Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 8 December 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht (Atógáil): Plé

Ms Mairéad Ní Fhátharta:

Is mian le Conradh na Gaeilge buíochas a ghabháil leis an gcomhchoiste as an deis seo labhairt ar an ábhar seo, ceann de na hábhair is tábhachtaí agus is práinní a bhaineann le todhchaí phobal labhartha na Gaeltachta. Is mian linn moladh a thabhairt don choiste as an obair atá ar siúl aige chun ceist na pleanála Ghaeltachta a bhrú chun tosaigh. Tá an cur i láthair seo bunaithe ar an obair atá ar siúl ag Conradh na Gaeilge chun polasaí náisiúnta don phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht a fhorbairt agus tá cóip dár ndréachtpholasaí faoi iamh.

Tá sé ag éirí níos deacra do mhuintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantar féin, rud atá scannalach. Ceiltear cead pleanála ar dhaoine ón áit ar an mbunús, dar leis na comhairlí áitiúla, nach bhfuil riachtanais áitiúil acu agus tá an sainmhíniú ar céard is “riachtanas áitiúil” ann á chúngú agus á thachtadh i rith an ama. Ciallaíonn sé seo nach féidir le lánúineacha óga cead pleanála a fháil ina gceantair dhúchais féin. Freisin, tagann sé seo salach ar pholasaí an Rialtais ó thaobh na pleanála teanga de, mar a léirítear in Acht na Gaeltachta, 2012. Mura mbeidh daoine sa Ghaeltacht leis an teanga á labhairt cén mhaith a bheith ag caint ar phleanáil teanga? Ba chóir go mbeadh pleanáil tithíochta sa Ghaeltacht dírithe ina iomláine ar bhuanú agus neartú an phobail Ghaeltachta. Feictear dúinn gurb é an tslí is éifeachtaí chun an fhadhb seo a réiteach ná go nglacfaí leis go bhfuil riachtanas áitiúil ag an té a bhfuil labhairt na Gaeilge aige nó aici, rud a d’éascódh an próiseas pleanála do mhuintir na Gaeltachta. Tá sé tábhachtach a lua leis seo nach bhfuilimid ag moladh aon chonstaic bhreise ó thaobh na Gaeilge de, don té arb as an áit é nó í, cead pleanála a fháil sa toghroinn Ghaeltachta arb as dó nó di. Is léir dúinn an dochar a dhéanann eastáit tithíochta a thógtar don mhargadh tráchtála, agus freisin an iomarca tithe saoire a bheith i gceantair Ghaeltachta, ó thaobh an phobail agus na Gaeilge de agus gur gá a bheith an-cháiréiseach ina thaobh seo. Is gá tithíocht shóisialta agus tithe atá incheannaithe ag an bpobal áitiúil, tithe aonair san áireamh, a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ina gceantar féin, seachas iad a ruaigeadh isteach sna bailte móra mórthimpeall.

Tá meitheal Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ag plé le hullmhú polasaí náisiúnta ó earrach 2020, bunaithe ar éileamh atá ag teacht ó na pobail Ghaeltachta agus ó dhíospóireacht a rinneadh ag ardfheis an chonartha i nGaillimh sa bhliain chéanna. Ullmhaíodh dréachtcháipéis mar bhunús don pholasaí agus baineadh leas as an gcáipéis sin chun dul i mbun feachtas comhairliúchán leis na pobail Ghaeltachta agus le pobal na Gaeilge trí chéile. Mar chuid den fheachtas comhairliúcháin seo, rinneamar teagmháil le gach comharchumann Ghaeltachta agus le gach coiste pleanáil teanga Ghaeltachta. Rinneadh dréachtcháipéis a sheoladh ag seimineár Oireachtais na Gaeilge 2020 agus eagraíodh seimineár poiblí eile ar an 22 Aibreán 2021 ar a d’fhreastail daoine ó gach ceantar Ghaeltachta. Bunaithe ar an bplé seo, agus ar an aiseolas ar fad, a d’eascair an leagan reatha dár bpolasaí.

Aithníonn Conradh na Gaeilge nach féidir dul chun cinn a dhéanamh gan toil pholaitiúil; sin an freagra. Táimid i mbun feachtas stocaireachta ag iarraidh ár mholtaí a chur chun tosaigh. Mar thoradh ar an stocaireacht seo, agus ar chruinniú leis an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Teachta Darragh O’Brien, tá coiste bunaithe idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun scrúdú a dhéanamh ar an bpleanáil sa Ghaeltacht, gníomh atá le moladh.

