Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Bhí mise 23 bliain d'aois nuair a chuaigh mé isteach le tuairisc.iear dtús. Ba é Snapchat an rud ba mhó an t-am sin. Is maith leis na Meiriceánaigh i gcónaí é ach tá sé imithe nach mór in Éirinn anois. Is dóigh liom go n-imeoidh TikTok freisin. Tá an ceart ag an Seanadóir. I gcás go leor de na rudaí atá ag titim amach sa domhan mór - feicimid é leis an gcogadh atá ar siúl faoi láthair - tá go leor rudaí á scaipeadh agus á roinnt ar na meáin shóisialta. Nuair a bhí mise 22 bliain d'aois ag breathnú ar Snapchat agus nuair a bhíonn an dream seo ag breathnú ar TikTok, bíonn gá i gcónaí le hiriseoirí oilte agus gairmiúla.

Is cuimhin liom nuair a bhí mise ar choláiste i DCU ó 2009 go dtí 2013 nó mar sin, bhí an chaint uile faoin treo a raibh rudaí ag dul. Dúradh go minic nach mbeadh aon ghá le nuachtáin nó rudaí mar sin, ach thuigeamar go han-sciobtha go raibh gá le daoine a bheadh in ann an fhírinne a aimsiú, is é sin post an iriseora, agus in ann scagadh a dhéanamh ar fhíricí, ar phoiblíocht, ar bholscaireacht agus ar rudaí mar sin. Tá go leor dó sin ag tarlú ar TikTok, Instagram and Twitter leis an gcogadh. Luaigh mé é sin faoi dhó mar tá sé i mbéal an phobail, ach tá an t-uafás rudaí nach bhfuil fíor nó atá leath-fhíor nó beagnach fíor á scaipeadh ar na meáin shóisialta faoi láthair.

Is dóigh liom go mbeidh rudaí nua ag teacht i gcónaí. Tá Bebo imithe. Tá Snapchat nach mór imithe. Tá Yik Yak imithe. B'fhéidir go mbeidh TikTok ann i bhfad ach b'fhéidir nach mbeidh. Tá Twitter agus Facebook ag seasamh an fhóid ach tá go leor fadhbanna leo sin freisin maidir le macántacht agus fírinne agus rudaí mar sin. Beidh gá i gcónaí le rudaí atá níos mó agus níos iontaofa. Ní hé sin le rá nár cheart go mbeimis ar na rudaí sin agus ba bhreá liom dá mbeadh duine atá an aois a bhí mise nuair a thosaigh mé le tuairisc.ie agam anois le haghaidh a thabhairt ar na rudaí sin. Ba bhreá liom duine atá 22 nó 23 bliain d'aois a thabhairt isteach agus a rá leis an duine sin go bhfuil sé nó sí i gceannas ar TikTok, Instagram stories agus rudaí mar sin ach is post ann féin é sin. Tagaimid ar ais ag an gceist atá ag an triúr againn. Cá bhfuil na daoine? Níl siad ann agus ní féidir linn iad a fhostú.

Tá foireann ag na hirisí móra, amhail Vox, atá go mór mór chun cinn ar na meáin shóisialta nach ndéanann rud ar bith ag scéalta a chuir in oiriúint do na meáin shóisialta. Níl siad sin againn. Caithim mo lá ag coimisiúnú scéalta, ag caint le scríbhneoirí, ag ceartú rudaí agus ag scríobh rudaí mé féin. Cuirim rudaí amach ar Facebook agus ar Twitter mar tuigim iad sin. Tuigim Instagram ach tá níos mó oibre i gceist leis sin le pictiúir a ghearradh agus físeáin a chur le chéile. Le Facebook agus Twitter, níl ann ach téacs agus pictiúr. Tá níos mó oibre i gceist le Instagram. Tá TikTok mar a chéile. Caitear físeán a chruthú agus a chur amach. Níl an t-am agam na rudaí sin a chur amach. Tá an ceart ag an Seanadóir. Ba bhreá liom cois a choinneáil leis na hathruithe. Luamar síorathrú sna hóráidí ar fad. Ba bhreá liom cois a choinneáil leo ach ní féidir liom.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.