Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Aontaím leis an bhfinné. Cé go bhfuil mé ag déanamh na hargóinte sin, níl a fhios agam an bhfuil mé go hiomlán tiomanta leis ach oiread, ná an bhfuil sé iomlán cruthaithe agam fós. Aontaím leis an méid atá ráite ag Maitiú Ó Coimín i dtaca le daoine atá de dhíth chun an cineál scéil sin a chur amach agus é an fhírinne.

I dtaca le daoine a spreagadh chun bheith ag léamh trí mheán na Gaeilge, an uirlis iad na meáin sóisialta chun daoine a dhíriú chuig a leithéid de na rudaí atá foilsithe ag tuairisc.ie?B'fhéidir nach bhfuiltear ag cur an iomláine amach trí na meáin shóisialta. Aontaím leis go dtagann siad agus go n-imíonn siad agus gurb é sin an dóigh a n-oibríonn sé. Mura bhfuiltear iomlán sáite sa domhan sin, áfach, an fóram maith iad chun daoine a stiúradh chuig an ardchaighdeán? Aithním an t-ardchaighdeán atá déanta ach na finnéithe go léir i dtaca le-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.