Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Mr. Micheál Ó Cearúil:

Gabhaim buíochas leis an Aire. Ag dul ar aghaidh dúinn anois go ceist an ardaithe chéime chuig sáirsint agus cigire, tá arduithe céime chuig céimeanna sáirsint agus cigire sa Gharda Síochána faoi rialú ag Rialacháin an Gharda Síochána (Ceapachán chuig Céimeanna Cigire agus Sáirsint), 2021, anois. Ba ón mbliain 2006 do na rialacháin a bhí ann roimhe sin. Is bunathrú atá sna rialacháin nua trína fhoráil go ndéanfar comórtais ardaithe céime chuig céimeanna maoirseachta sáirsint agus cigire, a ndéanadh an Garda Síochána iad a bhainistiú go hinmheánach roimhe seo, a reáchtáil den chéad uair i mbliana faoi chúram na seirbhíse neamhspleáiche um cheapacháin phoiblí.

Sula raibh ann do na rialacháin sin, áiríodh sna critéir incháilitheachta chun dul san iomaíocht chun ardú céime a fháil chuig céim sháirsint go mbeadh iarrthóirí tar éis pas a fháil i dtástáil inniúlachta sa Ghaeilge. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin le Coimisinéir an Gharda Síochána agus leis an Údarás Póilíneachta le linn na rialacháin nua a bheith á ndréachtú, nótáladh go n-áirítear sainriachtanais sa chlár bonnoiliúna go ndéanfadh earcaigh an Ghaeilge a fhoghlaim agus go ndéanfaidís a gcumas agus a n-inniúlacht sa Ghaeilge a léiriú. Ceanglaítear ar gach earcach chuig an nGarda Síochána an oiliúint sin a chur i gcrích, ar cuid í den chlár BA sa phóilíneacht fheidhmeach. Comhaontaíodh sna comhairliúcháin sin nach raibh gá le riachtanas go mbeadh tástáil inniúlachta bhreise ar leith ann chun go mbeadh iarratasóirí incháilithe chun ardú céime a fháil. Tá sé seo ag teacht, chomh maith, le dea-chleachtas maidir le comórtais ardaithe céime eile sa tseirbhís phoiblí trí chéile chun a chinntiú go ndéanann an bhuíon iarrthóirí is ilghnéithí agus is féidir iarratas ar dheiseanna ardaithe céime.

Ag dul ar aghaidh dúinn anois go dtí an cheist dheireadh, a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge sa Roinn agus i gcomhlachtaí lasmuigh den Roinn, tá comhlachtaí atá lasmuigh den Roinn neamhspleách ag feidhmiú a gcuid feidhmeanna dóibh, lena n-áirítear cur chun cinn na Gaeilge i measc a bhfoirne féin. Tá a scéimeanna Gaeilge féin ag comhlachtaí aonair faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.

Agus é sin ráite, comhoibrímid le chéile go minic ar imeachtaí chun an Ghaeilge a cheiliúradh. Mar shampla, níos luaithe sa mhí seo, bhí aitheasc dátheangach ó Frank Clarke, a chuaigh ar scor mar Phríomh-Bhreitheamh le déanaí, mar aon le taispeántas fíorúil de bhreis is 40 saothar ealaíne agus cheardaíochta le daoine faoi choimeád, is é sin, príosúnaigh, le tráchtaireacht dhátheangach, mar chuid d’imeacht na Roinne chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge. Tá an t-imeacht a reáchtálann an Roinn chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge tar éis fás i gcaitheamh na mblianta agus tá sé anois ina mhórimeacht bliantúil sa Roinn chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a cheiliúradh i measc na foirne. Is imeacht é ar a bhfreastalaíonn go leor ball foirne.

Is maith is eol do mo Roinn a cuid dualgas faoina scéim Ghaeilge agus coinnítear an scéim faoi athbhreithniú leanúnach chun a chinntiú go gcuirimid seirbhísí i nGaeilge ar fáil do dhaoine a bhfuil siad ag teastáil uathu. Ó tugadh isteach a céad scéim Ghaeilge, tá an Roinn tar éis 23 chúrsa inmheánacha Gaeilge a reáchtáil inár n-oifigí i mBaile Átha Cliath agus i gCill Airne araon, ar chúrsaí iad a cóiríodh d’oifigigh na Roinne agus a bhain le labhairt agus le scríobh na Gaeilge araon. Ina theannta sin, tugann mo Roinn tacaíocht do bhaill fhoirne chun freastal ar chúrsaí Gaeilge, idir chúrsaí seachtracha agus chúrsaí ar líne. Anuraidh, le linn na dianghlasála, bhunaigh mo Roinn ciorcal comhrá Gaeilge ar líne agus tagann lucht an chiorcail comhrá sin le chéile i gcónaí.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste. Tá an tAire ar fáil chun aon cheisteanna a fhreagairt a bheidh ag baill anois. Tá aiféala orainn go mbeidh orainn na ceisteanna sin a fhreagairt as Béarla, áfach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.