Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 30 March 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
An tAire Dlí agus Cirt: Plé.
Helen McEntee (Meath East, Fine Gael) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis chun labhairt leis inniu maidir leis na riachtanais Ghaeilge laistigh den Gharda Síochána agus maidir le cur chun cinn na Gaeilge i mo Roinn féin. In éindí liom anseo inniu, as mo Roinn, tá Doncha Ó Súilleabháin, rúnaí cúnta; Mary McKenna, príomhoifigeach; agus Micheál Ó Cearúil, aistritheoir Gaeilge na Roinne.
Is eol dom go bhfuair an comhchoiste faisnéis ón nGarda Síochána, ón Údarás Póilíneachta agus ó m’oifigigh ar roinnt de na saincheisteanna sin i mí Feabhra. Inniu, tabharfaidh mé an t-eolas is déanaí don choiste ar roinnt saincheisteanna a pléadh ag an gcruinniú sin a bhí aige roimhe seo.
Maidir le hearcaíocht chuig an nGarda Síochána, bhí an comórtas earcaíochta a bhí ann ar na mallaibh i gcomhair comhaltaí den Gharda Síochána faoi rialú ag Rialacháin an Gharda Síochána (Ligean Isteach agus Ceapacháin), 2021. Is rialacháin iad sin a thugas isteach, tar éis don Rialtas iad a fhormheas, i mí na Nollag 2021. Leis na rialacháin sin, tugtar isteach roinnt athruithe ar Rialacháin an Gharda Síochána (Ligean Isteach agus Ceapacháin), 2013. Ceann de na hathruithe sin ná deireadh a chur leis an riachtanas go mbeadh inniúlacht in dhá theanga ag iarratasóirí. Bhíothas tar éis a aithint go bhféadfadh an riachtanas maidir leis an dá theanga a bheith ina bhac ar dhul isteach sa Gharda, nó ar iarratais ar dhul isteach ann, ó roinnt grúpaí daoine agus, dá dheasca sin, go bhféadfadh sé bheith ina bhac ar an eagraíocht a bheith ina léiriú iomlán ar an bpobal éagsúil dá bhfónann sí. Tá an-áthas orm a dhearbhú don choiste go bhfuil os cionn 10,000 iarratasóir tar éis iarratas a dhéanamh faoin gcomórtas seo chun dul isteach sa Gharda Síochána agus go bhfuil 466 iarratasóir de na hiarratasóirí sin tar éis iarratas a dhéanamh faoin sruth Gaeilge. Tá sé sin cuid mhaith níos airde ná an 132 duine a rinne iarratas faoin sruth Gaeilge nuair a reáchtáladh an comórtas deireanach sa bhliain 2019. Iarrfaidh mé ar Mhicheál Ó Cearúil anois an chuid eile den aitheasc atá agam a léamh amach.
No comments