Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Ms Kayleigh C?ip?ir:

Is mór an onóir dom seasamh os comhair an choiste inniu mar chaptaen Gaeilge Choláiste Mhuire chun labhairt faoin topaic, “An féidir linn pobal Gaeilge nua-aoiseach a chruthú in Éirinn?” Caithfidh mé a rá nár smaoinigh mé riamh ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge dom go dtí gur labhair mé le mo chairde nach bhfreastalaíonn ar Ghaelcholáiste. Cheap siad go raibh sí ródheacair a fhoghlaim agus nach raibh pointe ar bith le teanga ársa a labhairt. Is ansin a thuig mé an phribhléid atá ann a bheith in ann an Ghaeilge a labhairt. Tá an Ghaeilge ag maireachtáil ionainn mar Éireannaigh. Caithfimid pobal Gaeilge láidir a chruthú a mhairfidh go deo sa ré nua-aoiseach seo.

Céard is brí leis an bpobal Gaeilge domsa? Go pearsanta, smaoiním ar gach duine atá sásta an Ghaeilge, ár dteanga ársa dhúchasach, a labhairt, bíodh sin Gaeilgeoirí líofa nó Gaeilgeoirí atá ag baint úsáid as a gcúpla focal, is é sin, Gaeilgeoirí atá sásta “Dia duit” nó “Go raibh maith agat” a rá nuair a bhuaileann tú leo ar an tsráid, fiú muna bhfuil aon Ghaeilge eile acu. Mar a deirtear, is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste. Is iad na Gaeilgeoirí sin atá mar chlocha cora dúinn chun ár bpobal Gaeilge a chur chun cinn.

Táim den bharúil go gcaithfear breathnú siar ar an stair chun féachaint chun tosaigh chuig an bpobal nua-aoiseach. Tá an Ghaeilge mar chuid dár n-oidhreacht mar Éireannaigh. Throid ár sinsir romhainn ar son cearta do lucht labhartha na teanga. Mhair sí go dtí seo trí ghorta, galair, ainneart na Sasanach agus bochtanas. D’éinne a deir go bhfuil sí ag fáil bháis, deirim gur sheas sí an fód go dtí seo trí gach constaic. Mairfidh sí níos faide ná héinne anseo inniu má dhéanaimid ár seacht ndícheall í a chaomhnú.

Ní fhéadfainn labhairt faoi phobal Gaeilge nua-aoiseach gan an teicneolaíocht a lua. Is léir do chách go bhfuil tionchar as cuimse ag an teicneolaíocht agus ag na meáin shóisialta ar an saol nua-aoiseach. Is féidir nasc a dhéanamh go héasca le daoine timpeall na tíre ar na meáin shóisialta. Cén fáth, mar sin, nach n-úsáidimid na meáin shóisialta chun an pobal Gaeilge a neartú? Feictear níos mó agus níos mó daoine ag baint úsáid as a n-ainmneacha trí Ghaeilge ar na meáin shóisialta agus ag roinnt postálacha greannmhara orthu. Má dhéantar cuardach ar #Gaeilge ar Instagram, tá níos mó ná 115,000 postálacha le feiceáil ann. D’fhéadfaimis ar fad níos mó iarracht a dhéanamh chun an Ghaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta. Is féidir linn cuntais Gaeilge a leanúint a chuideodh linn cur lenár stór focal, téacs a deir “Dia duit,” a sheoladh nó ár socruithe teanga a athrú go Gaeilge. Trí ghníomhaíochtaí beaga ar nós iad seo, beidh pobal Gaeilge atá réidh don saol nua-aimseartha á fhorbairt agus á chothú againn.

Caithfidh an Rialtas infheistíocht a dhéanamh i ndaoine óga chun pobal Gaeilge nua-aoiseach a chruthú. Ionas go mbainfidh daoine óga úsáid as an nGaeilge, caithfidh siad na deiseanna atá ann dóibh léi a fheiceáil. Ceapaim nach dtuigeann daltaí meánscoile na deiseanna sin. Ní fhéadfainn seasamh anseo agus a rá gur thuig mé féin na deiseanna a bhí ar fáil dom mar Ghaeilgeoir go dtí i mbliana nuair a thosaigh mé mo thaighde féin. Ba cheart go dtuigfeadh daltaí meánscoile ón gcéad lá na deiseanna atá ann dóibh más féidir leo an Ghaeilge a labhairt. Cén fáth nach ndéantar fógraíocht i dtaca leis na deiseanna seo? Cén fáth nach bhfuil sé mar chuid den chúrsa Gaeilge ar scoil? Dá dtuigfeadh daoine óga na deiseanna iontacha atá ar fáil, ní bheadh drogall orthu í a labhairt. Táimid ag brath ar dhaoine óga chun pobal Gaeilge nua-aoiseach a chruthú. Is iad daoine óga atá i gceannas ar thodhchaí na teanga, ár n-oidhreacht.

Tá an Rialtas tar éis tús a chur leis an bhfeachtas Baile Átha Cliath le Gaeilge agus é ag tabhairt maoinithe do ghnólachtaí sa chathair chun iad a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid ar chomharthaí, shuímh ghréasáin, fhógraíocht agus bhiachláir i gcaiféanna agus i mbialanna. Cé go bhfuil sé iontach go bhfuil an spreagadh seo ann, cén fáth go bhfuil sé seo ag tarlú i mBaile Átha Cliath amháin? Nach bhfuilimid ag iarraidh pobal Gaeilge a chruthú ar fud na tíre? Ba cheart go mbeadh na deiseanna céanna ar fáil i ngach baile in Éirinn d’éinne atá ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt. Tá sé de cheart acu an deis sin a bheith acu mar gur teanga oifigiúil na tíre í.

Cén fáth go bhfuilimid teoranta i dtaca le pobal Gaeilge a chruthú in Éirinn amháin? Más féidir Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh timpeall na cruinne agus más féidir siúl isteach i dteach tábhairne Éireannach aon áit, cén fáth nach féidir linn ár dteanga, atá mar chuid dár gcultúr chomh maith, a leathnú timpeall an domhain? Is é sin an chaoi ina gcinnteoimid an pobal Gaeilge nua-aoiseach.

Mar a dúirt an Piarsach, tír gan teanga, tír gan anam. Is focail iad seo ó fhear a fuair bás ionas go mbeadh saoirse ag muintir na hÉireann ár dteanga ársa dúchasach, atá mar chuid dár bhféiniúlacht, a labhairt. Fúinn féin atá sé, idir óg agus aosta, saoránaigh agus Stát, gach iarracht a dhéanamh chun ár dteanga a chaomhnú don chéad ghlúin eile mar a rinne ár sinsir dúinn. Is sinn an pobal Gaeilge nua-aoiseach. Gabhaim buíochas leis na baill as cluas éisteachta a thabhairt dom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.