Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Ms Sorcha N? Dhonnch?:

Is pribhléid mhór dom í labhairt os comhair an chomhchoiste mar ionadaí le haghaidh Gaelcholáiste Chiarraí. Is é an t-ábhar a bheidh faoi chaibidil agam ná an féidir linn pobal Gaeilge nua-aoiseach a chruthú in Éirinn. Chun an cheist seo a fhreagairt i mbeagán focail, is féidir linn gan amhras ach táim anseo chun léargas a thabhairt ar na cúiseanna taobh thiar den mhuinín atá agam. Ar an gcéad dul síos, táimse den tuairim go bhfuil deis níos fearr againn anois pobal Gaeilge a chruthú in Éirinn ná mar a bhí riamh. I gcomparáid le blianta ó shin, níl aon srian ar an méid ardáin ina labhraítear Gaeilge go nadúrtha gach uile lá.

Mar dhuine atá ag caint inniu ar son na glúine óg, tá sé soiléir dom go bhfuil baint mhór ag na meáin shóisialta leis an scéal seo. Nuair a chasaim mo ghuthán ar siúl, is féidir liom teacht ar réimse leathan tionchairí nó influencers a bhíonn ag labhairt go laethúil as Gaeilge ar Instagram nó is féidir liom tráchtaireacht a fháil ar an nuacht domhanda is déanaí tríd a bheith ag léamh giolcanna Gaeilge ar Twitter. Is é an pointe atá a dhéanamh agam ná gur uirlis iad na meáin shóisialta pobal daoine óga a shroicheadh. Chonaic mé an chumhacht seo go rí-shoiléir i mo scoil féin cúpla seachtain ó shin agus Seachtain na Gaeilge faoi lán sheol. Ní chreidfeá an méid cainte a bhí ar siúl i mo rang Gaeilge mar gheall ar an bhfeachtas Energia a bhí feicthe againn go léir ar TikTok. Scéal ollmhór a bhí ann toisc go raibh tionchairí lárnach sa fógra agus lean an comhrá ar aghaidh sa rang Gaeilge as Gaeilge feadh na míosa. Tharraing an feachtas meán shóisialta sin aird ár n-aoisghrúpa agus bhí tionchar díreach aige ar an nGaeilge a spreagadh inár saolta laethúla.

Tuigim áfach go ndéanann an cheist a cuireadh orainn tagairt do phobal Gaeilge agus ní an t-aos óg amháin a bhíonn bainteach leis sin. Feicim go minic go mbíonn dúil fós ag na daoine fásta mórthimpeall orm ar na meáin thraidisiúnta ach feicim freisin go mbíonn nuacht á shú isteach acu ar líne níos minice ná riamh. Measaim féin go bhfuil na meáin trí Gaeilge ag dul i ngleic leis an éileamh seo agus go neartaíonn siad an pobal Gaeilge atá á chruthú againn. De réir Forais na Gaeilge, féachann thart ar 330 000 daoine ar tuairisc.iele haghaidh na nuachta is déanaí gach uile lá. Caithimid cuimhneamh go bhfuil ardáin ar nós RTÉ, TG4 agus stáisiúin raidió ar nós Raidió Na Gaeltachta agus Raidió Rí-Rá ann. Is é bunchloch bunúsach aon phobal ar bith ná nasc idir dhaoine agus níl aon síol dabht i m'aigne gur féidir an nasc sin a chothú tríd ár meáin agus tríd ár meáin shóisialta as Gaeilge a thacú agus a mhaoiniú. Anuas ar seo, tá pobail Ghaeilge nua–aoiseach á gcruthú ar fud na tíre i nGaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta. Gan amhras tá taithí phearsanta agam ar an gcineál pobal Gaeilge seo.

Anois ba mhaith liom cúlra fíor-bheag a thabhairt don choiste orm féin ar son mo chéad phointe eile. Mar is eol don choiste faoin dtráth seo, Sorcha is ainm dom. Táim 17 bliana d’aois agus táim ag críochnú an cúigiú bhliain an tseachtain seo chugainn. Síolaím as Trá Lí agus d’fhreastail mé ar bhunscoil lán-Bhéarla sa sráidbhaile bheag Cathair Uí Mhóráin. Labhraím Gaeilge ar scoil ach Béarla sa bhaile. Rinne mé an cinneadh chun freastal ar Ghaelcholáiste toisc go bhfuil grá agam don Ghaeilge ach braithim go láidir go bhfuil baol ann gur bheag muintir rang a sé a bheidh ag déanamh an cinneadh céanna sa todhchaí.

Mar a dúirt mé níos luaithe níl dabht ach gur féidir linn pobal Gaeilge nua-aoiseach a fhorbairt ach ní cheart dúinn constaicí a chruthú dúinn féin. De réir Peig.ie, tá 71 meánscoileanna trí mheán na Gaeilge in Éirinn agus an chonstaic atá á cur ós ár gcomhair ná an moladh go mbeidh ardteistiméireacht níos deacra sa Ghaeilge le déanamh acu ná scoileanna lán-Bhéarla sna blianta ag teacht. Le haghaidh daoine cosúil liomsa, a bhí eaglach an t-athrú go Gaeilge a dhéanamh, tá seans ard go gcuirfidh an t-eolas seo bac orthu Gaelcholáiste a phiocadh in aon chor. Mar thoradh, ní bheidh siad páirteach sa phobal Gaeilge nua-aoiseach atá á chruthú againn. Ó thaobh mo chairde a fhreastalaíonn ar scoileanna Gaeltachta, bheadh pionós á chur orthu in ainneoin gur iadsan atá ag coimeád ár dteanga beo. Caithfidh go bhfuil ár dteanga beo beathach chun pobal Gaeilge nua a chruthú. Tá fíor-ghrá agam dár dteanga dúchasach agus tá sé de dhíth orm go mbeidh pobal Gaeilge ann le haghaidh an chéad glúin eile chomh maith.

Creidim go láidir go bhfuil pobal Gaeilge nua-aoiseach ar na bacáin. Tá dul chun cinn ollmhór déanta le déanaí, ar nós an Ghaeilge a dhéanamh mar theanga oifigiúil ag leibhéal an Aontais Eorpaigh agus na deiseanna fostaíochta iontacha a thagann leis sin. Faraor, de réir UNESCO tá an Ghaeilge ceann de na 12 teangacha san Aontas Eorpach leis an stádas "cinnte i mbaol" agus mar sin beidh pobal Gaeilge nua de dhíth orainn chun ár dteanga dúchais a thabhairt slán. Is féidir linn é seo a dhéanamh trí tacaíochta a thabhairt d’ambasadóirí Gaeilge ar na meáin shóisialta, sna meáin Gaelacha agus inár gcóras oideachais. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil as an deis iontach a tugadh dom labhairt leis an gcoiste agus as éisteacht liom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.