Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 26 January 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)
Dr. Aodhán Mac Cormaic:
Tá jab le déanamh againn mar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán teacht aníos le polasaí le feedáil isteach sa phróiseas seo i dtaobh sin. Ní hionann gach ceantar ná gach limistéar pleanála teanga Gaeltachta. Ní hionann gach limistéar in aon cheantar pleanála teanga Gaeltachta amháin. Bíonn ceantair lag agus láidir istigh iontu. Caithfear polasaí a leagan amach faoi sin agus ansin, nuair a thagann na comhairlí contae chugainn agus chuig an údarás ag cuardach moltaí maidir leis na céatadáin, déanfaimid moltaí faoin gcéatadán gur chóir dóibh a chur san áireamh in aon eastát tithíochta atá á fhorbairt.
No comments