Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 November 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Curaclam Nua na hArdteistiméireachta, Teastas Eorpach na Gaeilge agus Earcaíocht agus Cur Chun Cinn na Gaeilge san Earnáil Phoiblí: Díospóireacht
Mr. Julian de Spáinn:
Bheadh muid an-bhuartha dul leis an B1 in ionad an B2, go háirithe ó thaobh caint na Gaeilge. Níl mé ag iarraidh bheith soiniciúil ach aon uair go gcuirtear bealach ar fáil don státchóras dualgas a sheachaint nó gan an rud is fearr a dhéanamh, glacfaidh siad leis, agus má ghlactar le B1 do rudaí áirithe is B1 a fheicfimid níos mó agus níos mó. Bheinn buartha faoi sin. Táimid ag caint faoi chúrsaí earcaíochta anseo so bheadh daoine á earcú ar leibhéal B1 agus sa státchóras is minic go dtéann duine ó phost go post agus ar aghaidh. Go bunúsach, bheadh an duine nach bhfuil ar an gcumas ceart ag dul tríd an gcóras mar is earcaíocht atá i gceist, ní daoine atá sa chóras cheana féin. Bheinn thar a bheith buartha faoi imeacht ón rud idirnáisiúnta. Luadh gur B2 an bunleibhéal chun gur féidir le duine bheith in ann déileáil i ndáiríre le duine éigin sa Ghaeilge i slí cheart, gur féidir leo comhrá a bheith acu agus déileáil le fadhbanna a thagann chun cinn. Le córas nua á chur i bhfeidhm, ba chóir tosú leis an rud ceart. I gcomhthéacs an rud atáimid ag caint faoi inniu, má chuirtear an córas oideachais i gceart, d’fhéadfadh sé seo ar fad feidhmiú i gceart má thosaíonn muid ag smaoineamh faoin mbealach é dhéanamh. Má tá an doras leath ar oscailt, glacfaidh an státchóras leis agus bheinn an-bhuartha faoi cén córas a bheadh linn ag an deireadh.
No comments