Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 2 February 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé
Ms Eimear N? Cheallaigh:
Ar an gcéad dul síos, ba mhaith leis an nGarda Síochána buíochas a ghabháil leis an gcoiste as an deis a bheith os a chomhair inniu chun ceisteanna a fhreagairt i dtaobh na hathruithe ar rialacháin maidir le hardú céime go céim an tsáirsint.
Tá an eagraíocht tiomanta a chinntiú go gcomhlíontar ár ndualgais reachtúla Gaeilge ar fad. Is maith is eol dúinn na dualgais ar fad atá leagtha orainn agus tuigeann muid na bearta nach mór dúinn tabhairt fúthu chun na dualgais chéanna sin a chomhlíonadh. Rachfar i mbun na mbeart siúd, ní hamháin mar gheall gur gá, ach mar gheall gur mian leis an eagraíocht é sin a dhéanamh.
Cuireadh socruithe nua rialachais i bhfeidhm le déanaí chun tacú leis an eagraíocht a ndualgais i leith na Gaeilge a chomhlíonadh. Mar thoradh air sin, táthar ag dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge ag an leibhéal is airde laistigh den eagraíocht. Idir Bealtaine 2021 agus Eanáir 2022 bhí seacht gcruinniú ag an meitheal straitéiseach i leith na Gaeilge, leis an leas-choimisinéir mar chathaoirleach. Rinne Coimisinéir an Gharda cathaoirleacht ar chruinniú eile de chuid an ghrúpa rialachais Gaeilge.
Maidir leis an gceist atá á phlé anseo inniu i dtaobh ceapacháin chuig céim an tsáirsint, rinneadh leasuithe ar na rialacháin tar éis idirchaidreamh forleathan a idir an Roinn Dlí agus Cirt, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus An Garda Síochána, agus i gcomhairle leis an Údarás Póilíneachta agus cumainn An Gharda Síochána. Cé nach gá do chomhaltaí tabhairt faoi mheasúnú Gaeilge níos mó mar chuid den phróiseas ardaithe céime, caithfidh aon sáirsint ar mian leo a bheith ag fónamh i stáisiún Gaeltachta tabhairt faoi mheasúnú Gaeilge. Tá an measúnú seo i bhfad níos déine ná an scrúdú a cuireadh deireadh leis i mí Iúil. De réir polasaí a tugadh isteach in 2018, caithfidh aon chomhalta ar mian leo oibriú i gceantar Gaeltachta léiriú gur cainteoir líofa é nó í.
Maidir leis an gcritéar a bhain le hardú céime go céim an tsáirsint, rinne An Garda Síochána aighneachtaí go luath sa phróiseas go leanfaí leis an measúnú. Aontaíodh, áfach, tar éis idirchaidrimh, nár cheart go mbeadh cáilitheacht d’ardú céime go dtí céim an tsáirsint ag brath ar phas i dtástáil inniúlachta sa Ghaeilge mar chuid den phróiseas iomaíochta. Bhí sé seo bunaithe ar an tuiscint go bhfaigheann iontrálaithe nua ar fad oiliúint fhairsing, oiliúint sa Ghaeilge ina measc.
Bhí straitéis nua Gaeilge na heagraíochta le seoladh i mí na Nollag 2021 ach mar gheall ar na treoirlínte sláinte phoiblí, tógadh an cinneadh é sin a chur siar. Forbraíodh an straitéis tar éis dul i gcomhairle le póilíní sa Bhreatain Bheag agus bunaíodh í go príomha ar na dualgais reachtúla atá ar an eagraíocht. Cinnteoidh an straitéis, i measc rudaí eile, go mbeidh seirbhís iomlán as Gaeilge le fáil i ngach stáisiún Gaeltachta le himeacht ama. Aithníonn An Garda Síochána an tábhacht a bhaineann le pleanáil teanga sa Ghaeltacht agus i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus rachfar i mbun comhairle le hoifigigh teanga agus le coistí pleanála teanga lena chinntiú go bhfuiltear ag freastal ar riachtanais an phobail sin. Tá liosta de 60 stáisiún Garda seirbhíse Gaeltachta curtha le chéile ag an eagraíocht, agus déanfar iniúchadh iomlán ar na scileanna teanga sna stáisiúin sin. Déanfar measúnú ar leibhéal na seirbhísí a theastaíonn agus socrófar céatadán de chomhaltaí a theastaíonn chun na seirbhísí sin a sholáthar, i ngnáth aonaid agus in aonaid speisialta.
Anuas ar an straitéis, seolfaidh An Garda Síochána tionscnamh go luath le tacú le húsáid na Gaeilge laistigh den eagraíocht agus sa phobal i gcoitinne. Go dtí seo, tá os cionn 1,000 pearsanra de chuid An Gharda Síochána tar éis síniú suas chun ceann de na fáinní Gaeilge a chaitheamh. Tá trí fháinne le fáil: fáinne óir, fáinne airgid agus fáinne cúpla focal, atá deartha go sonrach don Gharda Síochána i gcomhair le Conradh na Gaeilge. Caithfidh pearsanra i ngach céim laistigh den eagraíocht fáinne, ón gCoimisinéir anuas. Tá An Garda Síochána tiomanta leanúint ar aghaidh ag neartú éiteas na heagraíochta i dtaobh na teanga agus tógáil ar an dea-obair atá curtha i gcrích le blianta beaga anuas.
No comments