Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 November 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Curaclam Nua na hArdteistiméireachta, Teastas Eorpach na Gaeilge agus Earcaíocht agus Cur Chun Cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí: Díospóireacht

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam maidir leis na díolúintí. Tugadh faoi deara go raibh an tOllamh Pádraig Ó Duibhir os comhair an choiste. Luadh go bhfuil an eagla ann go lorgófar níos mó díolúintí má thagann an cúrsa mar atá leagtha amach ag an CNCM chun cinn. Cad é go díreach atá i gceist leis sin?

Sa mhatamaitic, má dhéantar an leibhéal is airde san ardteistiméireacht, is féidir pointí bónais a fháil. Tá dhá rogha curtha chun cinn. Sa chéad chás, tuigim go mbeidh pointí bónais ann dóibh siúd a dhéanfaidh an sárleibhéal. Cad faoin ardleibhéal sa dara rogha? An mbeidh sé sin i gceist sa chás sin nó an gcruthófar dhá ábhar ansin? Déantar matamaitic fheidhmeach agus matamaitic ag an ardleibhéal. Cuirtear pointí bónais bhreise ar fáil sa mhatamaitic, chomh maith leis an ábhar breise. Is fiú smaoineamh air sin gan a bheith á lua. Sa deireadh thiar thall, ba mhaith linn daoine a mhealladh ionas go mbeidh siad ag an leibhéal is airde agus iad á mhealladh isteach sa státseirbhís. Bhí an cheist seo againn ó thaobh earcaíochta de. Tuigimid an stádas a bheidh ann maidir le TEG. Ba é an freagra a fuaireamar ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar cheist faoi seo ná go raibh sé deacair daoine a mhealladh isteach sa státseirbhís agus gur fadhb í seo. Níl a fhios agam ar smaoinigh an Roinn ar fhógraíocht a dhéanamh i gcoláistí Gaeilge chun daoine a mhealladh. Is bealach eile é seo, áfach, chun aitheantas a sholáthar toisc go bhfuil an t-aitheantas againn cheana féin. Is ar an gcúis seo a rinneadh athruithe ar an matamaitic. Aithníodh go raibh fadhb ann ó thaobh na matamaitice de. Is bealach é seo chun dul i ngleic leis an bhfadhb. Tá a fhios againn ar fad go bhfuil fadhb ann le hinniúlacht sa Ghaeilge. Má tá an fhadhb sin ann, ba chóir don Stát, más gá, buntáiste breise a thabhairt dóibh siúd atá sásta inniúlacht bhreise a dhéanamh, mar shampla dhá chúrsa a dhéanamh ar an rud céanna. Is iad sin mo thuairimí ar an ábhar seo.

Tagraím do na hinniúlachtaí - seo comhrá a bhí ann ag deireadh Chéim na Tuarascála den Bhille sa Dáil - agus más é B1 nó B2 an leibhéal is oiriúnaí. Tá roinnt daoine ann a gcaithfidh an leibhéal is airde a bheith acu más rud é go bhfuil siad ag déileáil leis an bpobal. Mar sin féin, tá daoine eile nach bhfuil ag an mbinse tosaigh agus nach bhfuil ag déileáil leis an bpobal i gcoitinne. B’fhéidir go mbeadh leibhéal B2 sásúil dóibh siúd. Tháinig athrú ó thaobh mo pháirtí féin sa mhéid a chuireamar trasna sa leasú. Níl a fhios agam fós cá bhfuilimid ar an ábhar seo agus ar cheart go mbeadh leibhéil dhifriúla ann do phoist dhifriúla, nó an nglacaimid leis go mbeidh gach duine a théann isteach sa tseirbhís phoiblí ar leibhéal áirithe. Tá daoine ann nach ndéileálann leis an bpobal in aon chor. An mbeadh bac i gceist ansin? Nílim 100% cinnte go fóill. Glacaim leis gur chóir go mbeadh TEG ann ar leibhéal áirithe B, ach níl a fhios agam cén ceann acu idir B1 agus B2. B’fhéidir gur féidir leis na finnéithe cuidiú liom i leith TEG ar dtús.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.