Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 December 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir as ucht a gcur i láthair agus as ucht an ráitis achoimre comónta a sheol siad chugainn freisin. Tá luach faoi leith ag baint leis an gcáipéis sin agus go háirithe na hocht moladh atá ag deireadh an doiciméid sin. B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais chuige sin.

Cuirfidh mé cúpla ceist shonrach ar Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus ansin cuirfidh mé cúpla ceist níos ginearálta ar na comhairlí eile. I dtosach báire, aithním an méid oibre atá ag dul ar aghaidh i nGaeltacht na nDéise agus Gaeltacht na Rinne. Ní féidir a rá go bhfuil muid ag dul ó neart go neart ach is féidir a rá go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus go bhfuilimid ag bogadh chun cinn ó thaobh na bhfigiúirí agus líon na ndaoine atá ag úsáid na Gaolainne go laethúil. Chím Máire Seosaimhín Breathnach ar líne. Aithním an obair atá á déanamh aici agus ag leithéidí Caibríní de Barra, Críostóir Ó Faoláin ó Chomhlucht Forbartha na nDéise agus an Cumann Lúthchleas Gael sa Rinn a dhéanann an-obair go deo i dtaobh na teanga. Tá an obair sin ríthábhachtach.

Ó thaobh mo cheisteanna sonracha, b'fhéidir go mbeidh Michael Walsh nó Máire Seosaimhín Breathnach in ann a rá liom an bhfuil measúnacht den éileamh i gcomhair tithíochta i nGaeltacht na nDéise ann. Cén líon dóibh atá ina nGaeilgeoirí atá ag iarraidh bogadh isteach, mar chéatadán? Mar a luadh, tá costas tithíochta thar a bheith ard, go háirithe i Heilbhic ach i nGaeltacht na nDéise go ginearálta freisin. Tá sé thar a bheith deacair do mhuintir na háite teacht ar thithe. Cé mhéad iarratas ar chead pleanála a fuair Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge le blianta beaga anuas? Cé mhéad dóibh a ghlacadh leis agus cé mhéad a dhiúltaíodh dóibh?

Aithním go raibh an chéad dréacht de phlean forbartha Chontae Phort Láirge lag i leith na Gaeilge. Chuir mé aighneacht isteach ina leith sin. Tá an dara dréacht i bhfad níos fearr. Ba mhaith liom aird an choiste a tharraingt ar rud amháin atá istigh anseo. Tá sé os mo chomhair i mBéarla so gabh mo leithscéal faoi sin. Deirtear "A Language Enurement Clause (LEC) shall be applied requiring a minimum of 80% (rounded up) of the occupants of the proposed development be capable of using the Irish Language on a daily basis". Is é an rud atá suimiúil faoi seo ná go bhfuil tagairt déanta do céard is inniúlacht ann. Is rud é seo atá pléite go maith againn ar an gcoiste seo. Deirtear sa dréachtphlean "The standard of fluency in Irish required to demonstrate compliance with the LEC shall be the standard required to pass Level B2 Meánleibhéal 2 in the Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) exams". Is é seo an chéad uair a chonaic mé é scríofa síos in black and white, mar a deirtear, gurb é sin an coinníoll.

Is iad sin na ceisteanna sonracha atá agam do Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge.

Ba mhaith liom deis a thabhairt do na comhairlí contae eile díriú isteach ar na comh-mholtaí sin. Tá siad thar a bheith tábhachtach. Téann siad go dtí croílár na faidhbe. Tá ocht gcinn ansin. Céard iad na cinn is tábhachtaí dar leis na finnéithe? There are eight joint recommendations included in the common summary statement, which is a very useful document. Do any of the other councils want to come in and speak to which they identify as the most important? Numbers 3 and 4 jump out for me. They relate to the statutory local area plans and the national certified method to assess linguistic competency which, as I said, is mentioned in Waterford's draft development plan. Would the other councils like to comment on that more general question, perhaps after Waterford City and County Council has answered the more specific questions I have posed?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.