Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Professor Alan Titley:

Dírím ar an gceist a chuir an Teachta Aindrias Moynihan mar gheall ar leathnú nó poiblíocht agus is scéal mór fairsing é seo ar fad. Bhíomar ag caint ar phobal na Gaeilge ach tá níos mó ná pobal na Gaeilge amháin ann; tá scata de phobail Gaeilge ann. Tá daoine go bhfuil Gaeilge den scoth acu; lucht Gaeltachta; agus daoine a chaitheann cuid mhaith dá saol trí Ghaeilge. Ach tá daoine eile amuigh agus níl siad mórán ar an imeall, mar shampla siúd a d'fhoghlaim Gaeilge go maith ar scoil nó ar an ollscoil. Cé mhéad duine a dhéanann na hardteistiméireachta gach bliain agus a fhaigheann ard-onóracha? Tá na céadta ann, mura bhfuil na mílte ann. Tá daoine ann a dhéanann an Ghaeilge sna hollscoileanna go dtí an leibhéal is airde. Cé mhéad díbh sin a leanann orthu ag léamh leabhair Gaeilge nó a fhanann sáite in aon rud a bhaineann le Gaeilge? Baineann an rud céanna le Béarla. Ní hé gach duine a dhéanann céim sa Bhéarla a léann leabhair i mBéarla ach an oiread. Is féidir sin a phlé ar leibhéal eile ar fad ach tá an pobal sin ann dá mbeadh a fhios acu go bhfuil leabhair Gaeilge ar fáil.

Ní ag caint thar cheann The Irish Timesatá mé ach lochtóinn The Irish Timesgo mór nach ndéantar aon léirmheas ar leabhair Ghaeilge. Táim deimhneach nach dtarlaíonn sé san Irish Examinernó san Irish Independent. Seo sciar mór de shaol na hÉireann atá ligthe ar leataobh. B'fhéidir nach d'aon ghnó é, cé gur d'aon ghnó é ar shlí eile, ach tá ceann aineolais i gceist. Má tá aineolas orthu beidh aineolas ar na léitheoirí chomh maith. Níl sé soiléir domsa cén réiteach atá air seachas go n-iarrfaí go neamhbhalbh agus go hoscailte orthu, agus b'fhéidir go bhféadfadh Teachtaí Dála agus Seanadóirí é sin a dhéanamh má tá siad ag caint le heagarthóirí, cén fáth nach ndéanann siad léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge. Leabhair den scoth a bhíonn i gceist le cuid acu. Déarfainnse le tonn ghrinn nuair a bhíodh agallamh ar dhaoine mar gheall ar tríú rún Fatima, dá nochtfaí an tríú rún Fatima i nGaeilge ní bheadh aon trácht uirthi beag ná mór.

Tá rudaí praiticiúla a bhaineann le poiblíocht chomh maith. Tá saol na hÉireann lán d'fhéilte litríochta difriúla agus bíonn siad ar siúl sa samhradh go háirithe. Arís ní dóigh liom gur d'aon ghnó é ach is annamh go mbíonn aon chaint ar an nGaeilge sna féilte litríochta sin, fiú amháin go dhátheangach. Ba bhreá liom dá mbeadh ceangal éigin ar dhaoine -agus ní maith liom an focal "deontas" a úsáid - ach go mbeadh ceangal éigin orthu sara bhfaighidís aon bhreis airgid nó tacaíochta ó chomhlacht Stáit nó ó chomhairle contae ar bith go gcaithfeadh siad míreanna Gaeilge a bheith acu sna féilte litríochta seo. Cé mhéad uair gur chuala éinne le 50 bliain anuas gur cuireadh agallamh ar scríbhneoir nó ar foilsitheoir Gaeilge ar "The Late Late Show", ar "Claire Byrne Live" nó ar aon cheann de na cláir sin go n-éistíonn na céadta mílte leo? Bheadh washed-up film star Meiriceánach le leabhar éigin á reic aige agus bheadh sin ar siúl ar "The Late Late Show", ba chuma cad é. Tá poll mór ansin le líonadh. Is é pobal na Gaeilge an dlúthphobal, agus nílim ag rá gur féidir leo aire a thabhairt dóibh féin, ach tá siad níos fearr as ná mar a bhíodh le fada an lá go bhfios domsa. Tá ábhair ann agus ba cheart go dtabharfaí an tacaíocht bhreise seo dóibh. Níor cheart go mbeadh leithscéal ann agus go mbeadh siad ag dul ar an dá ghlúin ag lorg airgid an t-am ar fad.

Ba cheart go mbeadh sé sin ann ipso facto. Is iad na daoine eile seo na daoine gur féidir iad a tharraingt isteach. Tharla sé anois is arís nuair a tugadh ard-phoiblíocht do leabhar. Ní gá dul siar go dtí Breandán Ó hEithir tamall maith de bhlianta ó shin ann toisc go raibh aithne air mar fhear teilifíse agus mar iriseoir. Bhí an leabhar s'aige ar an leabhar ba mhó éilimh ar feadh seachtaine nó coicíse in Éirinn agus leabhar Gaeilge a raibh ann. Nílim ag rá go bhféadfadh sin tarlú go ró-mhinic ach d'fhéadfadh sé tarlú ach a fhios a bheith ag daoine go bhfuil a leithéid ann.

Aon uair go mbíonn craobh na hÉireann ar siúl nó go mbíonn caint ar an gCumann Lúthchleas Gael - agus bíonn caint air thar aon eagraíocht eile sa tír - má tá iriseoir ag scríobh mar gheall ar stair na hiomána féacaimse i gcónaí an bhfuil aon lua aige ar leabhar mór Liam P. Ó Caithnia, Scéal na hIomána, leabhar míle leathanach mar gheall ar chúrsaí iomána, an leabhar is sainiúla ar spórt in Éirinn dár scríobhadh riamh. Ní bhíonn aon chaint faoi. Dá bhrí sin, an poll is mó atá le líonadh ná an cailleadh atá le ris nó le briseadh ná bearna mhór an chiúnais maidir le litríocht na Gaeilge do dhaoine go bhfuil Gaeilge acu ach nach eol dóibh go bhfuil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.