Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 13 April 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Cathal Goan:

Tacaím leis an bpointe sin faoi gan dream amháin a bheith ag iarraidh sciar den chiste a ghoideadh ó dhaoine eile. Mar a dúirt an tAthair Mac Brádaigh, bhí Foras na Gaeilge ag soláthar €800,000 sa bhliain do na meáin scríofa suas go dtí cúig bliana ó shin agus gearradh sin anuas go dtí €500,000. Taobh istigh den €500,000 bhí Comharag fáil €120,000 ach ó a bhí anuraidh ann tá sin gearrtha anuas go dtí €80,000 mar go bhfuil cuid bhreise den airgead sin á thabhairt do tuairisc.ieagus do Nós. Ní ag iarraidh gearán a dhéanamh faoi na dreamanna sin atáimid. Táimid ag déanamh a mhalairt. Is é an dearcadh atá againne, mar a dúirt an tAthair Mac Brádaigh, ná gur chóir go mbeadh an ciste sin méadaithe in áit a bheith ag cur grúpaí in aghaidh a chéile. Sin an rud atá ag tarlú anseo. Mar atá ráite againn san aighneacht a chuireamar chuig an choiste, táimid ag iarraidh gríosú a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge tuilleadh airgid a chur ar fáil. Ba chóir don chomhchoiste seo a mhachnamh a dhéanamh faoi sin.

Bhí ceist eile ag an Teachta faoi conas a thagaimid ar scríbhneoirí. Is iriseoirí seanbhunaithe agus daoine aitheanta iad cuid mhaith de na daoine a bhíonn ag scríobh le haghaidh Comhar. Tá sé níos fusa teacht ar lucht chritice ná ar daoine atá sásta tabhairt faoi chúrsaí reatha. Ní thuigim cén fáth gur amhlaidh an scéal ach déarfainn go mbeadh Seán Tadhg Ó Gairbhí agus daoine eile a bhíonn ag plé leis na meáin scríofa ag tacú leis an phointe seo. Níl an oiread sin daoine atá ag dul go gairmiúil don iriseoireacht Gaeilge a bhíonn ar fáil le bheith ag scríobh dúinne ó thaobh cúrsaí reatha de. Mar a deirim, tá an lucht léinn fíorshásta a bheith ag scríobh faoinár chritice, léirmheastóireachta agus ábhair cruthaitheacha ach nuair is anailís nuachta agus cúrsaí reatha atá i gceist, níl an oiread sin daoine thart. Táimid an-bhuíoch díbh sin a bhíonn ag cur ábhair ar fáil agus is maith liom a shamhlú gur ábhair ar ardchaighdeán a bhíonn i gceist leis sin, ach ní dream ró-líonmhar iad na daoine atá sásta na hoibre sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.