Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé

Mr. Liam Mac an Bhaird:

Maidir leis an phlean forbartha contae, beidh muidne i nDún na nGall ag tosú ar an athbhreithniú ar an phlean an bhliain seo chugainn. Caithfimid tús a chur leis i mí na Bealtaine 2022. Beimid i dteagmháil leis na baill thofa ar an gcomhairle Dé Luain seo chugainn maidir leis sin agus beimid ag fáil réidh faoi choinne an athbhreithnithe. Ó thaobh an chinnidh maidir leis an chás a bhí os comhair na hArd-Chúirte, i Rath Cháirn, beimid á thabhairt faoi deara nuair a bheidh an t-athbhreithniú á dhéanamh againn. Beimid ag plé an ábhair sin agus gan dabht caithfimid é sin a chur san áireamh agus muid ag déanamh an phlean forbartha contae úr.

Maidir leis an dara ceist, tá an freagra céanna relevant ansin chomh maith. Beimid ag déanamh sin mar chuid den athbhreithniú ar an phlean atá againn agus an plean nua á chur le chéile againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.