Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 30 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

An tAire Dlí agus Cirt: Plé.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire, an Teachta McEntee. Is deas í a fheiceáil anseo os comhair an chomhchoiste agus is deas í a chloisint ag úsáid na Gaeilge freisin. Mar is eol di, tá Gaeltacht stairiúil ina contae féin, Contae na Mí, i Ráth Chairn agus Baile Ghib.

Tá daoine sa Ghaeltacht agus daoine le Gaeilge trasna na tíre ag lorg seirbhísí Stáit trí mheán na Gaeilge, seirbhísí ón nGarda Síochána san áireamh. Tá a fhios againn go bhfuil deacrachtaí ag an Stát seirbhísí a chur ar fáil i stáisiúin Gharda sna Gaeltachtaí trasna na tíre toisc nach bhfuil gardaí ar fáil atá in ann freastal ar dhaoine trí mheán na Gaeilge. Is é sin an fáth go bhfuilimid anseo ag plé na hábhair thábhachtacha seo. Cuirim fáilte roimh na figiúirí sa ráiteas tosaigh a léiríonn go bhfuil 466 iarratasóir as os cionn 10,000 iarratasóir a rinne iarratas chun dul isteach sa Gharda Síochána tar éis iarratas a dhéanamh faoin sruth Gaeilge. Is figiúr maith agus figiúr ard é sin. Léiríonn sé dul chun cinn suntasach i gcomparáid le 2019. An bhfuil an tAire sásta go mbeidh ardú suntasach ar an líon garda a bhfuil Gaeilge acu i ndiaidh an phróisis de thoradh an fhigiúir sin? Tá a fhios ag an Aire an céatadán atá leagtha amach sa phlean teanga do sheirbhísí Stáit, is é sin go mbeidh 20% d'earcaithe don Státseirbhís in ann freastal ar dhaoine trí mheán na Gaeilge. Is ceann de na chéad phróisis earcaíochta mhóra ar a mbeimid in ann súil a choinneáil maidir leis an gcéatadán atá earcaithe le Gaeilge é seo. An bhfuil an tAire sásta go mbeidh céatadán ard de ghardaí le Gaeilge ag teacht amach ón bpróiseas seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.