill ach aithneoidh mé é nuair a thagann sé isteach. Cuirim ar an taifead gur thugamar cuireadh do Chumann Leabharlann na hÉireann freastal ar an gcruinniú agus páirt a ghlacadh sa phlé ach, go dtí seo, níor ghlac sé leis an gcuireadh sin. B’fhéidir go mbeidh an cumann in ann teacht isteach am eile nuair a bheidh plé againn ar an ábhar seo nó ábhar gaolta leis. Is é an t-ábhar atá á phlé againn inniu, agus atá á phlé againn le cúpla seachtain anuas, ná conas is féidir foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a spreagadh.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú: meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras fuaime Thithe an Oireachtais. Má tá daoine ag freastal go fíorúil ar Microsoft Teams, is gá dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint linn agus go mbeidh an físeán ar siúl ar a scáileán fad is atá siad ag freastal ar an gcruinniú.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus an fhianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe, go mór mór dóibh siúd atá ag freastal ar chruinnithe lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais, a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, beidh orthu amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear do fhinnéithe gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach, má eisítear é.

Anois déanfaimid ár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe inniu. Glaoim ar dtús ar an bpríomh-fhinné thar ceann seirbhísí leabharlainne chathair Bhaile Átha Cliath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.