Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na daltaí as teacht os comhair an choiste. Níl mé mar bhaill den choiste seo ach bhí mé ag iarraidh teacht le héisteacht leo. Bhí na Teachtaí Ó Snodaigh agus Daly ag rá liom go raibh siad iontach níos luaithe ach bhí mé ag coiste eile. Bhí cúpla pointe thar a bheith suimiúil ansin. Luaigh triúr de na daltaí na meáin shóisialta agus an tábhacht a bhaineann leo. Tá a fhios agam go n-úsáideann go leor daoine Gaeilge ar Instagram agus ar TikTok. Is rud maith é sin. Nuair a bhí mise ag fás aníos, bhímis ag breathnú ar an teilifís ar RTÉ, TG4 agus pé rud eile. Anois, bímid ag fad ar Netflix, Prime nó pé rud eile atá ann. An gceapann na daltaí go mbeadh sé cabhrach dá mbeadh seónna Gaeilge ar fáil ar a leithéid díobh sin?

Rinne Aoife Carragher pointe fíorthábhachtach. Labhair mé féin Gearmáinis sa bhaile. Is as an Ghearmáin do mo mháthair. Labhair mé Béarla i ngach áit eile. Is é Béarla an teanga is fearr atá agam mar gheall go bhfuil sé i ngach áit. Cé nach bhfuil mé chomh compordach céanna ag labhairt i nGaeilge agus atá mé ag labhairt i dteangacha éagsúla, tá dualgas orainn an teanga sin a labhairt - cé nach bhfuilimid chomh compordach céanna. Uaireanta, bímid buartha faoin rud mícheart a rá ach tá dualgas orainn. Tá sé iontach go bhfuil Aoife Carragher anseo ó na Sé Chontae agus go bhfuil an deis aici an Ghaeilge a fhoghlaim. Is as Béal Feirste do m'athair agus ní raibh an deis aige Gaeilge a fhoghlaim ar scoil. Tá sé sin fíorthábhachtach.

Luaigh na Teachtaí Ó Cuív agus Daly an méid a bhí á rá ag Katie Ní Shúilleabháin. Is é bun na faidhbe ná go bhfuil cúpla rud fíorthábhachtach do na ceantair Ghaeltachta. Is é an chéad cheann ná go mbeadh na seirbhísí ar fad ar fáil i nGaeilge. Má táimid ag iarraidh saol a bheith ann trí Ghaeilge, caithfear na seirbhísí ar fad a chur ar fáil sa teanga sin. Chomh maith leis sin, ar an taobh eile den scéal, bhí mé féin agus Aoife Carragher ag labhairt faoi bheith níos compordaí ag labhairt i mBéarla, ba chóir go mbeadh na seirbhísí ar fáil dóibh siúd atá níos compordaí labhairt i nGaeilge amhail gardaí. Is é an pointe eile a bhí á dhéanamh ag Katie Ní Shúilleabháin atá fíorthábhachtach ná nuair atá sí cáilithe sa rud a bhfuil sí ag iarraidh a bheith cáilithe ann, go mbeadh fosaithe ar fáil aici ina ceantar dúchais sa cheantar Gaeltachta ionas gur féidir léi leanúint leis an saol i nGaeilge agus labhairt le gach uile dhuine trí Ghaeilge. Rinne sí pointe fíorthábhachtach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.