Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 13 April 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)
Mr. Micheál Ó Conghaile:
Tá cúpla pointe ghinearálta agam. Is ag plé le foilsitheoireacht leabhair a bhíonn mise agus déanaim amach go bhfuil 2,500 nó 3,000 leabhair Ghaeilge nó dhátheangach i gcló ag aon am amháin. Sin leabhair do gach aoisghrúpa agus is mór an méid é sin. Tagann 130 nó 150 leabhair amach chuile bhliain agus iad ar chaighdeán an-ard don chuid is mó. An laige is mó atá ann áfach ná cúrsaí dáileacháin. Mar shampla, shiúl mise isteach i siopa Eason, príomhshiopa leabhair ar phríomhshráid phríomhchathair na tíre agus níl aon rannóg ann do leabhair Ghaeilge do dhaoine fásta ar chor ar bith. Dúirt an bhean ann liom go bhfuil leabhair thíos staighre d'fhoghlaimeoirí agus don scoil. Ní shin a bhí uaim, áfach; bhí leabhair do dhaoine fásta uaim agus sin an fhadhb.
Is é Áis a dhéanann dáileacháin ar na leabhair Ghaeilge agus teastaíonn tacaíocht uaidh. Tá tuairim ann nach bhfuil ach b'fhéidir duine amháin ar an mbóthar aige ag dul thart na siopaí. An gníomh is mó a fheiceann sé a d'fhéadfadh tarlú a dhéanfadh leas do chuile dhuine ná beirt nó triúr eile a bheith fostaithe ag Áis chun dul ar an mbóthar thart ar na siopaí. Chuideodh sin go mór leis an bhfeiceálacht a theastaíonn ó na leabhair, mar a dúirt an tOllamh Titley. Chuideodh sé leis na foilsitheoirí atá ag foilsiú na leabhair, chuideodh sé leis na scríbhneoirí atá ag scríobh i nGaeilge, chuideodh sé leis na hirisí nach bhfaigheann spás sna siopaí leabhair agus ar ndóigh chuideodh sé leis na léitheoirí agus iad ag cuardach leabhair Ghaeilge. Tá géarghá le gníomh mór éicint a dhéanamh a chuideodh leis na leabhair a chur isteach sna siopaí. Tá sé mall; caithfear aithne a chur ar na siopadóirí agus ar cé atá ag ceannach na leabhair. Le blianta beaga anuas, ceann de na fadhbanna i gcás soláthraithe mar shampla nó go mb'fhéidir gur duine éicint Sasanach nó duine éicint eile a bheadh ag cur isteach na n-orduithe. B'fhéidir nach duine áitiúil a chuireann na horduithe isteach agus déanann sé sin níos casta é. Chuala mé na foilsitheoirí Béarla ag gearán faoi sin. Sin an rud is mó a d'aithin mé a chuideodh dá bhféadfaí é a leigheas. Thógfadh sé sin am agus caithfear aithne a chur ar na daoine atá ag obair sna siopaí. Caithfear dul ar ais acu go rialta, gach mí nó gach sé seachtaine. Ag an am céanna, theastódh fógraíocht a dhéanamh ar na siopaí atá sásta leabhair Ghaeilge a chur ar fáil. Ba cheart go n-insítear do na léitheoirí dul go dtí an siopa seo nó an siopa sin i gContae na Gaillimhe, i gContae Chiarraí nó i cibé contae. Mheallfadh sé sin isteach daoine.
Luaim rud eile a bhíodh ag tarlú - nílim cinnte an sa bhFionlainn nó sa Danmhairg a bhíodh sé - ach bhí córas ann nuair a thiocfadh leabhar nua amach go gceannódh an Stát 500 cóip de gach ceann acu agus thabharfaí do na leabharlainne iad ar fud na tíre lena chinntiú go mbeadh na leabhair sna leabharlainne. Smaoineamh iontach a bheadh ann dá mbeadh rannóg Stát éicint sásta socrú mar sin a dhéanamh. Bheadh sé go maith dá bhféadfadh sé a laghad b'fhéidir 100 leabhar sa bhliain a roghnú agus 500 cóip nó fiú amháin 300 cóip a cheannach agus iad a chur isteach sna leabharlanna. Is mór an difríocht a dhéanfadh sé sin do na foilsitheoirí. Tá géarghá le leithéidi Áis agus díoltóirí a bheith in ann dul isteach ar na leabharlanna agus a thaispeáint dóibh go bhfuil leabhair nua Gaeilge ann agus nach bhfuil siad ar na seilfeanna acu.
No comments