Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 2 February 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bunriachtanais Teanga sa Gharda Síochána: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte agam ón Seanadóir Ward. Cuirim fáilte roimh na comhaltaí coiste atá i láthair agus roimh na finnéithe atá i seomra an choiste. Thar ceann An Gharda Síochána, tá Anne Marie McMahon, Leas-Choimisinéir An Gharda Síochána; Joseph Nugent, príomhoifigeach riaracháin; Eimear Ní Cheallaigh, oifigeach Gaeilge; agus Yvonne Cooke, stiúrthóir gníomhach feidhmiúcháin ar chúrsaí acmhainní daonna agus forbartha daoine. Thar ceann na Roinne Dlí agus Cirt, tá Doncha O'Sullivan, leas-ardrunaí; agus Mary McKenna, príomhoifigeach ar chúrsaí rialachais agus ceartais choiriúil. Thar ceann an Údaráis Póilíneachta, tá Bob Collins, cathaoirleach; agus Helen Hall, príomhfheidhmeannach. Thar ceann na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tá Shirley Comerford, príomhfheidhmeannach; agus Liam Sinclair, riarthóir earcaíochta, rannóg earcaíochta um cheartas. Gabhaimid ár mbuíochas leo ar fad as teacht anseo inniu. Tá súil agam go mbeidh tairbhe as an gcomhrá a bheidh againn.

Déanfaimid ár mbreithniú ar dhá ábhar atá ar chlár an chruinnithe seo. Tá siad scartha óna chéile agus beidh sos de 15 nóiméad eatarthu. Sa chéad seisiún, is mian linn a fháil amach cén fáth a ndearnadh fáil réidh leis an riachtanas bunreachtúil d'iarrthóirí lena bheith incháilithe le hardú céime a fháil chun bheith ina sáirsint nó ina gcigire 50% a bhaint amach sa scrúdú inniúlachta béil sa Ghaeilge. Cé a rinne an cinneadh sin? Cén fáth nár cuireadh an cinneadh sin in iúl dúinn ag ár gcruinniú ar an 12 Bealtaine 2021? Is cinnte go mbreathnaítí ar an gcinneadh ag an am sin nó fiú go raibh sé beartaithe ag an am sin. Cén fáth, mar sin, nach dúradh é sin linn?

Sa dara seisiún, is mian linn cinneadh an Rialtais nach mbeidh Gaeilge riachtanach níos mó ag baill den Gharda Síochána a phlé. Cé a rinne an cinneadh sin? Cén fáth nár cuireadh an cinneadh sin in iúl dúinn ag an gcruinniú ar an 12 Bealtaine anuraidh? Is cinnte go raibh daoine ag breathnú air sin ag an am. Cén fáth nach dúradh é sin linn?

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Meabhraím do na comhaltaí atá ar líne gur gá dóibh an ceamara a bheith ar siúl agus a lámh a chur in airde ar an scáileán má tá siad ag iarraidh ceisteanna a chur ionas go bhfeicim iad. Meabhraím dóibh siúd atá sa seomra an fón a mhúchadh.

Tá súil agam go dtuigeann siad go bhfuil sé seo á thaifead agus á chraoladh ag an am céanna. Glaoim ar an ionadaí ón nGarda Síochána chun an ráiteas tosaigh a léamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.