Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 23 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Foras na Gaeilge.
Mr. Seán Ó Coinn:
I dtaca le hÁis, díreach chun a chur in iúl do dhaoine, is le plé le siopaí amháin a bhíonn Áis. Ní bhítear ag plé leis an mhór phobal. Fágaimid an gnó sin ag na siopaí. Tá sé tábhachtach go háirithe go mbeidh na siopaí Gaeilge ábalta an margadh sin a bheith acu gan oibrithe Stáit, macasamhail Fhoras na Gaeilge, ag teacht isteach air. Is leis na siopaí amháin a mbímid ag plé leo.
Tagraím don chéad cheist faoi dhaoine óga ag bogadh ar aghaidh. Sin ceist na ndéagóirí arís ar bhealach. Tá méid áirithe déanta leis an margadh sin. Luadh Roald Dahl agus daoine mar sin. Tá leaganacha Gaeilge de The Boy in the Striped Pyjamas, Diary of a Wimpy Kid, dialann Anne Frank agus leabhair den chineál seo curtha ar fáil. Tá dúshláin ann i gcónaí maidir leis sin. Is minic nach mbíonn sofaisticiúlacht teanga na ndaoine óga ag an leibhéal céanna lena sofaisticiúlacht ó thaobh ábhar léitheoireachta de. Cuir i gcás go léann siad leabhar a mhacasamhail de leabhair a luaigh mé i mBéarla. Nuair a dhéantar aistriúchán orthu sin, is minic a bhíonn an teanga róchasta dóibh.Tá deacrachtaí áirithe den chineál sin leis an ngrúpa léitheoireachta sin, nuair atá siad i ndiaidh bogadh chun cinn go gasta ó thaobh sofaisticiúlachta a gcuid smaointe, mothúcháin agus araile. Do chuid mhór acu, go háirithe lucht na Gaelscolaíochta, is í an dara teanga acu ná an Ghaeilge agus bíonn dúshláin ar leith i dtaca leis sin dóibh.
Tháinig sraith úrscéalta amach ón gcomhairle churaclaim ó Thuaidh a bhí dírithe ar lucht na Gaelscolaíochta ó Thuaidh agus a bhí ar fáil do Ghaeilgeoirí ar fud na tíre ar ndóigh. Bhí siad ag obair i gcomhairle le COGG fosta i dtaca leis sin. Bíonn Foras na Gaeilge, faoi An Gúm, ag plé le Séideán Sí, an tsraith léitheoireachta do Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Tá dhá úrscéal foilsithe faoi bhrat Séideán Sí don ghrúpa léitheoirí sin. Is dócha gur léitheoireacht faoi stiúir na scoile atá i gceist ansin seachas scíthléitheoireacht na ndaoine óga iad féin. Tá sé tábhachtach mar sin féin go bhfuilimid ag iarraidh dul isteach sa mhargadh sin. B’fhéidir gur mhaith le Seosamh Ó Murchú cúpla focal a rá faoin obair atá muid ag déanamh i dtaca le húrscéalta and leis an ngrúpa sin.
No comments