Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Antóin Ó Trinlúin:

Tagraím do dhaoine a mhealladh le scríobh don iris. Bhí orainn an-chuid fógraíochta a dhéanamh agus bhíomar ar na meáin gach aon lá, Instagram, Twitter agus a leithéid san áireamh, agus d'oibrigh sé sin. Tháinig an-chuid daoine gan iad a lorg agus bhí sin go hiontach. Chuaigh mé go roinn na nua-Ghaeilge san ollscoil. Táimse i m'oifigeach oideachais ar an gcomhlacht; mar sin, tá caidreamh maith agam leis an roinn istigh ann. Chuaigh mé chuig rúnaí na roinne agus bhí sí in ann an scéal a scaipeadh chuig gach aon mac léinn atá ag tabhairt faoin nGaolainn. Bhí sé sin go hiontach agus d'oscail sin an doras do gach aon mac léinn i ngach cúrsa Gaolainne san ollscoil. É sin ráite, ba bhreá liom dá mbeimis in ann é sin a dhéanamh do gach mac agus iníon léinn sa choláiste mar ní raibh fonn orainn díriú isteach ar na mic léinn Gaolainne amháin. Níl an córas in ann é sin a dhéanamh faoi láthair; mar sin, ba bhreá liom é sin a fheiscint. Dá mbeadh córas de shaghas éicint go bhféadfadh foilseacháin agus lucht foilsitheoireachta dul chuig na hollscoileanna agus na rudaí seo a fhógairt ag gach éinne, bheadh sé sin go hiontach. Chomh maith leis sin, chuamar chuig daoine ar leith agus rinneamar sórt coimisiúnú ar roinnt daoine. Uaireanta bhí ábhar ar leith againn. Mar shampla bhí cara liom agus chuaigh mé chuige agus d'iarr mé air rud éicint a scríobh faoin gceol agus phioc sé topaic laistigh den gceol. I roinnt cásanna bíonn sórt teidil againn. Mar shampla, chuamar chuig Darragh le labhairt faoi chás an Aontais Eorpaigh, faoin nGaolainn agus faoi stádas na Gaolainne sa tír seo. D'oibrigh sé sin chomh maith agus chinntigh sé go mbeadh ábhair ar leith san iris agus nach mbeadh gach éinne ag scríobh faoin aon rud amháin.

Bheadh sé go hiontach dá mbeimis in ann daoine ós na meáin a mhealladh isteach go dtí na hollscoile níos minice. I mo ról mar oifigeach oideachais d'eagraigh mé ceardlann fostaíochta agus bíonn sé sin ar siúl gach bliain san ollscoil. Bhí Eoin Ó Catháin, tuairisceoir polaitíochta ar Raidió na Gaeltachta, againn agus bhí duine nó beirt ó TG4 againn chomh maith. Bhí sin go hiontach mar léirigh sé do na mic léinn gur féidir slí bheatha a bhaint amach laistigh de na meáin trí mheán na Gaolainne. Bheadh sé go hiontach dá bhféadfadh muid daoine ó na meáin a mhealladh isteach níos minice agus d'oibreoidh sé sin.

Tagraím don cheist an bhfanfaidh daoine leis an iriseoireacht. Tá súil agam go bhfanfaidh. Ag féachaint siar ar eagrán na bliana seo caite, tá an-chuid daoine a scríobh rud éicint an bhliain seo caite agus scríobh siad rud éicint an bhliain seo chomh maith. Fiú ligeamar do dhaoine a raibh díreach imithe ón gcoláiste a bhí ag tabhairt faoi mháistreacht in ollscoil eile nó i dtír eile rud éigin a scríobh d'eagrán na bliana seo. Bhí sé deas an turas sin a fheiscint ó eagrán na bliana seo caite go dtí eagrán na bliana seo, go háirithe toisc go raibh an t-eagrán seo i gcló. Tá súil agam mar sin go leanfaidh daoine ar aghaidh, ach go háirithe toisc go raibh an seoladh againn ar an gcampas i mbliana. Chonaic gach éinne cé chomh rathúil is a bhí sé agus tá súil agam go meallfaidh sé sin daoine thar n-ais chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.