Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 19 January 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé (Atógáil)
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ní fheicim éinne eile ar an scáileán go fóill ach tabharfaidh mé deis dóibh nuair a thagann siad isteach. Tá ceisteanna agam féin mar gheall ar an méid atá ráite ag na finnéithe agus mar gheall ar phleanáil Ghaeltachta i gcoitinne. I dtús báire, tá aitheantas ag dul chuig an gcomhairle as an sárobair atá déanta aici maidir leis an nGaeilge. Dúirt na finnéithe go bhfuil 41% den phobal ag rá gur féidir leo Gaeilge a labhairt. Ní gá gur sin an dream atá ag labhairt na Gaeilge ach ar a laghad is caighdeán agus céatadán i bhfad Éireann níos mó ná ceantair eile é sin. Tá aitheantas ag dul chuig an gcomhairle as an réimse tograí Gaeilge agus bainteach leis an nGaeilge atá sí ag tacú leo. Nuair a bhí mé i nGaillimh, thug mé faoi deara go bhfuil an Ghaeilge i bhfad Éireann níos sofheicthe ná mar a bhíodh ag amanna difriúla, agus tá sin go maith. Is léiriú é sin ar an bpríomhról atá ag cathair na Gaillimhe mar chathair na Gaeltachta, agus sin an tslí a fhéachann daoine uirthi.
Leis sin ar fad ráite, tá creimeadh de shíor ag tarlú ar na ceantair Ghaeltachta atá sa chathair. Níl a fhios agam go díreach cé mhéad local electoral districts, LEDs, atá ag cathair na Gaillimhe ag an staid seo atá sa Ghaeltacht. Is iadsan go háirithe atá muidne ag díriú orthu mar choiste toisc go bhfuil fadhbanna, ní hamháin i gcathair na Gaillimhe but sa Ghaeltacht i gcoitinne, maidir le tithíocht a thógáil ann gan aon choinníoll inniúlachta ar Ghaeilge leagtha síos ó thaobh siúd atá ag ceannach na tithe sin nó ag cónaí sna tithe sin. I slí amháin is sórt cop-out é nuair a deirtear gur údarás uirbeach é an comhairle agus dá réir níl aon dualgais ar leith air maidir le tithíocht Gaeltachta. A mhalairt de thuairim atá agamsa. Beidh an tAire Stáit os comhair na coiste seo i gceann seachtaine nó coicíse agus cuirfimid an cheist go díreach air. Tá súil agam go bhfuil sé chun treoirlínte a chur amach maidir le tithíocht Gaeltachta roimh dheireadh na míosa agus beidh muidne ag cur ceisteanna air maidir leis an ról atá ag cathair na Gaillimhe anseo mar tá díomá ormsa nach bhfuil aon chuspóirí ar leith leagtha síos maidir leis an gcathair agus tithíocht Gaeltachta.
Tá an dréachtphlean á fhorbairt ag an gcomhairle. Cé chomh fada eile is a bheidh sé sin mar dhréacht agus cén bhealach gur féidir leis an ngnáthphobal, nó linne, nó an leis an Aire Stáit éileamh a chur isteach go mbeadh aitheantas ceart ó thaobh pleanáil tithíochta sa phlean atá ag teacht? Tá sé luaite ag na finnéithe go n-aithníonn an léarscáil sa dréachtphlean na codanna sin den chathair a bhaineann le stádas Gaeltachta. Tá aitheantas ann ach níl aon dualgas ar leith, go bhfios dom ná gur léirigh na finnéithe, maidir le tithíocht leagtha síos ann go dtí seo. Más dréacht é is féidir athrú a dhéanamh air sin agus déanamh cinnte de go mbeadh polasaí éigin ag teacht. Fágfaidh mé mar sin é. B'fhéidir go mbeidh comhaltaí eile ag iarraidh ceisteanna a chur agus is féidir liom teacht ar ais. An féidir le Ailish, Caroline nó duine éigin eile freagra a thabhairt ar na ceisteanna a chuir mé?
No comments