Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 18 May 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tuairimí an Aosa Óg: Plé
Mr. Daith? ? Loinsigh:
Is cladhaire mé ó thaobh chúrsaí éiceolaíochta de. Baineadh siar asam nuair a roinneadh topaic an lae inniu liom. An gá domsa, amadán ó thaobh cúrsaí éiceolaíochta de, labhairt os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge an Oireachtais ar feadh cúig nóiméad mar gheall ar an topaic chéanna? Chuaigh mé i gcomhairle le mo chairde, Sorcha agus Bríd, agus leis an Máistreás Uasal Bean D’Altúin, ach baineadh siar asam arís nuair a luaigh siad nach raibh ach pointe nó dhó acu le cur leis an chéad dréacht. Is mná feasach cliste iad agus ní raibh cliú faoin spéir acu faoin éiceolaíocht. Muna raibh cliú acusan, cén t-eolas a bheadh ag gnáthmhuintir an phobail mar gheall ar an bhfocal céanna? Bhí a fhios agam go raibh mo dhóthain taighde os mo chomhair amach.
Ba cheart dom sainmhíniú a dhéanamh ar an bhfocal sin, "éiceolaíocht", ar dtús. Is í an éiceolaíocht an gaol a bhíonn ag neacha beo lena timpeallacht agus lena chéile. Is iad neacha beo na hÉireann na speicis dhúchasacha, mar shampla na fianna agus na hioraí rua. Is í an timpeallacht rud a bhaineann leis na gnáthóga dúchais ar nós na bportach móna agus na gcoill. Ba mhaith liom labhairt faoi thodhchaí éiceolaíochta na hÉireann, má tá a leithéid ann. Tá laghdú de 46% tagtha ar ghnáthóga na tíre ó 2007 agus tá 20% dár speicis éin ar an liosta dearg. Caithfimid ár meon i leith na gcréatúr beag agus ár nádúr a athrú le cloí le spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaineann le ceartas, cosaint agus cothromaíocht na timpeallachta. I dtosach báire, ní mór dúinn tuiscint ar an éiceolaíocht a chur i mbéal an phobail. Bheadh ciall le feachtas margaíochta náisiúnta a ndéanfadh sainmhíniú simplí ar théarmaí ar nós "bia-eangaigh" "órgánaigh bheo" agus "an fiadhúlra". Chomh maith leis sin, agus ó thaobh an oideachais de, ba cheart daoine óga a mhúnlú le tuiscint acu ar an mbithéagsúlacht. Ciallaíonn sé sin cur chuige ina ndéantar an éiceolaíocht a chlúdach go sonrach ar chúrsa na hardteistiméireachta, ar chúrsa na sraithe sóisearaí agus sa bhunscoil. Ní ualach do dhuine ar bith é foghlaim mar gheall ar na gnéithe timpeallachta a dhéanann Éire uathúil.
Caithfimid a thuiscint freisin nach bhfuil sé furasta ar dhaoine a saol a thiontú go hiomlán le bonn socair a chur faoi thodhchaí na héiceolaíochta. Is maith an rud é go bhfuil ceantair thréigthe uirbeacha á n-athdhúlrú ach beidh lucht comónta ann i gcónaí a mhothaíonn gur cur amú ama atá ann. Caithfimid freastal ar mhianta orgánach beo ach níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh gur orgánaigh bheo iad daoine daonna freisin. Ba chóir dúinn béim a chur ar ghníomhartha agus tionscnaimh fhorbartha a shásaíonn mianta an phobail agus mianta na neacha beo ag an am céanna. Is féidir linn an dá thrá a fhreastal.
Roinn Peter de Barra, saineolaí éiceolaíochta áitiúil, scéal ríshuimiúil liom mar gheall ar an streachailt a bhí aige an chothromaíocht sin a bhaint amach. Bhí air idirbheartaíocht a dhéanamh ar son cearta an speiceas cromán na gcearc, the hen harrier, i gContae Chiarraí. Bhí siad á mharú diaidh ar ndiaidh toisc na muilte gaoithe nua a bhí á mbunú ina ngnáthóg. Bhain sé úsáid as staitisticí agus taighde sonrach agus sásaíodh mianta an dá thaobh. Tá líon cromán na gcearc ardaithe arís agus tá na muilte gaoithe ag giniúint fuinneamh inbhuanaithe do mhuintir an phobail.
Tá ceacht le foghlaim anseo. Ní mór do bhaill an choiste, mar pholaiteoirí, dul i mbun comhairle na saineolaithe cuí, iad siúd atá tar éis staidéar sonrach a dhéanamh ar na topaicí seo le blianta fada anuas. Tuigeann siadsan gur ceart gníomhartha ar nós an fheachtais mhargaíochta, ar nós tionscnamh inbhuanaithe agus ar nós na mbealaí glaise i gContae Chiarraí a reáchtáil láithreach. Tuigeann siad gur cheart tionscadail inbhuanaithe a chur le chéile agus gur cheart na gníomhartha seo a chur ar bun le croí fiáin na hÉireann a choimeád fiáin do na glúine úra a thiocfaidh inár ndiaidh. Gabhaim buíochas leis na baill go léir. Táim sásta ceist ar bith a fhreagairt.
No comments