Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam féin agus ansin is féidir leis na comhairlí a bhfreagraí a thabhairt ar an méid a dúirt an Teachta McHugh chomh maith ar mo cheisteanna. Bhí an cruinniú seo an-spéisiúil. Tá sé scanrúil ar shlí amháin nach bhfuil coinníollacha teanga i gceist ó thaobh na tithíochta de i roinnt de na comhairlí contae - chuala muid uathu inniu – agus ó thaobh na forbartha de.

Tá dhá cheist agam agus tá súil agam go mbeidh na comhairlí in ann iad a fhreagairt. Tá siad sách simplí. An bhfuil siad ar an eolas faoin méid a tharla san Ard-Chúirt le déanaí maidir leis an bplean tithíochta, óstán i Ráth Chairn, agus an méid a dúirt an breitheamh? Tá sé tábhachtach do gach comhairle contae ina bhfuil ceantar Gaeltachta ó thaobh na pleanála de. Tá siad tar éis a lua go bhfuil plean forbartha á chur le chéile. Tá dréachtphlean acu faoi láthair. Ba chóir go mbeadh an méid a bhí le rá ag an mbreitheamh sa phlean sin agus pé monatóireacht agus a leithéidí a théann leis. Ba chóir go mbeadh na scéimeanna teanga domhain agus daingean.

Níl a fhios agam an bhfuil na comhairlí ar an eolas ach luaigh an tAire tithíochta go mbeidh scéim phleanála teanga agus scéim ó thaobh tithíochta de ag teacht chun cinn roimh an Nollaig. Tá an tAire le bheith os comhair an choiste seo chun é sin a phlé mar chuid den tsraith chruinnithe á eagrú againn faoi thithíocht sa Ghaeltacht. Pé rud a déarfaidh an tAire sa scéim phleanála tithíochta sa Ghaeltacht, b’fhéidir go mbeidh sé le feiscint sa phlean forbartha chomh maith. Nílim cinnte an é Tír Chonaill a bhí le críochnú roimh an Nollaig. Tá súil agam go bhfuil am fós ann ionas go mbeidh sé sna pleananna forbartha do 2022 ar aghaidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.