Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Thug na daltaí ardú meanma dom. Tá siad ag caint ar na rudaí ceannann céanna agus atáimid ag caint orthu os comhair an choiste. Labhair Katie Ní Shúilleabháin maidir le seirbhísí i nGaeilge agus maidir leis na gardaí. Suím ar an gcoiste póilíneachta sin. Tá an t-uafás brú agus ceisteanna curtha agam féin agus ag an gcomhairleoir. Athraíonn an freagra an t-am uile. I dtús báire, bhí easpa gardaí i gceist agus ansin, nuair a bhí na gardaí ann le Gaeilge, ní raibh an taithí acu agus níorbh fhéidir na gardaí a sheoladh chuig Ros Muc nó aon áit eile gan taithí. Tá sé deacair gan frustrachas a bheith orainn mar pholaiteoirí. Cuirimid na ceisteanna agus an brú cosúil le Katie Ní Shúilleabháin agus ardaímid na ceisteanna céanna. Tá dul chun á dhéanamh, áfach, sa mhéid agus go bhfuil níos mó daoine ag cur brú ar an gcóras chun rudaí a athrú má thugann sé sin aon mhuinín nó dóchas di. Ba chóir, mar rud bunúsach, go mbeadh seirbhísí trí Ghaeilge i ngach Gaeltacht agus, níos mó ná sin, do gach duine taobh amuigh de na Gaeltachtaí atá ag lorg a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Bhí Coimisinéir na nGardaí os ár gcomhair agus bhí ionadaithe eile ón Garda os ár gcomhair ar lá difriúil. Chuireamar na ceisteanna maidir lena bhfuil ag tarlú.

Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 againn anois. Thóg sé an t-uafás ama ach i ndeireadh na Dála, is dlí é anois. Is é an dualgas atá orainn ná é a chur i bhfeidhm. Ar a laghad, tá sé leagtha síos go mbeidh Gaeilge ag 20% de na hearcaithe nua. Tá ceisteanna ann maidir le caighdeán agus rudaí mar sin. Tá mé ag iarraidh é a chur in iúl go bhfuilimid ag obair as lámh a chéile ón méid atá cloiste agam inniu, ar an gcoiste seo ar aon nós. Tá sé de phribhléid agam a bheith mar chathaoirleach ar choiste beag eile. Is é an aidhm atá againn ansin ná an Ghaeilge a mhéadú i dTithe an Oireachtais.

Is dócha go bhfuil eiseamláir ag teastáil go géar ó na daltaí agus ó dhaoine eile le cur in iúl go bhfuil an Ghaeilge nua-aimseartha. Is é an fáth gur luaigh mé an leabhar maidir le héiceolaíocht agus an Ghaeilge ná go bhfuil cuid den réiteach ansin. Tá an Ghaeilge réidh don 21ú haois. Is cuid den réiteach í an teanga agus í a úsáid. Tá an Ghaeilge fite fuaite leis an nádúr. Ní féidir réiteach a fháil ar ár gcuid fadhbanna gan an teanga. Tá an réiteach laistigh den teanga.

Tá sé ráite go mion minic go bhfuilimid marbh le tae ach táimid marbh leis an dea-thoil atá ar an talamh don Ghaeilge freisin. Níl easpa tola i gceist. Is é an rud atá in easnamh ná na polasaithe, an straitéis 20 bliain agus an tAcht a chur i gcrích agus seirbhísí a chur ar fáil. Gabhaim mo bhuíochas leis na daltaí. Is féidir liom leanúint ar aghaidh píosa ama níos mó. Tá sé tábhachtach go dtagann na daltaí agus daoine óga eile os ár gcomhair. Tá gearán amháin agam. Chuir mé ceist ar dtús maidir le cad a d’fhéadfadh sibh a dhéanamh sna scoileanna. Tá na daltaí ina bpolaiteoirí níos fearr ná mise mar níor thug siad freagra ar an gceist sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.