Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 19 January 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)
Ms Ailish Bhreathnach:
Tá plean teanga chathair na Gaillimhe ó thús an phróisis nuair a rinneadh baile seirbhíse Gaeltachta de chathair na Gaillimhe. Bhí ról lárnach ag an gcomhairle cathrach ag tús an phróisis maidir le coistí agus fochoistí a cheapadh agus maidir le cur chuige. Ansin bhí baint mhór againn maidir leis an tairiscint a cuireadh amach a bhuaigh Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar deireadh maidir le plean teanga a chur le chéile. Is é Gaillimh le Gaeilge an ceanneagraíocht agus is i gcomhair leis atá muidne ag obair maidir leis an bplean teanga sin a chur chun cinn. Faoi láthair táimid ag fanacht maidir le oifigeach pleanála teanga a cheapadh agus tá an próiseas sin ar bun chomh maith. Beidh baint lárnach againne maidir le próiseas ceapacháin an oifigigh Gaeilge chomh maith.
No comments