Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 22 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Seirbhís Thithe an Oireachtais

Mr. Peter Finnegan:

Is mian liom buíochas a ghabháil leis an gcomhchoiste as cuireadh a thabhairt dom freastal anseo inniu chun uasdátú a thabhairt do chomhaltaí maidir le soláthar seirbhísí Gaeilge agus dátheangacha i Seirbhís Thithe an Oireachtais. I mo theannta tá Elaine Gunn, rúnaí cúnta, rannóg na seirbhísí parlaiminteacha; Vivian Uíbh Eachach, an príomh-aistritheoir; agus Margaret Crawley, ceann an aonaid acmhainní daonna.

An uair dheiridh a raibh cruinniú agam leis an gcomhchoiste, sa bhliain 2018, luaigh mé na príomhsheirbhísí a sholáthraítear trí mheán na Gaeilge i ndáil le doiciméid pharlaiminteacha, tiontuithe oifigiúla ar Achtanna, comharthaíocht, seirbhísí aistriúcháin chomhuainigh agus oiliúint Ghaeilge. Cuirim fáilte roimh an deis ag an gcruinniú seo inniu aird a dhíriú ar an dul chun cinn atá déanta ó shin. Ar an gcéad dul síos, táimid tar éis an rialachas inmheánach a bhaineann le soláthar seirbhísí Gaeilge a neartú. Sa phlean straitéiseach don tréimhse ó 2019 go dtí 2021, tá tiomantas ann ár gcumas a fheabhsú i ndáil leis an nGaeilge trí réimse gníomhartha faoi na trí cholún ríthábhachtacha seo a leanas: an straitéis ar a dtugtar "Rannóg 2024", scéim na dteangacha oifigiúla, agus straitéis na Gaeilge.

Déanann grúpa stiúrtha faireachán ar an gcuspóir sin ar bhonn míosúil. Is iad cúraimí ghrúpa stiúrtha Rannóg 2024, a bhfuil Leas-Chléireach Dháil Éireann ina cathaoirleach air ag leibhéal rúnaí cúnta, ná formhaoirsiú a dhéanamh ar chur i ngníomh na straitéise ar a dtugtar Rannóg 2024 agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn leis an scéim teanga agus le straitéis na Gaeilge. Tuairiscíonn an grúpa stiúrtha go díreach do bhord bainistíochta na seirbhíse ar bhonn ráithiúil. Tá an príomh-aistritheoir, ceann an aonaid acmhainní daonna agus eagarthóir na ndíospóireachtaí ina gcomhaltaí den ghrúpa stiúrtha.

Tá tionscadal glanta riaráistí Rannóg 2024 ar siúl ó lár 2019 agus tá dul chun cinn á dhéanamh maidir leis na riaráistí ar na tiontuithe oifigiúla ar Achtanna an Oireachtais a fhoilsiú faoin sprioc Iúil 2024.

Faoin straitéis um chlaochlú digiteach, tá an mórthionscadal chun bogadh chuig Riar na hOibre digiteach do Dháil Éireann. Beidh sé sin dátheangach agus gréasán-bhunaithe. Tá sé beagnach críochnaithe agus seolfar é i mbliana. Cuirfear tairseach Comhaltaí nua dhátheangach ar fáil an bhliain seo chugainn ar a dtabharfar "Áis-Linn". Sa chéad chéim, beidh Comhaltaí in ann Saincheisteanna Tráthúla agus Nithe i dTosach Suí de chuid an tSeanaid a chur isteach go leictreonach agus soláthrófar feidhmiúlacht féilire do Chomhaltaí sa dara céim.

Is ionann na hagaí comhlánaithe chun óráidí Gaeilge a thuairisciú i dTuairisc Oifigiúil na ndíospóireachtaí agus na spriocanna le haghaidh óráidí Béarla. Tá ceannteidil statacha na míreanna gnó sna díospóireachtaí dátheangach agus beidh an dátheangachas go hiomlán comhtháite nuair a gheofar an córas nua scríofa díospóireachtaí faoin gclár um chlaochlú digiteach. Foilsítear gluaiseanna na mBillí, ina bhfuil téarmaíocht Ghaeilge, do na Billí Rialtais go léir chun tacú le díospóireachtaí dátheangacha ar an reachtaíocht. Eisíodh 137 gluais go dtí seo.

