Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Ms Br?d Nic Gearailt:

Gabhaim buíochas ó chroí leis an gcoiste as an deis seo a thabhairt dom chun labhairt leis inniu. An cheist atá á phlé againn inniu ná na hathruithe sa mhargadh fostaíochta i ndiaidh an choróinvíris agus cad atá de dhíth ag an gcéad ghlúin eile.

Tá sé tráthúil an deis seo a thógáil chun labhairt faoi cad a bhí orainn a dhéanamh mar shochaí mar thoradh ar na srianta Covid-19 chun gníomhaíochtaí eacnamaíochta agus sóisialta a chaomhnú. Don chuid is mó, an toradh ollmhór a bhí ann ná go raibh ar na mílte againn oibriú sa bhaile chun fanacht slán agus méadaíodh úsáid na teicneolaíochta, a thug deis dúinn fanacht ceangailte le chéile. Gan aon rogha, tharla an t-athrú ollmhór seo inár saolta, athrú cuimsitheach a d’athraigh ní amháin an tslí oibre a bhí againn ach an tslí bheatha a bhí ar eolas againn freisin.

Cad iad na buntáistí san athrú seo go mbeimid ag iarraidh leanúint ar aghaidh?

Gan dabht ar bith, bhí an laghdú suntasach ar an méid comaitéireacht buntáisteach ar leibhéal pearsanta agus don timpeallacht. Cabhraíonn sé le daoine cothromaíocht oibre agus saol a bhaint amach agus caighdeán saoil níos fearr a bheith acu. Tugann sé solúbthacht do thuismitheoirí ag tabhairt aire dá gclann. Le níos lú trácht bíonn níos lú truailliú agus níos lú spleáchas ar bhreoslaí iontaise costasacha. Tugann sé seo cabhair dúinn maireachtáil i slí níos inbhuanaithe. Tugann sé saol nua chuig ceantair thuaithe agus ár mbailte agus sráidbhailte. Tugann sé an t-am dúinn chun a bheith páirteach inár bpobail, aithne a chur ar ár gcomharsana agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí deonacha.

Ba mhaith liom an deis a thógáil mar dhéagóir an smaoineamh seo a roinnt leis an gcoiste. Bheadh sé buntáisteach san áit oibre, nuair atá grúpa mór ag bualadh le chéile, dá mbeadh an foirgneamh deartha agus tógtha i slí chun ár sláinte a chur chun cinn. An cúis le méid ollmhór ráig Covid-19 san áit oibre ná ró-phlódú agus easpa aerú, ganntanas seomraí feistis agus aershruthú. Caithfimid foghlaim ó seo agus feabhas a dhéanamh ar ár n-áiteanna oibre nó beidh paindéim eile ag am áirithe eile.

De bharr na hoibre sa bhaile á cur chun cinn, bhí an baol ann go dtarlódh ró-obair sa lucht saothair. Teastaíonn tuiscint go bhfuil sé tábhachtach do dhaoine sos a thógáil agus am a thógáil dóibh féin. Tá an scaradh idir obair agus clann an-deacair a fháil nuair atá daoine ag obair ón mbaile. Is féidir é seo a dhéanamh trí shrianta ar obair a sheoladh amach tar éis an ama ceart. Tá forbairt ar áiseanna sláinte agus fóillíochta agus ar shiúlóidí lasmuigh fíorthábhachtach don tionsclaíocht seo. Níl an méid céanna deiseanna ar fáil dó seo, go háirithe faoin tuath.

Tar éis na paindéime, tá an t-atosú ar thaisteal chun obair thar lear fíorthábhachtach, go háirithe do na daoine óga atá ag críochnú an choláiste. Tugann obair thar lear, i dtíortha eile agus le pobail dhifriúla, ag fáil taithí ar chultúir dhifriúla, tuiscint níos fearr ar an domhan agus conas teagmháil a dhéanamh le daoine eile. Tagann na daoine céanna seo ar ais go hÉirinn tar éis cúpla bliain le scileanna níos fearr agus tugann siad rud éigin nua go dtí an lucht saothair. Thar an dá bhliain den phaindéim chaill daltaí amach ar dheis dul ar J1 agus Erasmus. Bheadh sé cabhrach dá rachadh daoine óga thar lear ar feadh cúpla bliain tar éis an choláiste. Agus Éire ag iarraidh briseadh isteach sa mhargadh domhanda tar éis Brexit, bheadh na scileanna nua a d'fhoghlaimeodh na daoine seo an-chabhrach agus bheadh athrú níos deise sa mhargadh.

Is mór an phribhléid dom a bheith anseo inniu ag labhairt leis an gcoiste. Arís, gabhaim buíochas leis na baill as éisteacht le mo smaointe agus tuairimí agus as guth a thabhairt dom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.