Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 November 2021
Joint Oireachtas Committee on Education and Skills
An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé
Mr. Julian de Spáinn:
Caithfear comhthéacs a thabhairt do na daltaí faoi cén fáth go bhfuil siad ag foghlaim na Gaeilge. Ceann de na bun-mholtaí a bhí againne i gcónaí ná go mbeadh cúrsa feasachta teanga mar chuid den chúrsa a bheadh ar siúl chun go mbeadh a fhios ag daoine na buntáistí agus na rudaí a fhaigheann siad as teanga bhreise a bheith acu, chomh maith leis an Ghaeilge féin agus an tsaíocht agus litríocht shaibhir atá bainteach léi freisin. Ceann de na rudaí a théann i bhfeidhm orm faoi seo ná go bhfuil an T1, sé sin, an rud atá molta ag an CNCM, mar chineál siomptóm den fhadhb mhór atá sa tír seo. Nílimid sásta a bheith uaillmhianach nó a rá nach bhfuil an córas ag obair i gceart faoi láthair agus gur gá céimeanna móra a ghlacadh le rudaí a chur ina gceart. Sílim go gcaithfimid dul síos an bóthar sin. Mar shampla, sa Bhreatain Bheag, d’aithin siad go bhfuil siad ag iarraidh 1 milliún cainteoir Breatnaise a bhaint amach. Chuige sin, ceann de na rudaí is mó atá siad chun déanamh chun é sin a bhaint amach ná 40% de na scoileanna a bheith ag feidhmiú trí mheán na Breatnaise. Sin sprioc mhaith agus tá plean taobh thiar de sin conas é a bhaint amach.
An rud a fheicimse in Éirinn go rialta ná nach bhfuil muid uaillmhianach agus nach bhfuil muid ag breathnú agus ag feiceáil go bhfuil bealach éagsúil rudaí a dhéanamh, in ionad tweaking a dhéanamh ar na rudaí atáimid ag déanamh faoi láthair. Má cheapann an Stát go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh ardchumas Gaeilge ag roinnt de na daltaí ag teacht amach as an ardteistiméireacht, agus go gcabhródh sé sin go mór le cur chun cinn na Gaeilge, caomhnú na Gaeilge, caomhnú na Gaeltachta agus eile, cén fáth nach mbeadh pointí bónais mar pháirt den ardteistiméireacht, nó den chóras scrúdaithe a chuirtear ar fáil, agus go mbeadh sé ar fáil do gach duine? Cén fáth nach féidir breathnú ar chóras éagsúil a fheidhmíonn go maith san Eoraip, mar shampla, agus an fráma teanga Eorpach a thabhairt isteach agus a úsáid?
B’fhéidir gur seo cuid den fháth nach bhfuiltear ag breathnú air seo. Níl sé luaite sa chóras sonraíochta atá molta ag an CNCM faoi láthair. Níl an fráma Eorpach luaite in aon chor sa cháipéis sin. Roghnaigh an CNCM é sin a thógáil san áireamh sa tsraith shóisearach ach roghnaíodh é ag na leibhéil iomlán mícheart. Tá cuma ar an scéal go bhfuil sé ag déanamh neamhaird ar an bhfráma anois mar go ndearnadh botún ansin, in ionad a aithint go raibh an meon taobh thiar den fhráma a thabhairt isteach don tsraith shóisearach ceart ach b’fhéidir go raibh na leibhéil a roghnaíodh mícheart.
Tagann sé seo ar ais go dtí an gá leis an athbhreithniú ar an tsraith shóisearach. Ba chóir céim siar a ghlacadh agus a rá, má táimid chun an fráma a úsáid, déanfaimid i gceart é agus labhróidh muid leis na saineolaithe a thuigeann an fráma i gceart. Tá cuid den phlécháipéis atá curtha le chéile ag Fíona agus Áine bunaithe ar conas go bhféadfaí an fráma a thabhairt isteach trí chéile agus sílim go bhfuil bunús ansin. Tá saineolaithe amuigh ansin a d’fhéadfadh na ceisteanna seo a fhreagairt ach nílimid uaillmhianach a dhóthain sa chóras oideachais in Éirinn. Táimid sásta tweaking a dhéanamh in ionad breathnú ar na hathruithe móra atá ag teastáil má táimid i ndáiríre faoi na spriocanna náisiúnta a bhaint amach.
No comments