Maidir le seirbhísí Gaeilge do na coistí, tá an trealamh is gá le haghaidh an aistriúcháin chomhuainigh ar fáil sna ceithre sheomra coiste anois. Tá tionscadal ar bun chun líon na mbothanna aistriúcháin chomhuainigh atá againn a dhúbailt sa bhliain atá romhainn amach agus ocht gcinn san iomlán a bheith ar fáil, agus fógrófar comórtas go luath chun foireann thiomnaithe ateangairí a earcú. Ag brath ar an earcaíocht, tá sé beartaithe againn seirbhís aistriúcháin chomhuainigh ghníomhach, is é sin, ateangaireacht sa dá threo, a fhorbairt. D’iarr an comhchoiste go ndéanfaí an fhorbairt sin ar an tseirbhís sa bhliain 2018. Ní foláir dom a aithint go raibh tionchar sealadach ag srianta Covid-19 ar sholáthar na seirbhíse sin do na seomraí coiste agus don Seanad agus gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as a dtuiscint a léiriú ina leith sin. Is féidir le comhaltaí a bheith cinnte de go ndéanfar an tseirbhís iomlán a atosú a luaithe is féidir, ag féachaint don chomhairle sláinte agus sábháilteachta a chuirfear orainn.

Tá dul chun cinn déanta maidir leis an earcaíocht dhátheangach. Tá méadú faoi dhó, beagnach, ó 28 go 54, tagtha ar líon na mball foirne atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ón mbliain 2018 i leith. Nuair a chuirtear an uimhir sin le líon na mball foirne aistriúcháin i rannóg an aistriúcháin, 22, is ionann é agus níos mó ná 13% den fhoireann iomlán. Mar gheall ar an dul chun cinn atá déanta, beimid in ann comhordú níos fearr a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí dátheangacha do na Comhaltaí tríd an rannóg um sheirbhísí do chomhaltaí.

Cuirimid foilseacháin phríomhúla ar fáil go dátheangach. Le déanaí, mar shampla, foilsíodh an prótacal d'fhinnéithe a láithríonn os comhair coistí agus an nóta treorach do chathaoirligh a nuashonraíodh tar éis chás Kerins. Maidir le cumarsáid agus rannpháirtíocht an phobail, tá na fógraí sna hardaitheoirí uile ar an gcampas dátheangach, tá na foilseacháin a bhaineann leis an gclár oideachais agus leis an gclár cuimhneacháin dátheangach agus tá an tseirbhís cláraithe cuairteoirí go hiomlán dátheangach. Cuirimid raon cúrsaí oiliúna ar fáil do Chomhaltaí agus do bhaill foirne, lena n-áirítear deiseanna foghlama ar líne. Sheol an tseirbhís leabharlann Ghaeilge, taisce na leabhar, le haghaidh Comhaltaí agus baill foirne. Rinneamar síniú leictreonach dátheangach nua aonfhoirmeach a thabhairt isteach le haghaidh na mball foirne uile le déanaí agus tá sé ráite go sonrach ann go gcuirtear fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge.

Tuigim go bhfuil spéis ar leith ag comhaltaí an chomhchoiste i gceist na hearcaíochta. Tá gealltanas againn i straitéis na Gaeilge 2021 go ndéanfaimid líon na mball foirne dátheangach atá againn a mhéadú de réir a chéile. Tá an fhoireann acmhainní daonna ag obair go dian chun líon na mball foirne dátheangach a mhéadú agus aird ar leith acu ar na seirbhísí príomhúla. Agus comórtais earcaíochta á mbeartú ag an tseirbhís, leagaimid béim ar an ngá atá ann líon ball foirne dátheangach a earcú a bheidh leordhóthanach chun seirbhísí a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla. Tá tosaíocht á tabhairt do na réimsí ina ndéantar an teagmháil is mó le Comhaltaí agus leis an bpobal. Mar shampla, tá comórtas d’uiséirí parlaiminteacha á fhógairt ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí thar ár gceann faoi láthair agus tá sruth Gaeilge sa chomórtas sin. Tá dúshlán roimh an tseirbhís, sa mhargadh saothair reatha, baill foirne a earcú ag a bhfuil na scileanna a theastaíonn uainn le haghaidh cuid mhór de na róil speisialtóireachta i dTithe an Oireachtais, mar shampla, taighdeoirí dlí, geilleagraithe agus aistritheoirí.

