Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Ms Aoife Carragher:

Is é comhlacht aontaithe de dhaoine aonair an sainmhíniú ar phobal. Is pribhléid dom labhairt leis an gcoiste inniu faoi mo thuiscint agus mo thuairimí féin maidir le pobal nua-aoiseach Gaeilge a chruthú anseo in Éirinn. Caidé atá i gceist le pobal nua-aoiseach? Caidé atáimid ag cuardach agus caidé atá de dhíth? Nach topaic ollmhór é? Tá seanfhocal ann, agus sílim go bhfuil sé sábháilte le rá go bhfuil sé ar eolas againn uilig ag an phointe seo inár saol Gaeilge: ní neart go cur le chéile. Bhí mé ag smaoineamh air seo agus mé i mo shuí sa bhaile ag scríobh amach na focail seo. Tá againn ar an lámh amháin "ní neart go cur le chéile" agus, ar an lámh eile, "comhlacht aontaithe de dhaoine aonair". Is ionann an dá rud. Is ionann pobal agus daoine le sprioc amháin ag teacht le chéile le bheith aontaithe. Ní féidir a dhéanamh ach dul i neart ansin. Is féidir linn pobal nua-aoiseach a chruthú anseo in Éirinn gan amhras. Tá a lán dóigheanna chun an aidhm sin atá againn a chur i bhfeidhm.

Cad iad na rudaí simplí a thiocfadh linn a dhéanamh chun pobal nua-aoiseach Gaeilge a chur chun cinn? Tá a fhios againn nach bhfuil gach duine den intinn chéanna maidir leis an nGaeilge. Níl gach duine in aon cheantar ag iarraidh ár dteanga bhinn a fheiceáil. Ní bréag le rá é go raibh an Ghaeilge ceangailte leis an bhochtanas i ndiaidh an Ocrais Mhóir, agus bhí sí ceangailte le stádas íseal sóisialta. Ní raibh muid ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt agus, thar na blianta, shíl formhór na ndaoine nach raibh an Ghaeilge tábhachtach. Níor shíl muid go raibh sí de dhíth orainn. Is mór an trua é sin mar go bhfuil suim sa Ghaeilge de dhíth. Tá sí de dhíth orainn uilig mar Ghaeil óga. Tá sé de dhíth go mbeidh an Ghaeilge thart orainn go nádúrtha. Tá an téarma sin, "go nádúrtha", tábhachtach.

Go pearsanta, tá sé níos fusa dom an Béarla a labhairt. Bhí an Béarla thart orm agus mé ag fás aníos. D'fhás mé aníos thuas sna Sé Chontae agus tá a fhios agam go bhfuil mo chuid taithí difriúil ón taithí a bhí ag na baill. Tá sé níos fusa an Béarla a labhairt. Ní féidir é sin a shéanadh. Cén fáth? Is é an Béarla an teanga atá thart orainn an t-am ar fad. Bíonn tionchar aige sin orainn. Táimid ag iarraidh ár dteanga a labhairt agus tionchar Gaeilge a bheith orainn fosta. Is féidir leis an dá theanga a mhaireachtáil le chéile. Buíochas le Dia, tháinig athbheochan na Gaeilge, a bhuí le Conradh na Gaeilge agus leis an tsárobair a rinneadh. Bhí ról nach beag ag na meáin shóisialta, TG4, Coláiste Lurgan agus na dlúthdhioscaí ceoil - na rudaí simplí.

Níl aon seans againn Gaeilge bhinn nádúrtha a chleachtadh mar pháirt don saol ó lá go lá nuair nach bhfuilimid ar scoil. Is é sin an fáth go bhfuil pobal nua-aoiseach Gaeilge de dhíth orainn. Ní bheidh an Ghaeilge fós beo sa tsochaí ná sa todhchaí gan an cineál brú sin chun an Ghaeilge nádúrtha a thabhairt isteach sa phobal atá againn cheana féin. An ionann pobal agus áiteanna aitheanta inar féidir le Gaeil teacht le chéile?

