Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 May 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tuairimí an Aosa Óg: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Leanfaidh an cruinniú ar aghaidh, i dhá seisiún, go dtí 6 p.m., más gá. Beidh sos 15 nóiméad idir an dá seisiún. Níl leithscéal ar bith faighte againn ó chomhaltaí. Cuirim fearadh na fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon chomhaltaí eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú seo agus tabharfaimid deis dóibh labhairt chomh maith más féidir linn, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os comhair an chruinnithe inniu agus, dar ndóigh, roimh lucht féachana sheirbhís teilifíse an Oireachtais.

Is iad na finnéithe atáim ag cur fáilte rompu don chéad seisiún ná Aoife Carragher, Ciar Mackin agus Poipin Murphy, atá mar ionadaithe thar cheann Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg, Caisleán Uidhilín i gContae an Dúin. Cuirim fáilte chomh maith roimh Kayleigh Cúipéir, Caitlín de Buitléir agus Darragh Kidd, atá mar ionadaithe thar ceann Choláiste Mhuire, Cabrach, Baile Átha Cliath 7. Cuirim fáilte chomh maith roimh Ciara Ní Dhuinnshléibhe, Ríona Ní Mhainín agus Katie Ní Shúilleabháin, atá anseo mar ionadaithe thar ceann Choláiste na bPiarsach, Ros Muc, Contae na Gaillimhe. Cuirim fáilte chomh maith roimh: Bríd Nic Gearailt; Sorcha Ní Dhonnchú; agus Daithí Ó Loinsigh, atá anseo mar ionadaithe thar ceann Ghaelcholáiste Chiarraí, i dTrá Lí, Contae Ciarraí. Gabhaim buíochas leo as teacht anseo chun cúnamh a thabhairt dúinn san ábhar atá á phlé againn. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4, laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú inniu. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil i seomra an choiste, mar atá déanta ag roinnt de na comhaltaí, nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a ndéantar é sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá siad ag freastal óna n-oifigí, is gá do chomhaltaí a micreafóin a mhúchadh nuair nach bhfuil siad ag caint. Ba chóir go mbeidh an fhíseáin ar siúl an t-am go léir agus iad le feiceáil ar an scáileán nuair atá siad ag labhairt. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin ach níl aon fhinnéithe ag teacht isteach linn go fíorúil inniu. Ba chóir dúinn atá sa seomra seo a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuilimid ag caint freisin.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe braith ar an gcosaint agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim do na finnéithe, a bhfuil formhór acu ag freastal ó taobh amuigh, a bheith cúramach den fhianaise atá á tabhairt acu. Má ordaíonn an chomhchoiste dóibh éirí as an bhfianaise sin, tá sé tábhachtach go ndéanfadh siad sin láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas.

Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach, má eisítear é.

Anois, tá an palaver ar fad déanta agam. Tá triúr comhalta ag teacht isteach go fíorúil. Is iad sin na Teachtaí O'Dowd, Ó Muimhneacháin agus Calleary. Tá an triúr eile anseo os ár gcomhair. Is iad sin na Teachtaí Connolly agus Daly agus an Seanadóir Ó Donnghaile. B'fhéidir go rachaidh daoine isteach nó amach agus muid ag caint toisc go bhfuil obair eile ar siúl acu. B'fhéidir go mbeidh Teachtaí ó cheantair na scoláirí féin ag teacht isteach. Tá cead acu é sin a dhéanamh agus tá cead acu ceisteanna a chúr nuair a ghlaoim orthu.

Tá an chéad chuid den obair anois déanta agam. Táimid ag breathnú ar trí ábhar inniu: todhchaí éiceolaíochta na hÉireann, post Gaeilge nua-aimseartha a chruthú in Éirinn, agus athruithe sa mhargadh fostaíochta i ndiaidh na paindéime coróinvíris agus cad atá de dhíth ar an chéad ghlúin eile. Tógfaimid na hábhair éagsúla ceann ar cheann agus ar leith. Ní bheidh cead ag comhaltaí ach ceist amháin a chur ar gach aon ábhar toisc go bhfuil an clár chomh lán. Beidh deis níos déanaí níos mó ceisteanna a chur. Tógfaimid an chéad ábhar anois, is é sin, todhchaí éiceolaíochta na hÉireann. Éistfimid leis na finnéithe a roghnaigh an t-ábhar seo. Glaofaidh mé ar Ghaelcholáiste Chiarraí ar dtús. Tá trí ábhar ann. Rachaimid trí gach uile choláiste, cuirfear na ceisteanna agus ansin tiocfaimid ar ais. Is féidir le finnéithe a gcuid masc a bhaint díobh fad atá siad ag caint. Is féidir leo fanacht ina suí más mian leo agus má tá sé sin níos compordaí. Tiocfaidh an mic ar siúl go huathoibríoch. Is féidir leo na maisc a chur orthu arís nuair atá siad críochnaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.