Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Ms Ciara N? Duinnshl?ibhe:

Táimid anseo inniu chun ár dtuairimí a roinnt leis an gcoiste maidir leis na hathruithe atá de dhíth orainn sa mhargadh fostaíochta i ndiaidh na paindéime coróinvíris. Gabhaim féin agus mo chomhscoláirí, Ríona Ní Mhainín agus Katie Ní Shúilleabháin, buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcomhchoiste as cuireadh a thabhairt dúinn a bheith anseo inniu.

Ón mbliain 2020, nuair a thosaigh an phaindéim, tá obair na gcapall curtha isteach ag altraí ar fud fad na tíre ag coinneáil ár n-ospidéil oscailte cé go raibh an oiread brú agus strus orthu an t-am ar fad agus go raibh siad curtha i mbaol. Ní bhraithimid, scoláirí dara leibhéal, go bhfuair na haltraí seo aitheantas ceart don obair atá déanta acu agus atá á déanamh acu faoi láthair ná go bhfuil an t-aitheantas seo á fháil acu anois. Tar éis ceithre bliana nó níos mó á gcaitheamh i mbun staidéar ar a ngairm, níl pá réasúnta a shaothrú acu dóibh féin.

De réir fhigiúirí Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann, is €31,109 scála tosaithe pá d'altraí. Má bhreathnaímid ar scála pá siopaí leithéidí Lidl nó Penneys, feicimid go bhfuil a gcuid oibrithe ag saothrú beagnach an méid céanna airgid in aghaidh na bliana agus atá á saothrú ag altraí a bhfuil céim bainte amach acu. Tá fostaithe i Lidl ag saothrú €26,000 sa bhliain gan aon cháilíocht riachtanach. Ní i ndiaidh ar fhostaithe na miondíoltóirí atáim ach sílim go bhfuil sé seo mífhéaráilte ar lucht léinn atá i bhfiacha tar éis dóibh ceithre nó cúig bliana a chaitheamh ar an gcoláiste agus gan luach saothair níos fearr a bheith i ndán dóibh. Tá freagracht as cuimse ar altraí agus iad ag déileáil le hothair, cógais leighis agus obair riaracháin. Níl an tuarastal ag teacht leis an dualgas in aon chor. Chonaic muid an raic a tharraing an liúntas €100 suarach a raibh caint ar é a thabhairt d'altraí faoi oiliúint a bhí i mbun dualgais in ospidéil le linn na paindéime.

Is scoláire mé atá ag iarraidh tabhairt faoin altranas ach, i ndáiríre, níl aon dreasacht ann domsa, tar éis ceithre nó cúig bliana a chaitheamh ag staidéar, gan trácht ar tháillí ollscoile, costais mhaireachtála atá ag ardú de shíor, an ráta boilscithe anseo in Éirinn a bheith ag an ráta is airde a chonacthas le os cionn 20 bliain ag 6.7% chomh maith le heaspa tithíochta agus costais ollmhóra cíosa i nGaillimh nach bhfuil rochtain ar chuile scoláire orthu, a bheith ag saothrú an oiread sin pá. Nárbh fhearr go mór dom a bheith ag crochadh mo chuid seolta agus ag dul thar lear ar nós an 90% eile a bhíonn earcaithe ag seirbhísí sláinte ar fud na cruinne? Nach é go bhfuil muid ag cur oiliúint ar dhaoine óga le hiad a dhíbirt amach as an tír?

Cá bhfágann sé sin córas sláinte na hÉireann? Tá an imirce ag ardú, na Gaeltachtaí ag bánú, scoileanna ag dúnadh agus líon na gcainteoirí dúchasacha óga ag laghdú dá bharr. Nach mór an díol trua é gurb é seanóirí na gceantar tuaithe atá fágtha in áit na leathphingine in áras seandaoine nach bhfuil Béarla briste féin ag roinnt de na fostaithe iontu, ní hamháin Gaeilge.

Cloistear ar an nuacht, beagnach gach dara seachtain, go bhfuil ganntanas altraí in ospidéal i ngach cearn den tír, go bhfuil na haonaid éigeandála ag dul thar moill, go bhfuil na céadta ar thralaithe gach uile thráthnóna agus go bhfuil liostaí feithimh ann chomh fada chomh fada le ráithe an earraigh. Cén fáth, mar sin, go bhfuil mo leithéid anseo inniu ag déanamh achainí ar an gcoiste ag iarraidh cothromaíochta níos fearr a bhaint amach dóibh siúd ar spéis leo tabhairt faoin ngairm seo sa todhchaí? Tá sé thar am infheistíocht a dhéanamh sa chéad ghlúin eile, roghanna a thabhairt do lucht léinn na Gaeilge, spreagadh a thabhairt, coinníollacha oibre níos fearr a thairiscint, meas a léiriú ar chéimithe agus an stádas a thabhairt atá toillte go maith acu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.