Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé

Mr. Liam Sinclair:

Tuigeann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí go mbaineann an cheist rialála seo le scrúdú inniúlachta béil sa Ghaeilge a leagadh síos i leagan níos luaithe de na rialacháin ardaithe céime maidir le sáirsintí agus cigirí sa Gharda Síochána ó 2006. Ní raibh baint ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí le comórtais ardaithe céime go céim an tsáirsint agus céim an chigire, a reáchtáil An Garda Síochána go hinmheánach de réir na rialachán a luadh thuas, sa tréimhse 2006-21.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.