Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 December 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht: Plé
Ms Máire Seosaimhín Breathnach:
Pléifidh mé leis an gcéad cheist a bhí ag an Teachta Ó Cathasaigh, a ngabhaim buíochas leis. Ó thaobh measúnacht ar éileamh tithíochta, tá sé fíor le rá nár dhein an chomhairle aon mheasúnacht fhoirmeálta ach tá Comhlucht Forbartha na nDéise, an comhlacht forbartha áitiúil, againn agus tá bearta maidir le héileamh agus tithíochta inacmhainne a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ach go háirithe mar chuid den phlean teanga. Mar chuid den obair atá ar siúl ag meitheal tithíochta an chomhlachta, tá measúnacht agus suirbhéanna áirithe déanta go háitiúil. Tá éileamh áirithe ann, go háirithe éileamh ó lánúineacha óga agus ó dhreamanna óga ón gceantar nach acmhainn dóibh tithe a cheannach ann. Tá sé sin mar chuid den chás atá curtha le chéile ag an gcomhlacht forbartha chun tithíocht inacmhainne a thógáil sa Rinn ach go háirithe. Is é sin an t-aon bhunús eolaíoch atá againn faoi láthair ó thaobh éilimh thithíochta. An féidir leis an Teachta an dara ceist a bhí aige a chur arís?
No comments