Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 24 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála Fisiciúla sa Ghaeltacht: Plé

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as ucht an chruinnithe seo a eagrú. Tá sé iontach tábhachtach agus iontach dearfach a bheith páirteach sa chomhrá seo. Is cinnte go bhfuil caidreamh maith idir oifigigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus mé féin. É sin ráite, nuair a bhí mé i Roinn na Gaeltachta bhí mé i dteagmháil le Kevin Kelly uair amháin agus le comhghleacaithe eile i gComhairle Contae na Gaillimhe agus i gComhairle Contae Mhaigh Eo. Is léir go bhfuil tionchar mór dearfach, agus tionchair dhifriúla, sna ceantair éagsúla ar son na ndaoine uilig atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta maidir leis an seirbhís. Nuair a bhí mise ag lorg duine i gComhairle Contae Dhún na nGall, bhí mé ábalta labhairt trí Ghaeilge leo. Gach aon lá, is cuma cén cheist atá ann, tá duine ann le Gaeilge. Tá sé sin difriúil ó 20 bliain ó shin agus ó deich mbliana ó shin fosta. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’achan duine as an díograis agus an sárobair a rinneadh thar na blianta.

Tá sé sin tábhachtach mar níl Gaeilge ag achan duine. Is é sin an saol agus is é sin an dúshlán a bhíonn ann i gcónaí. É sin ráite, tá níos mó impleachtaí ann faoin tumoideachas. I gceantair Gaeltachta anois tá níos mó bunscoileanna agus meánscoileanna ag dul tríd an tumoideachas. Tá na comhairlí contae uilig ag obair le chéile le hÚdarás na Gaeltachta, leis na dreamanna deonacha agus leis na daoine atá ag obair ar na pleananna teanga laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Mar shampla, i mo chontae tá Leitir Ceanainn mar bhaile seirbhíse anois agus i gContae na Gaillimhe fosta i gcás chathair na Gaillimhe. Tá an iarracht atá déanta tábhachtach agus tá an bealach ina bhfuilimid tábhachtach fosta.

Dá mbeadh seans ann in 2022, nuair a bheimid in áit dhifriúil agus ábalta casadh le chéile, b’fhéidir go mbeidh comhdháil ann. Is í sin an sprioc atá agam. B’fhéidir go bhféadfadh comhdháil lonnaithe i nGaillimh nó i Maigh Eo a bheith ann, agus chuirfí fáilte roimhe i nDún na nGall freisin, ina mbeimis ag labhairt faoi agus ag amharc ar na rudaí dearfacha. Tá ceangal ann idir na réamhscoileanna. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair go cóngarach leis an gceantar Mín an Lábáin, áit atá iontach lag ó thaobh na Gaeilge de. Tá siad ag obair lámh le chéile leis an scoil i nGleann Domhain ar na réamhscoileanna agus an spás, an deis agus an tábhacht a bhaineann leis na réamhscoileanna.

Chomh maith leis sin, tá mise ag obair go cóngarach leis na hoifigigh san oifig phleanála i dTír Chonaill agus Inis Eoghain fosta faoin éileamh atá ann anois. Tá na daoine uilig ag teacht ar ais. Tá níos mó daoine ag smaoineamh ar theacht ar ais ó Mheiriceá agus ón Astráil agus ba mhaith leo tithe a thógáil ina gcontaetha féin. Tá plean mór ag baint leis sin. Bíonn na comhairleoirí contae ag caint faoi seo i gcónaí. Taobh amuigh den cheist míoca atá ann faoi láthair, is é an plean faoi choinne tithe sna ceantair iargúlta an rud is tábhachtaí, go cinnte i gceantair Ghaeltachta agus lasmuigh dóibh.

Tá níos mó oibre de dhíth. Mar fhocal scoir, nílim ag cuardach aon fhreagra ar aon cheist. Tá an obair iontach tábhachtach atá déanta le feiceáil ar an talamh, ach is cinnte go bhfuil dúshláin ann fosta. Tá níos mó daoine ag streachailt leis an nGaeilge. Tá níos mó daoine ag amharc siar ar an drochthaithí a bhí acu ag foghlaim na Gaeilge. É sin ráite, tá níos mó rudaí dearfacha ann agus déanaim comhghairdeas leis an Chathaoirleach agus na hoifigigh uilig as a bheith páirteach sa chomhdháil inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.