Tá bearta déanta ag an tseirbhís chun faireachán ar ár gcuid oibleagáidí faoin scéim teanga a neartú. Déanaimid faireachán ar bhonn leanúnach ar an dul chun cinn. An tseachtain seo caite, rinne an bord bainistíochta breithniú ar thuarascáil chlabhsúir ar an scéim reatha le haghaidh na tréimhse ó 2018 go dtí 2021. Tá 93% de na gealltanais comhlíonta go hiomlán nó á gcomhlíonadh ar bhonn leanúnach. Tá tús curtha leis an obair ullmhúcháin le haghaidh na scéime teanga nua. Tá an próiseas comhairliúcháin tosaithe agus beidh an pobal, Comhaltaí agus an fhoireann páirteach ann. Cuirfear an dréacht-scéim faoi bhráid Choimisiún Thithe an Oireachtais níos déanaí i mbliana.

Le straitéis na Gaeilge, tacaítear lenár ngealltanas straitéiseach maidir le Parlaimint oscailte inrochtana a bheith ann. Is é cuspóir na straitéise an dátheangachas agus suim ghníomhach sa teanga a fhorbairt d’fhonn timpeallacht dhátheangach fheidhmiúil a chruthú san Oireachtas. Sheol an Ceann Comhairle an dara straitéis dár gcuid le déanaí, straitéis a bhfuil mar phríomhchuspóir léi cur leis an méid Gaeilge a úsáidtear sa dá Sheomra.

Tá áthas orm a chur in iúl don chomhchoiste go bhfuil béim mhór ar an dátheangachas inár ngníomhaíochtaí cumarsáide agus caidrimh phoiblí, mar a leanas. Reáchtálamar cláir shubstaintiúla i gcomhair Vótáil 100 agus Dáil 100 agus tá pleananna againn chun comóradh a dhéanamh ar díospóireachtaí an chonartha i mbliana agus ar Seanad 100 an bhliain seo chugainn. Is go dátheangach a cuireadh i láthair na foilseacháin agus na taispeántáin go léir a cuireadh ar taispeáint i dTeach Laighean le haghaidh an dá chlár comórtha go dtí seo agus is mar sin a bheidh sna comórthaí amach anseo. Tá sé de chumas againn anois ceannteidil Ghaeilge a chur ar Oireachtas TV ach, mar gheall ar shrianta Covid-19, ní féidir é sin a chur i bhfeidhm go hiomlán go fóill.

Tá an t-ábhar statach ar oireachtas.ieagus ar shuíomh gréasáin chomóradh Dáil 100 dátheangach. Tá leathanach gréasáin rannóg an aistriúcháin beo agus tá na tiontuithe oifigiúla is déanaí ar na hAchtanna le feiceáil air. Bogadh suíomh gréasáin achtanna.iechuig timpeallacht scamaill an Oireachtais mí ó shin agus déanfar uasghrádú mór ar an suíomh sin sna míonna atá romhainn amach. Tá sé i gceist againn é a athsheoladh níos déanaí i mbliana. Mar chuid dár gclár oideachais, is go dátheangach a dhéantar gach cumarsáid leis na scoileanna. Cuirimid seachtainí taithí oibre ar leith ar fáil do dhaltaí as ceantair Ghaeltachta agus Gaelscoileanna.

Tá a fhios agam go bhfuil tuarascáil chuimsitheach faighte le déanaí ag an gcomhchoiste ón tseirbhís maidir le dul chun cinn ar straitéise riaráistí Rannóg 2024. Glacaim leis go raibh deis ag na comhaltaí an tuarascáil a léamh agus díreoidh mé aird na gcomhaltaí ar chuid de na príomhphointí maidir leis an dul chun cinn a rinneadh le dhá bhliain anuas.

Bhí 511 Acht riaráiste liostaithe sa bhreithiúnas ón Ard-Chúirt in 2019. Tá anailís déanta orthu sin go léir agus tá siad liostaithe de réir téama agus bliain an achtaithe. Tá uirlisí bainistithe tionscadail agus córais le haghaidh rianú agus tuairisciú i bhfeidhm. Bunaíodh dhá chreat sheachtracha le haghaidh eagarthóireachta agus profléitheoireachta tar éis próisis tairisceana iomaíocha. As 511 Acht, tá 100% díobh aistrithe, tá 10% díobh foilsithe, tá 45% díobh ag céim na heagarthóireachta agus tá 45% díobh ag céim na profléitheoireachta.

