Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta, Teastas Eorpach na Gaeilge agus Earcaíocht agus Cur Chun Cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí: Díospóireacht

Ms Aoife Ní Ghloinn:

Mar a mhínigh Siuán, is dóigh liom gurb é leibhéal B2 an leibhéal is mó a luaitear ar fud an domhain go hidirnáisiúnta. Ba é an moladh a bhí ag an Dr. John Walsh nuair a bhí sé os comhair an choiste ná gurb é B2 an leibhéal is mó a theastódh le go mbeadh duine in ann feidhmiú san ionad oibre agus déileáil le rudaí nach mbeadh aon choinne acu leo agus an cineál sin rud. Is é B2 an leibhéal is gnách a luann muid. Mar a dúirt an Cathaoirleach, bheadh comhthéacsanna ann sa mhéid is nach mbeadh daoine ag déileáil leis an bpobal. D’fhéadfaidís a bheith ag glacadh sonraí síos agus ag déanamh rudaí meicniúla, agus rudaí a bheadh intuartha. Is é sin an difríocht is mó idir B1 agus B2. Dá mbeadh daoine ag déileáil le réimse teoranta tascanna agus rudaí intuartha i gcónaí, b’fhéidir gur leor leibhéal B1 sa chomhthéacs sin.

Tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir na scileanna éagsúla. B'fhéidir nach mbeadh caighdeán an-ard scríbhneoireachta ag teastáil ó an-chuid daoine a bheadh ag plé leis an bpobal, ach bheadh leibhéal B2 de dhíth orthu sa chaint. Shamhlóinn go mb’fhéidir go mbeidh B2 sa chaint ag teastáil in an-chuid comhthéacs. Tá sé tábhachtach, seachas na lipéid “B1” nó “B2” a úsáid, go mbeadh muid ag caint faoi phróifílí cumais. Is é sin le rá go mbeadh leibhéal B2 sa chaint ag teastáil ó dhuine i ról faoi leith, nó leibhéal B1 sa scríbhneoireacht nó sa léitheoireacht i gcomhthéacsanna eile b’fhéidir. Is gá anailís a dhéanamh ar na riachtanais a bhaineann leis na poist éagsúla. Tá sé beartaithe ag an Roinn píosa taighde a choimisiúnú le breathnú ar an gceist seo. Bheadh sé tábhachtach go mbeadh an anailís ar na riachtanais a bhaineann le poist éagsúla lárnach sa taighde sin. I gCeanada agus sa Bhreatain Bheag, cuireadh uirlisí ar fáil agus tá taighde agus anailís déanta ar na riachtanais teanga a bhainfeadh le poist éagsúla mar chuid den earnáil phoiblí. Cuireadh uirlis ar fáil ar líne i gCeanada ar féidir le heagraíochtaí stáit ceisteanna a fhreagairt agus treoir a fháil maidir leis an bpróifíl cumais atá ag teastáil ó dhaoine a bheadh i róil faoi leith. Seo iad na cineálacha rudaí a bheidh ag teastáil: taighde agus uirlis nó treoir éigin a thacódh le heagraíochtaí Stáit an phróifíl chuí chumais a leagan síos do na poist éagsúla.

Ba mhaith liom filleadh ar an gcéad rud a luaigh an Cathaoirleach maidir le daoine a mhealladh. Buntáiste a bhaineann leis an moladh a rinne Fíona agus Áine ná go mbeadh cúrsaí na hardteistiméireachta agus na cúrsaí éagsúla ag leibhéil na meánscoile ceangailte leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach. Ba cheart dom a shoiléiriú nach ionann an FTCE agus an TEG. Is é an FTCE an fráma idirnáisiúnta a bhfuil TEG, agus cúrsaí eile, bunaithe air. Is é an moladh atá déanta anseo ná go mbeadh cúrsa na hardteistiméireachta bunaithe air freisin. Dá ndéanfaí é sin, ar a laghad thuigfeadh mic léinn nó daltaí - má tá an cúrsa gnáthleibhéil, bonnleibhéal, ardleibhéil nó an sárleibhéal déanta acu - cén áit ar an scála ó A1 go C1 a mbeidís féin. Dá mbeadh a fhios acu gurb ionann a gcáilíocht ardteistiméireachta agus leibhéal B1 nó B2, b’fhéidir nach mbeadh drogall orthu cur isteach ar scrúdú TEG dá mbeadh gá leis mar chuid den phróiseas earcaíochta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.