Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Ms Poipin Murphy:

A dhaoine uaisle agus a chairde Gael, tá sé ar intinn agam na hathruithe a tháinig ar an margadh fostaíochta i ndiaidh Covid a phlé, agus na scileanna atá de dhíth don tsochaí ó seo amach. Is iomaí athrú a tháinig mar gheall ar an dá dhianghlasáil a thit amach le dhá bhliain anuas. Radharc coitianta a bhí i ndaoine ag caitheamh masc aghaidhe nó ag tabhairt spáis do dhaoine eile rompu sa siopa, ach tháinig athruithe ar rudaí eile nach bhfuil chomh feiceálach sin fosta. Tháinig athrú ar an margadh fostaíochta i ndiaidh an choróinvíris.

Mar atá a fhios ag gach mac máthar agus iníon athar, bhí an chuid is mó de mhuintir na tíre ag obair ón mbaile le linn na dianghlasála, nó ligeadh saor ar scor iad. Beidh tionchar fadtéarmach aige seo ar chúrsaí fostaíochta agus ní bheidh rudaí mar a bhí riamh. Is léir go bhfuil tionchar mór ar an áit oibre, na scileanna oibre agus an meon oibre. Roimh Covid agus an dianghlasáil bhí tóir ar oifigí lárnacha sna cathracha ach tá athrú tagtha air seo mar gheall ar an dóigh ar oibrigh daoine le linn na paindéime. Chomh maith leis sin, tá athrú iontach mór ann maidir le daoine ag taisteal ar obair. Gan amhras is buntáiste é seo do na comhlachtaí móra agus do na comaitéirí fosta.

Air a bharr sin, tá forbairt agus dul chun cinn millteanach mór tagtha ar chúrsaí teicneolaíochta. Mar gheall ar an gcosc agus na baic a bhí ann maidir le taistil, bhí ar dhaoine na constaicí seo a shárú. D’fhoghlaim daoine nach raibh orthu dul thar lear le haghaidh cruinnithe agus ba thig le mórchuid d’obair a bheith déanta ar líne, ag baint leas as an teicneolaíocht. Uair den saol, ní bheadh sé seo ar fáil do mhórchuid na ndaoine ach leis na riachtanais a tháinig mar gheall ar an bpaindéim, tá na scileanna agus deiseanna ann go forleathan agus fáil ag gach duine orthu. Mar sin, tá na comhlachtaí móra ábalta costais mhóra a shábháil mar nach gcaithfidh siad íoc as na hoifigí costasacha seo.

Is léir go bhfuil athrú ann maidir leis an dóigh a mbíonn daoine ag siopadóireacht fosta. Mar gheall ar an dianghlasáil, d’fhoghlaim daoine an dóigh le bheith ag siopadóireacht ar líne. Is mór an buntáiste é seo do chustaiméirí mar go dtig leo ordú a chur isteach agus an praghas is ísle a fháil. Níl costas taistil orthu agus thig leo fanacht sa bhaile ar na hearraí ag teacht chucu. Tá impleachtaí móra aige seo ar an margadh áitiúil mar go gcaithfidh na gnóthaí beaga dul in iomaíocht leis na comhlachtaí móra. Chomh maith leis sin, tá níos mó comhlachtaí ag dul ar líne agus níl an méid céanna daoine de dhíth sna comhlachtaí agus atá sna gnóthaí áitiúla. Níl an deis chéanna acu. An mbeidh an scil acu fiú gnó a lainseáil ar líne, nó na hacmhainní chun earraí a sheoladh amach?

Tá níos mó ná na siopaí agus gnóthaí áitiúla thíos leis mar gheall air seo uilig. D’fhoghlaim daoine an dóigh a thiocfadh leo leas a bhaint as an saol agus iad saor ón obair. Is léir go bhfuair cuid daoine léargas ar an saol agus na huaireanta uafásacha a bhí siad ag obair agus ar choinníollacha nach deas. Ní théann lá tharainn nach gcluintear go bhfuil caifé, bialann nó teach tábhairne ag cuardach oibrithe. Is léir go mbíonn uaireanta fada i gceist leis na hóstáin agus an earnáil fáilteachais agus gur thapaigh daoine an deis scileanna nua a fhoghlaim nuair a bhí gach rud druidte sa dóigh is nach raibh orthu dul ar ais san earnáil oibre sin. Cén tionchar a bheidh aige seo orainn, tír bheag a bhraitheann go mór ar chuairteoirí ag teacht i dtír? Tá an tionchar seo le feiceáil san ardú praghais atá tagtha ar gach gné den earnáil seo, ó chostas lóistín go costas carr a fháil ar cíos. Tá eagla orm go mbeidh sé níos saoire do dhaoine dul go tíortha eile. Tá an tionchar seo le feiceáil sna coláistí samhraidh fiú. Tá an oiread mná tí a chaill amach ar airgead a shaothrú nuair a druideadh na coláistí samhradh go raibh orthu poist nua a fháil leis na billí a íoc. Anois agus na coláistí ag oscailt arís, ní féidir leis na mná nó fir tí gan dul ag obair le lóistéirí a ghlacadh. Mar sin, tá argóint ann go bhfuil todhchaí na gcoláistí samhraidh i mbaol. Cosúil le gach rud, caithfidh muid a bheith dearfach.

Le gach rud ráite, cé go raibh tionchar mór ag Covid ar gach gné den saol seo againne, go háirithe saol oibre, agus muidne go fóill ar scoil, tá sé soiléir go raibh muid ábalta dul in oiriúint le gach rud agus scileanna nua a fhorbairt. Cuirim i gcás na scileanna teicneolaíochta, atá iontach tábhachtach, go háirithe agus cibear-aois faoi lán seoil. Tá níos mó poist ann atá ceangailte le teicneolaíocht, ar nós margaíocht do na comhlachtaí móra, agus tá níos mó deiseanna oibre ann. Sílim féin go mbeidh dlúthbhaint idir an teicneolaíocht agus an margadh ó seo amach. Bhí muid ábalta oibriú go neamhspleách agus forbairt a chur orainn féin. Beidh an todhchaí dhifriúil dúinn uilig agus gan amhras caithfidh mé féin agus gach duine óg ár meon a athrú agus scileanna teicneolaíochta a fhorbairt. Tuigim féin go bhfuil scileanna nua foghlamtha agam cheana. Tá mé níos díograisí agus níos neamhspleáiche. Rith rud amháin liom agus mé ag déanamh mo mhachnamh ar an ábhar seo - an mbeidh scileanna lámhscríbhinn agus litriú chomh tábhachtach sa tsochaí atá romhainn, sochaí a úsáideann teicneolaíocht agus seiceáil litrithe do gach rud? Is léir nach mbeidh na múinteoirí ar aon intinn liom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.