Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 March 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge (Atógáil): Plé

Mr. Maitiú Ó Coimín:

Gan amhras ar bith. Níl na figiúirí anseo agam ach is féidir liom iad a chur ar fáil ar ball. Tá mé in ann a fheiceáil cé as a dtagann na léitheoirí trí Google Analytics. Is céatadán an-bheag iad na daoine a osclaíonn an fón agus a scríobhann www.nós.ie. Tá sé deacair agam é a chreidiúint gurb é Facebook an fhoinse is mó sa chomhthéacs seo, mar cloisimid go bhfaighidh Facebook bás gach uile bhliain - nach bhfuil ann ach seandaoine agus seo agus siúd - ach tagann go leor daoine go Nósó Facebook. Is é Twitter an dara háit agus is é Instagram an tríú háit. Ní chuirim an obair isteach in Instagram. Tá leathanach Instagram an-lag ag Nós toisc nach bhfuil an fhoireann ná an t-am againn ach tá an ceart ag an Seanadóir. Is iad na meáin shóisialta an bealach is fearr - b'fhéidir nach n-aontódh na finnéithe eile liom - le daoine a mhealladh ag rud atá níos mó ná sin. Cuirimid ceannlíne agus pictiúr amach ar Twitter agus ansin nasc chuig an suíomh. Tagann daoine isteach agus bíonn an rud uile ar an suíomh féin.

Tá an ceart ag an Seanadóir ach níl na daoine againn. Ba bhreá liom duine óg a fhostú leis an bpost sin amháin a dhéanamh, nó duine amháin a fhostú mar iriseoir agus duine eile mar eagraí meán sóisialta, nó cibé teideal a bheadh ar an bpost.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.