Creidimid, áfach, go bhfuil géarghá an coiste seo a leathnú amach agus gur laige mhór é nach bhfuil ionadaíocht ag Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí Ghaeltachta ar an gcoiste seo. Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an gceannaireacht atá an coiste seo ag tabhairt chun an toil pholaitiúil a bhaint amach. Ba bhreá linn dá mbeadh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge sásta rún a rith ag iarraidh ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, An Teachta O'Brien, ionadaíocht a chur ar fáil ar an gcoiste idir-rannach do Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí Ghaeltachta eile.

Cén fáth a bhfuil polasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht ag teastáil? Tá sé ag teastáil mar go bhfuil titim i líon na gcainteoirí laethúil sa Ghaeltacht, chun cosaint a dhéanamh ar chearta phobal na Gaeltachta cónaí ina gceantar dúchais agus chun a chinntiú nach maraítear an Ghaeltacht trí líon mór daoine gan Ghaeilge teacht chun cónaí sa cheantar.

Cén buntáiste a bheadh le polasaí náisiúnta do phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht? Ar ndóigh, thabharfadh sé cinnteacht do phobal na Gaeltachta, do na húdaráis áitiúla agus d’fhorbróirí. Má bhíonn an polasaí náisiúnta seo ann, beidh deis cur le pobal na Gaeltachta agus stop a chur leis an mbánú tuaithe atá ag tarlú sna Gaeltachtaí.

Sa pholasaí seo, atá faoi bhráid an choiste, agus atá curtha le chéile againn, tá cúig móréileamh. Is é éileamh 1 ná go ndéanfaidh measúnacht tionchar teanga neamhspleách ar na hiarratais a thagann isteach. Is é éileamh 2 ná go mbeidh an caighdeán cuí sa Ghaeilge ag an duine atá ag lorg cead pleanála seachas an eisceacht a luaigh mé roimhe sin do na daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht cheana. Is é éileamh 3 ná go mbeidh srianta ar eastáit tithíochta agus ar an iomarca tithe saoire. Is é éileamh 4 ná go mbeidh tithe sóisialta ar fáil do phobal na Gaeltachta. Is é éileamh 5 go gcuirfí an phleanáil fhisiciúil i gcomhar leis an bpleanáil teanga.

Aithnímid gur gá don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, taighde a dhéanamh maidir le riachtanais tithíochta agus forbartha phobal na Gaeltachta i ngach limistéir pleanála teanga agus plean a chur le chéile chun go mbeidh an Ghaeilge ag méadú ó bhliain go chéile mar theanga labhartha laethúil na Gaeltachta.

Molaimid na cumhachtaí pleanála a tharmligean ó na comhairlí contae go dtí Údarás na Gaeltachta maidir le limistéir Ghaeltachta. Ceadaíonn Acht na Gaeltachta 2012 in alt 8(6)(b) den phríomh-Acht arna chur isteach ag Acht na Gaeltachta 2012 cúraimí pleanála na gcomhairlí contae a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram a tharmligean chuig rannóg phleanála teanga an Údaráis. Molaimid go sonrach nach dtabharfaí na cumhachtaí seo do rannóg phleanála teanga an Údaráis go dtí go mbeidh daoine atá oilte sa phleanáil teanga agus sa phleanáil fhisiciúil araon réidh le dul i mbun an chúraim.

Idir an dá linn molaimid go bpléadh Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Údarás na Gaeltachta go réamhghníomhach le gach iarratas pleanála sa Ghaeltacht agus iad ag tacú le hiarrthóirí le Gaeilge. Molaimid go mbeidh foireann chuí oilte sa phleanáil teanga ag An mBord Pleanála le haon iarratas a bhaineann le limistéar Gaeltachta a phlé.

Is ceart bunúsach do mhuintir na Gaeltachta cead a bheith acu maireachtáil nó lonnú ina gceantar dúchais féin. Mura mbeidh polasaí náisiúnta ann, ní bheidh aon Ghaeltacht ann go gairid. Tá mé fíorbhuíoch as an deis labhartha seo agus as cluais éisteachta an choiste. Meabhraím dó gur beart a dhéanann gníomh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.