Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Mr. Darragh Kidd:

Is mór an onóir dom a bheith anseo chun na ceisteanna tábhachta seo a phlé. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh guthanna daoine óga i gcroílár na sochaí, go n-éistfidh muintir na hÉireann lenár smaointe agus go gcuirfear san áireamh iad amach anseo. Ba mhaith liom, mar sin, mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste as a chuid ama a thabhairt dúinn.

Tháinig go leor athruithe móra ar an margadh fostaíochta i ndiaidh na paindéime. Taispeánadh dúinn le linn thréimhse na dianghlasála go bhfuil an-chuid féidearthachtaí nua ann do dhaoine atá in ann obair ón mbaile. Ciallaíonn sé seo go bhfuil daoine in ann an obair chéanna a dhéanamh ón mbaile, in ionad a bheith i láthair san oifig an t-am ar fad. Dá bharr seo, tá gnólachtaí in ann airgead a shábháil ar rudaí amhail, ar nós an chíosa a íoctar ar spás oifige nó trí chostais billí fóntais a choimeád íseal. Chomh maith leis sin, beidh gnólachtaí in ann costais a laghdú toisc nach mbeidh aon ghá do dhaoine dul ag taisteal chuig cruinnithe a reáchtálfar thar lear, ná chuig cruinnithe a reáchtálfar ar na hoileáin anseo in Éirinn. An rud is tábhachtaí, áfach, ná go bhfuil gnólachtaí in ann am a shábháil, agus tá a fhios againn go léir gurb ionann am agus airgead.

Leis an teicneolaíocht nua atá tar éis teacht chun cinn le blianta beaga anuas, féadtar físchomhdhálacha a reáchtáil ón mbaile in ionad a bheith ar an láthair an t-am ar fad. Is bealach níos éifeachtaí é seo le comhdháil a reáchtáil mar go laghdaíonn sé rátaí scaoileadh CO2 toisc nach bhfuil ar dhaoine taisteal chomh minic céanna is a bhí siad roimh an bpaindéim. Tá deis anois ag an Rialtas ceantair thuaithe a fhorbairt agus infheistiú a dhéanamh i mbonneagar na tuaithe, rud a mheallfadh daoine ann. Ceann de na moltaí atá againn ná airgead a infheistiú sa chianobair, i gcúrsaí traenála, cur i gcás. Beidh cúrsaí traenála de dhíth ar dhaoine níos sine sa lucht saothair nach bhfuil cleachtadh acu air an teicneolaíocht nua seo atá tar éis teacht chun cinn. Ba chóir go gcuirfí athruithe i bhfeidhm ar dhlíthe cianoibre le cearta an oibrí agus cearta an ghnólachta a chosaint. Impímid ar an gcoiste tacaíocht a thabhairt do dhaoine gur mhaith leo bogadh amach ó cheantair uirbeacha chuig an tuath. Táimid ag iarraidh go mbeidh rochtain neamhshrianta ar an Idirlíon ag gach uile theaghlach, chomh maith le níos mó poist agus níos mó coláistí le go mbeidh deiseanna ag daoine oideachas tríú leibhéal a bhaint amach.

Tá ganntanas saothair sa tír faoi láthair agus tá oibrithe óga ag teastáil don earnáil seirbhíse. Is fiú, mar sin, feachtas fostaíochta a chur ar fáil chun daoine a mhealladh ó thíortha eile a bhfuil scileanna níos fearr acu agus a bhfuil ag lorg oibre. Tá feabhas mór ag teastáil agus is féidir linn é a dhéanamh ach cabhair uaibhse a fháil. Gabhaimid buíochas leis an gcoiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.