Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Ms Fíona Uí Uiginn:

Maidir le cén chaoi an fráma tagartha a cheangal isteach chun é a dhéanamh níos éifeachtaí, an chéad rud gur gá leis ná ailíniú a dhéanamh idir na gráid éagsúla sa fhráma tagartha agus an curaclam. Tuigeann an Seanadóir an fráma tagartha comónta Eorpach. Tosaíonn sé le A1 agus ansin téann sé go A2, B1, B2 agus mar sin de. Bheadh gá féachaint ar na sonraíochtaí ag an iar-bhunleibhéal, ag tosú leis an tsraith shóisearach, agus cinntiú go raibh ceann de na leibhéil sin ailínithe ar bhealach trédhearcach, ag teacht leis an gcaighdeán atá i gceist leis an bhfráma tagartha.

Is é sin go mbeadh A1 ag teacht le bonnleibhéal nó gnáthleibhéal sa tsraith shóisearach agus go mbeadh A2 agus ansin B1 agus B2 ag teacht suas go dtí an ardteistiméireacht. Bheadh béaltriail i gceist freisin. Tá a lán marcanna ag dul don bhéaltriail i láthair na huaire. Tá an bhéaltriail struchtúrtha le han-chuid sraitheanna pictiúr atá le foghlaim de ghlanmheabhair ag daltaí agus níl sé sin ag cur leis an gcumas fadtéarmach cumarsáide atá ag na daltaí. Tá sé sin léirithe sa phlécháipéis. Níl a fhios agam an raibh deis ag na comhaltaí é sin a léamh.

Chomh maith leis sin, is é ceann de na teachtaireachtaí míchearta atá ann leis an tsraith shóisearach faoi láthair ná nach bhfuil aitheantas á thabhairt go hoifigiúil don scrúdú béil sa tsraith shóisearach nua. Ba mhaith linn - ceapaim go bhfuilimid ar fad ar aon fhocal faoi seo – go mba chóir go mbeadh aitheantas tugtha ag an tsraith shóisearach don bhéaltriail. Bhí sé sin ann agus ba cheart é a thabhairt ar ais.

Tá molta go mbeidh 35% nó 40% de na marcanna ag leibhéal na hardteistiméireachta ag dul don bhéaltriail ach caithfidh athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbéaltriail chun a chinntiú go bhfuil cumas cumarsáide ag sroicheadh leibhéal atá aitheanta go hidirnáisiúnta tríd an bhfráma tagartha thuasluaite, go bhfuil caighdeán áirithe ag baint leis agus nach mbeadh daltaí díreach ag foghlaim rudaí de ghlanmheabhair don scrúdú sin. Tá athstruchtúrú dáiríre agus athbhreithniú le déanamh air sin.

Chuir an Seanadóir Dolan ceist orm mar gheall ar shaíocht agus litríocht na Gaeilge. Tá an cúrsa atá molta againn dírithe ar dhaltaí atá ar ardchaighdeán chun cur leis an gcumas atá acu siúd mar níl freastal ceart á dhéanamh orthu i láthair na huaire ó thaobh na litríochta agus shaíocht na teanga de. Is cinnte, agus tá an ceart ag an Seanadóir, go mbeadh a leithéid de chúrsa spéisiúil do dhaoine nua atá ag teacht isteach sa tír agus do go leor de na daltaí chun comhthéacs den teanga atá á foghlaim acu a thabhairt dóibh. B’fhéidir go mbeadh féidearthacht ansin do ghearrchúrsa ag leibhéal na sraithe sóisearaí, nó má tá gearrchúrsa beartaithe acu le tabhairt isteach leis an athchóiriú a bheidh á dhéanamh ar an ardteistiméireacht, go mbeadh féidearthacht ann le go bhfaigheadh réimse níos leithne de dhaltaí an deis eolas a chur air sin. I ndáiríre, is é cuid den chúis é go mbíonn daltaí ag gearán mar gheall ar an nGaeilge mar nach bhfuil tuiscint iomlán acu ar thábhacht na teanga, an traidisiún agus an saibhreas a bhaineann léi i gcomhthéacs Eorpach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.