Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Ms Katie N? Sh?illeabh?in:

Is í an cheist a bheas idir lámha agam ná an fiú d'ógánaigh Gaeltachta na linne seo spéis a léiriú sa Gharda Síochána agus muid ag bánú ceantair tuaithe dá bharr. Chonaic muid an moilliú saoil a tharla ar bhealach dearfach le linn na dianghlasálacha éagsúla agus an tionchar a d'imir sé ar chúrsaí oibre go forleathan. Thug sé seo deiseanna do dhaoine taitneamh a bhaint as an nádúr máguaird dóibh féin agus a oibriú ar bhealach a bhí solúbtha agus indéanta. Mar scoláirí Gaeltachta, tuigimid cé chomh luachmhar is a bhí agus is atá ár gceantair tuaithe agus gur seoid í le maireachtáil ann. Ach an cuimhne céanna a bheas anseo dúinne de réir mar a chasann rotha an tsaoil agus muid ag iarraidh dul i dtreo gairme an Gharda Síochána.

Tá sé i dtuairiscí le déanaí nach bhfuil fáil ar ghardaí le Gaeilge le bhunú i gceantar Chonamara agus go bhfuil sé ag fágáil ceantair tuaithe go mór faoi mhíbhuntáiste dá bharr.

Tá daoine ag fanacht suas le huair go leith le seirbhís de chuid An Gharda Síochána a fháil i gConamara, de réir mar a thug an comhairleoir contae, Dáithí Ó Cualáin, le fios ar "Adhmhaidin" an tseachtain seo caite. Tuairiscíodh go ndúirt an ceannfort gur easpa gardaí le Gaeilge is cúis leis seo. De réir tuairisc.ie, i mí Eanáir na bliana seo tuairiscíodh gur chinn an Gharda go foirmeálta ar 13 Iúil na bliana seo caite bac a chur le riachtanas Gaeilge don phost mar gheall ar dhaoine le disléicse agus imircigh. Céard faoi na cainteoirí dúchasacha Gaeilge a dteastaíonn uathu a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Ní hé go bhfuilimid ag déanamh idirdhealú, go bhfuilimid ciníoch nó aon rud den tsórt sin ach an mbeadh tíortha coimhthíocha eile sásta gealladh d'imircigh Éireannacha agus Gaelacha ina dtíortha féin i bpoist den tsórt seo agus neamhaird a bheith á déanamh ar a dteangacha oifigiúla féin? An bhfuilimid ag tabhairt suas ár bhféiniúlacht ar mhaithe le daoine eile a shásamh? Dúradh nár léir cén fiúntas a bhí leis an riachtanas Gaeilge dóibh siúd a bheith ag iarraidh a bheith ina sáirsintí nó ina gcigirí sa Gharda Síochána. Samhlaigh oifigigh ag an leibhéal seo gan focal Gaeilge a bheith ina bpluic acu agus iad ag feidhmiú ina gcuid rólanna. Cén chaoi nach bhfuil acmhainní ag a leithéid d'eagraíocht poiblí nuair atá eagraíochtaí ar nós TG4 nó Raidió na Gaeltachta a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge? Cá bhfágann sé muidne a bhfuil spéis againn sa ghairm agus muidne ag déanamh ár míle dícheall ár dteanga a choinneáil beo? Céard faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus níos mó daoine le Gaeilge geallta a bheith earcaithe sa státchóras i dtaca le hoiliúint sa Ghaeilge a chur ar fáil d'fhostaithe Stáit?

In agallamh a craoladh ar Raidió na Gaeltachta le deireanas, dúradh nach féidir gardaí nuacháilithe a bhfuil Gaeilge líofa acu a chur sna stáisiúin tuaithe de bharr easpa taithí sa phost. Cén dreasacht atá ann d'ógánaigh an cheantair Ghaeltachta a bheidh ag iarraidh filleadh ar an áit dúchais nó cóngarach dóibh agus iad ag sásamh na coinníollacha teanga atá de dhíth ar an bpost? Cothaítear constaicí dóibh fanacht ag obair ina gceantair féin. Nach breá go mbeadh gardaí a bhfuil luí agus eolas acu ar an áit filleadh ar an gceantar agus an ghairm a chleachtadh? Nach bhfuil sé tuairiscithe go bhfuil gardaí a bhfuil Gaeilge líofa acu i mBaile Átha Cliath nach bhfuil spéis acu glacadh le follúntas Gaeltachta? Tá sé mar sprioc ag Drew Harris, Coimisinéir An Gharda Síochána, go mbeadh Gaeilge líofa ag os cionn 50% de na gardaí a bhíonn ag obair i stáisiúin Ghaeltachta faoi 2025. Cén chaoi a bhfuil siad chun teacht aníos leis an líon bhreise seo mura bhfuil siad chun gardaí nuacháilithe le Gaeilge líofa as ceantair éagsúla tuaithe gan taithí a chur ar dualgas sna ceantair tuaithe? De réir áireamh a rinneadh in fómhair 2019, níl Gaeilge ach ag tríú chuid de ghardaí na Gaeltachta. Nach ndéanfadh sé i bhfad níos mó céille gardaí a bheith lonnaithe cóngarach don bhaile seachas a bheith ag taisteal agus ag cur le tranglaim tráchta? Ní airímid an costas breosla agus an lorg carbóin a táimid ag fágáil ar an timpeallacht. Táim cinnte go n-aontódh an tAire, an Teachta Eamon Ryan leis seo.

Tá muidne, mar ógánaigh as Conamara lár, ag éilimh inniu sa choiste an deis a thabhairt dúinne filleadh ar ár mbaile tar éis na gcáilíochtaí a bhaint amach, an teanga a sholáthrú agus a chaomhnú i dtimpeallacht nádúrtha. An feachtais is riachtanach ná slándáil teanga phobail na Gaeltachta. Tá súil agam gur thug na comhaltaí cluais éisteachta dom agus don méid a dúirt mé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.