B'fhéidir nach bhfuil gach duine réidh an Ghaeilge a aithint go fóill ach caithfidh go mbeadh áiteanna ainmnithe do Ghaeilgeoirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh. Teastaíonn áiteanna ar leith i ngach cheantar le teacht le chéile ag aois ar bith nó ag leibhéal ar bith, áiteanna ar leith do na Gaeilgeoirí le teacht le chéile agus an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha. Is féidir seo a bheith againn i rud simplí cosúil le caifé. Is féidir an raidió Gaeilge a chur sa chúl agus buntáiste eile a bheadh ann ná go mbeadh poist ar fáil do na Gaeilgeoirí áitiúla. Bheadh daoine ag iarraidh am a chaitheamh anseo. Áit simplí trí Ghaeilge atá de dhíth orainn; gnáth áit Gaeilge don ghnáth Gaeilgeoir. An ann pobal Gaeilge nua-aoiseach agus Gaelscoileanna teacht le chéile cúpla lá sa míosa chun Gaeilge a spreagadh i measc ar phobail áitiúla?

Ceann de na príomh-fáthanna ar tháinig athbheochan ar an Ghaeilge ná na Gaelscoileanna. Is muid na Gaeil óga; is muid an ghlúin nua. Agus nuair a bhíonn muid ag teacht le chéile, thig leat draíocht ár dteanga a fheiceáil thart ar na leanaí ar fad agus is féidir an pobal a fhorbairt agus a chothú, cúpla lá sa míosa fiú. Tá an tionchar sin de dhíth orainn agus tá an draíocht sin ag imeacht uainn gan a bheith le chéile. A chairde Gael, tá mé ag labhairt libh anois. Is muid anam ár dteanga. Tá sé de dhíth orainn teacht le chéile mar phobal chun an Ghaeilge a chur i bhfeidhm ar a chéile. Tá sé chomh simplí sin ach an bhfuil an mhaoin againn?

Cad é atá againn nach raibh ag na Gaeilgeoirí romhainn? Is é sin na meáin shóisialta. Cad é a bhfuil níos nua-aimseartha agus níos coitianta do Ghaeil óga ná na meáin shóisialta? Tá an fhianaise againn go bhfuil muid in ann pobal a chruthú ar líne. Smaoinigh faoi na milliúin daoine ag dul i dteagmhail le chéile gach lá tríd na meáin cosúil le TikTok, Facebook, Instagram agus Snapchat. Nuair a bhí Covid ag an phointe is measa, bhí muid uilig ag maireachtáil ar líne chun coinneáil suas chun dáta lenár gcairde agus lenár dteaghlaigh. Bhí pobal againn ansin. Bhí pobal againn tríd na meáin shóisialta. Cé atá le rá nach bhfuil muid in ann sin a bheith againn arís, ach tríd ár dteanga dhúchais? Ní féidir na meáin shóisialta éalú ort dóigh ar bith. Cad é faoi áit a chruthú dúinn ar an Idirlíon, agus níl mé ag caint faoi na cluichí Gaeilge ríomhaire teoranta a thugann na múinteoirí dúinn ar scoil. Tá ardáin Ghaeilge cosúil le Facebook nó TikTok de dhíth chun atmaisféar Gaeilge binn a chruthú. Táimid ábalta sin a dhéanamh.

Tá a lán féidearthachtaí againn i dtaca le pobal nua-aoiseach ach caithfimid na rudaí seo a chur i bhfeidhm. Tá an spreagadh sin ann agus tá na daoine réidh le hobair, me féin san áireamh, ar son ár dteanga a fheiceáil thart orainn sa phobal arís. Ag deireadh an lae, is ann pobal agus muid ag teacht le chéile le troid ar son ár dteanga dúcháis. Is ann an neart sin agus rudaí speisialta a thiocfaidh le teacht dár dtír agus dár dteanga dúchais. B'fhéidir nach bhfuil pobal nua-aoiseach Gaeilge againn go fóill ach is féidir linn sin a bhaint amach. I ndeireadh na dála, is féidir le spark beag tine iontach a chruthú. Go raibh maith agaibh a chairde Ghaeil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.