Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Ms R?ona N? Mhain?n:

An chloch is mó ar ár bpaidrín ná cothromaíocht a éileamh don ghlúin seo againne. Tá a fhios ag an saol mór nach bhfuil a leithéid de rud ann agus saoroideachas sa lá atá inniu ann. Is againne atá a fhios, agus muid ag iarraidh a bheith ag breathnú chun cinn agus ag déanamh cinntí maidir lenár dtodhchaí, go mbeidh orainn dul i mbun oibre go leanúnach le cúpla euro a chur le chéile chun an brú a laghdú dár dtuismitheoirí nuair a thiocfaidh an t-am. Go minic bíonn ar mo leithéid bliain shaor ón oideachas a ghlacadh tar éis na hardteistiméireachta de bharr easpa maoinithe ó SUSI, chomh maith le costais chothabhála arda. Is clanna meánaicme is mó atá buailte leis an easpa maoinithe atá á chur ar fáil ag SUSI i láthair na huaire. De réir The Irish Times, tá baint mhór ag aicme shóisialta agus gnóthachtáil scoláirí leis an leibhéal oideachais a éiríonn leo a bhaint amach. Tá a dhóthain brú agus imní ar scoláirí ag tabhairt faoi scrúduithe Stáit gan trácht ar a bheith ag cuimhneamh ar chúrsaí airgeadais.

Déantar táille de €3,500 in aghaidh na bliana a ghearradh ar mhic léinn nach sásaíonn coinníollacha SUSI agus a bhfuil a dtuismitheoirí agus na mic léinn iad féin ag saothrú níos mó ná an t-ioncam inríofa de €55,240 sa tréimhse tagartha. Chualamar Ciara Ní Dhuinnshléibhe ag déanamh cur síos ar phá oibrithe de chuid ollmhargadh Lidl níos túisce, áit a saothraíonn oibrithe €26,000 in aghaidh na bliana. Samhlaigh beirt thuismitheoir ag obair in ollmhargadh den sórt seo, gan aon cháilíocht. Sin €52,000 in aghaidh na bliana. Cuir an cúpla euro fánach a fhaigheann mic léinn a bhíonn ag obair go páirtaimseartha leis sin, agus bheifeá os cionn na tairsí láithreach. Ní chiallaíonn sé sin go bhfuil siad lofa le hairgead, agus níl siad tada níos fearr as ná tuismitheoirí san ísealaicme a bhfuil a gcuid costais glanta dóibh, mar go bhfuil na tuismitheoirí seo atá ag déanamh lá oibre ag íoc as gach uile rud. Ní fiú caint ar an bhfaoiseamh cánach suarach a fhaigheann tuismitheoirí sa chatagóir seo. Is ábhar díomách é gur tarraingíodh siar leasuithe a bhí le déanamh i mbliana maidir le tuilleamh saoire mic léinn. Tá mic léinn curtha ar an méar fhada arís i mbliana ach ní fada ó bhí an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an Teachta Harris, ag moladh go mbeadh fáil ag Úcránaigh ar dheontas SUSI chomh maith le fordheontais in ollscoileanna Éireannacha, agus go mbeadh sé seo á thabhairt os comhair Chomh-aireachta an Rialtais gan moill. Is beag beann ar thairseach é. Dá mbeadh meon difriúil ag tuismitheoirí meánaicmeacha, bheadh sé níos fearr dóibh fanacht sa bhaile agus an fáil chéanna a bheith ag a gclann féin ar an maoiniú seo. Nach mbeadh cúrsaí geilleagair ina gcíor thuathail an t-am sin?

Tá ardú cuimsitheach tagtha ar chíos ar fud na hÉireann. Is i leithéidí na gcathracha móra ar nós Baile Átha Cliath agus cathair na Gaillimhe is mó a fheictear an t-ardú seo. D’fhéadfaí suas le €1,972.23 i gcíos a íoc sa mhí i mBaile Átha Cliath agus suas le €1,200.57 i gcathair na Gaillimhe. Cén chaoi an bhfuiltear ag súil go mbeidh tuismitheoirí meánaicmeacha in acmhainn é seo a íoc dá gclann? Tá cúrsaí cíosa bailithe as smacht ó ardú na srianta agus de bharr an chogaidh os a chionn sin. Tá sé thar am ag an Rialtas breathnú ar na constaicí seo atá ag déanamh imní dúinne agus don dream a bheidh ag freastal ar an ollscoil an bhliain acadúil seo chugainn. Chualamar an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, cathaoirleach an Lároifig Iontrála nó CAO, ag labhairt ar "Nuacht a hAon" ag am dinnéir inné. Tá sé ag lorg soiléiriú práinneach ina litir chuig an Aire Oideachais, an Teachta Foley, agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an Teachta Harris, maidir le cén uair a fhoilseofar torthaí na hardteistiméireachta i mbliana. Beidh tionchar díreach ag an easpa soiléireachta seo ar mhic léinn na gcéad bliana ach go háirithe. Má bhíonn moill ar fhoilsiú na dtorthaí arís i mbliana, ní bheidh lóistín ar fáil dóibh. Tá sé thar am ag an Rialtas beart a dhéanamh de réir a bhriathar.

Táimid ag cloisteáil go bhfuil ganntanas aisteach fostaithe in earnáil an fháilteacháis i láthair na huaire. Is chun donas a rachaidh cúrsaí agus mic léinn srianta sa mhéid oibre gur féidir leo a dhéanamh i rith an tsamhraidh. Seo ceann de na hearnálacha is mó inar tharla athruithe tar éis na ndianghlasála éagsúla. Bhí ar dhaoine a ngairmeacha a mhalartú agus d’fhan formhór acu sna poist nua de bharr coinníollacha oibre agus pá níos fearr a bheith á thuilleadh acu. Céard, mar sin, atá i ndán don earnáil seo? Céard faoi na bainisteoirí, cócairí agus freastalaithe atá ag dul leis an ngairm seo? De réir tuairisce ar RTÉ, d’fhág 70,000 oibrí an ghairm seo ó bhuail an phaindéim. Tá ganntanas de 7,000 príomhchócaire san earnáil, rud a dúirt Fáilte Ireland a laghdóidh seirbhísí do thurasóirí an samhradh beag seo. Tá a fhios againn go maith gur scoláirí idirbhliana agus níos sine a bheidh ag seasamh sa bhearna do lucht óstaíochta go ceann tamaill, agus pionós á ghearradh orainn dá bharr. Mar sin, táimid ag éileamh ár gcearta maidir le hoideachas tríú leibhéal a fháil. Teastaíonn uainn go mbeadh maoiniú ar fáil do mhic léinn na tíre, gan na coinníollacha nach bhfuil cothrom le dáta a chur ar an bpobal uilig, agus chun nach mbeidh muid i bhfiacha agus muid ag fágáil an oideachais tríú leibhéal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.