Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 1 December 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht: Plé
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Níl meáchan breise á thabhairt don Ghaolainn nuair atá iarratas pleanála á mheas. Ciallaíonn sé sin go bhfuil áiteanna cosúil le Béal Átha an Ghaorthaidh nach bhfuil an deis ag daoine forbairt laistigh den sráidbhaile agus go bhfuil bac orthu forbairt lasmuigh den sráidbhaile chomh maith toisc go bhféadfadh na gnáthchoinníollacha pleanála cur isteach orthu. Tá fadhb le hUisce Éireann, ach fós tá sé de dhualgas ar an gcomhairle chontae freastal ar phobal na Gaeltachta. An bhfuil aon slí sa phlean forbartha chun meáchan breise nó claonadh a thabhairt i dtreo phobal na Gaeltachta nuair atá siad ag lorg chead pleanála sa cheantar mórthimpeall orthu? Bheadh sé ina bhuntáiste breise seachas na gnáthrialacha pleanála a bheith ann agus ag cur baic orthu.
Maidir leis an léarscáil agus an sampla don SAC, níl an Ghaeltacht ar an léarscáil. An féidir í a chur isteach sa tslí go mbeadh sí sofheicthe ar gach iarratas pleanála agus go bhfaigheadh an Ghaeltacht an stádas agus an t-aitheantas nuair atá iarratas á mheas?
No comments