Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceathrar comhaltaí i láthair agus, Teachtaí Dála agus Seanadóirí san áireamh, agus cuirfimid tús leis an gcruinniú, dá réir. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 3.30 p.m., más gá, agus tá súil agam go mbeidh ár gcuid oibre críochnaithe roimhe sin. Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Daly agus ní dóigh liom go bhfuil aon leithscéal eile faighte againn go fóill. Is mian liom fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste agus roimh aon chomhalta eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú, nach baill den chomhchoiste iad. Cuirim fáilte freisin roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os ar gcomhair inniu agus roimh ár lucht féachana chomh maith. Ba mhaith liom fáilte ar leith a leathadh roimh an Aire Dlí agus Cirt, an Teachta McEntee, agus roimh an bhfoireann atá léi: Doncha O'Sullivan, an rúnaí cúnta; Mary McKenna, an príomhoifigeach; agus Mícheál Ó Cearúil, aistritheoir atá anseo mar ionadaí thar ceann na Roinne Dlí agus Cirt. Gabhaim mo bhuíochas leo as a bheith istigh linn inniu. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Maidir leis na comhaltaí, tá an Teachta Connolly liom sa seomra cruinnithe agus tá an Seanadóir Kyne agus an Teachta Calleary ag glacadh páirte óna n-oifigí i bParlaimint i dTithe an Oireachtais.

Tá trí rud a leanas a bheimid ag féachaint orthu inniu: an fáth go fuarthas réidh leis na bunriachtanas d’iarrthóirí a bheith incháilithe le hardú céime fháil chun céimeanna mar sháirsint nó chigire an grád 50% a bhaint amach sa scrúdú inniúlachta béil sa Ghaeilge; cinneadh an Rialtais nach mbeadh Gaeilge riachtanach níos mó ag baill den Gharda Síochána; agus polasaí na Roinne Dlí agus Cirt i leith chur chun cinn na Gaeilge ina Roinn féin agus sna comhlachtaí reachtúla, neamhreachtúla agus achomhairc a thagann faoina cúram agus a thugann sí maoiniú dóibh.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh leis an ábhar sin, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú seo: meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime i dTithe an Oireachtais. Mar a léirigh mé cheana, tá rogha ag na comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil i seomra an choiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, agus óna n-oifigí i gcás cruinnithe phoiblí i dTithe an Oireachtais agus feictear dom go bhfuil an Teachta Ó Muimhneacháin tagtha isteach go fíorúil óna oifig féin freisin.

Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeidh an fhíseáin ar siúl an t-am go léir agus iad le feiscint ar an scáileán. Baineann sé sin le finnéithe freisin má tá siad ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra eile. Ba chóir do chomhaltaí agus finnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú ó áit eile a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe, go mórmhór iad atá ag freastal ar an gcruinniú ón taobh amuigh, a bheith cúramach leis an méid a deir siad agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, beidh orthu amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a mbaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.

Anois, tosóimid lenár mbreithniú ar ábhar an chruinnithe seo. Iarraim ar an Aire labhairt os comhair an chomhchoiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.