Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Mr. Bob Collins:
Gabhaim ár mbuíochas leis an gcoiste as an gcuireadh teacht i láthair inniu. Is achoimre an méid a bheidh le rá agam mar thús. Baineann sé leis an dá cheist atá faoi chaibidil, cé go n-aithnímid go mbeidh an coiste ag plé go seachtrach leo sin. Ní macalla ar thábhacht na gceisteanna é a laghad a bheidh le rá agam fúthu, ach léiriú ar an seasamh reachtúil difriúil atá ag an údarás ina dtaobh.
Tá fís ag an Údarás Póilíneachta don Gharda Síochána go mbeidh seirbhís phóilíneachta ann a bheidh eiticiúil, éifeachtach, dírithe ar chearta an duine, go bhfuil muinín an phobail éagsúil inti agus sin tuillte aici. Maidir leis an gcaoi gur féidir le seirbhís phóilíneachta an mhuinín sin a thuilleamh, is tábhachtach go mbeadh sí á cur féin in oiriúint don éagsúlacht atá sa phobal ar a ndéanann sí freastal. Tá dhá chuid leis an gcur in oiriúint sin. Baineann sé i dtosach le seirbhís a sholáthar atá san airdeall maidir le riachtanais agus cearta an phobail, cúrsaí teanga san áireamh, ach seirbhís freisin a thagann oiread agus is féidir leis an daonra sin ó thaobh aicme, eitneachta, creidimh, gnéasachta agus araile. Is mó an mhuinín a bheidh ag an bpobal as an tseirbhís sa chás go mbeidh an tseirbhís phóilíneachta mar mhacalla ar réaltacht na ndaoine ar a ndéanann sí freastal, agus an oiread a bhfuil sí rannpháirteach agus tuisceanach ar an réaltacht sin.
Tá méadú ag teacht ar shaibhreas na héagsúlachta atá i ndaonra na hÉireann. In éineacht leis sin tá dúshlán don Gharda Síochána conas tabhairt faoi. Tá ceisteanna comhionannais agus cothroime ann. Ní féidir ídiú a dhéanamh ar dhualgais reatha chun freagairt don dúshlán nua seo. Tá oibleagáid sheasmhach ann, faoin dlí, freastal ar lucht labhartha na Gaeilge, go háirithe iad siúd sa Ghaeltacht, trí mheán na Gaeilge, agus tá sé de cheart acu rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge. Tá reachtaíocht ann a dhéanann buanú ar an gceart sin.
Is úsáideach agus is tráthúil athscrúdú a dhéanamh ar bhearta a rinneadh le dea-thoil roinnt blianta ó shin agus measúnú á dhéanamh ar an oiread a d’éirigh leo an cuspóir a bhaint amach, agus ar an bhféidearthacht, thar am, go mbeadh siad ina gcúis le dálaí a chuirfeadh cosc ar an nGarda freagairt don saibhreas éagsúlachta sin. Is iomaí duine a bhfuil a saol agus a dteaghlach bunaithe sa tír seo agus ar mhian leo dul isteach sa tseirbhís phóilíneachta ach go bhfuil baic rompu. Níor chóir go mbainfí den dualgas seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge le hiarracht a chinntiú gur féidir leis An nGarda Síochána freagairt do phobal éagsúil a bhfuil riachtanas acu freisin seirbhís a fháil a thagann lena n-eispéireas féin. Is é an dúshlán atá os comhair An Gharda Síochána anois ná fiosrú a dhéanamh faoi na bearta eile a bheidh riachtanach agus a bheidh in ann freagairt a chur ar fáil de réir na gceart agus na ndualgas sin atá sainmhínithe sa dlí, agus ag an am céanna freagairt don daonra atá ag athrú agus leas a bhaint as an bhfreagairt sin chun a sochar féin.
I bhfocail eile, an dá bhunphrionsabal atá againn sa chás seo ná ceist an chomhionannais agus an t-éagsúlacht agus ilchineálacht atá sa daonra i láthair na huaire. Dar linne, is féidir leis an ngobadán an dá thrá seo a fhreastal. Beidh muid sásta freagraí a thabhairt ar cheisteanna amach anseo.
No comments