Is gá an acmhainn a mhéadú, áfach, má táthar chun gach Acht riaráiste a fhoilsiú faoi lár na bliana 2024, mar atá beartaithe. Bhí deacrachtaí móra againn poist le haghaidh aistritheoirí agus ateangairí a líonadh. Is díomách an toradh a bhí ar chomórtais earcaíochta iomadúla. Ghéaraigh ar an iomaíocht le déanaí nuair a rinne institiúidí an AE cinneadh comhaltaí foirne a fhostú a bheadh lonnaithe in Éirinn. Aithníodh roinnt beart le déanaí chun an acmhainn a fheabhsú sna trí bliana atá romhainn amach. Scrúdófar iad sin ar leibhéal an bhoird bainistíochta gach ráithe.

Beidh ról lárnach ag teicneolaíocht an aistriúcháin maidir le tacú le hobair Rannóg an Aistriúcháin sna blianta atá romhainn. Tá dul chun cinn déanta i roinnt réimsí, mar a leanas. Tá na bogearraí nua aistriúcháin ag feidhmiú go hiomlán. Ghlacamar páirt i dtionscadail le comhpháirtithe in institiúidí an AE, in institiúidí tríú leibhéal agus i gcomhlachtaí comhlachaithe. Beimid ag méadú ár gcuimhne aistriúcháin trí fhasaigh Oireachtais a ghabháil go leictreonach. Beidh tástáil á déanamh againn den chéad uair ar an meaisín-aistriúchán. Táimid ag féachaint le bogearraí profléitheoireachta a úsáid i seiceálacha teicniúla ar phrofaí. Luaigh mé roimhe seo an clár um chlaochlú digiteach. Tá ról lárnach ag Rannóg an Aistriúcháin sa chlár sin agus tá páipéar á ullmhú ag an rannóg faoi láthair don bhord bainistíochta maidir leis an dátheangachas sa phróiseas sin.

Tá an tiomantas céanna ag an tseirbhís agus atá ag an gcomhchoiste maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus an dátheangachas a fhorbairt tuilleadh sna Tithe agus sna coistí. Fáiltím roimh rannpháirtíocht na gcomhaltaí inniu agus táim ag tnúth lena bheith ag obair i gcomhar le chéile chun an cuspóir sin a chur chun cinn. Chun an t-athrú a bhrú ar aghaidh, ní mór roinnt coinníollacha a chomhlíonadh, mar a leanas. Ní mór an dátheangachas a chomhtháthú isteach sa straitéis eagraíochtúil. Ní mór an bhainistíocht shinsearach a bheith i gceannas ar an straitéis. Ní mór creat rialachais láidir a bheith mar bhonn taca leis an seachadadh agus ní mór tacaíocht a bheith ann don athrú ó phobal uile an Oireachtais, lena n-áirítear Comhaltaí na dTithe.

Mar Ard-Rúnaí, táim freagrach do Choimisiún Thithe an Oireachtais as ár bplean straitéiseach a sheachadadh. D’fheicfinn go mbeadh cuspóir na parlaiminte dátheangaí ina straitéis fhíorthábhachtach faoin gcéad phlean eile againn don tréimhse ó 2022 go dtí 2024. Soláthróidh grúpa stiúrtha Rannóg 2024, a thuairiscíonn don bhord bainistíochta, an cheannaireacht agus an rialachas is gá. Cé gur róil ar leithligh óna chéile atá againn maidir le seachadadh an dátheangachais a chinntiú, cuireann siad lena chéile freisin. Mar Ard-Rúnaí, tá freagracht reachtúil ormsa as foireann agus riaradh na seirbhíse a bhainistiú agus as an bplean straitéiseach a sheachadadh.

Cuirtear ar chumas an chomhchoiste, lena ról sna Buan-Orduithe, tacú le hathruithe agus athruithe a spreagadh i dtaca leis an tslí a seolann na Tithe a ngnó sa dá theanga oifigiúla. Beidh tábhacht faoi leith ag baint le tacaíocht ghníomhach na gComhaltaí don chuspóir maidir leis an Ghaeilge sa Teach faoin straitéis nua. Táim ar an eolas faoi éilimh ar athruithe bunaithe ar thaithí an chomhchoiste le déanaí le linn dó breithniú a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019. Tá sé d’acmhainn ag an tseirbhís tacú le próiseáil dhátheangach na reachtaíochta trí Rannóg an Aistriúcháin agus trí Oifig na mBillí agus tá a fhios agam go ndearna an fhoireann sa dá oifig sin obair mhór ar Chéim an Choiste den Bhille, mar a rinne comhaltaí an chomhchoiste. Mar sin féin, mar sheirbhís pharlaiminteach, níl na córais ná na próisis againn chun bainistiú a dhéanamh go dátheangach ar chéimeanna leasaitheacha na reachtaíochta laistigh de na gearr-agaí táirgiúlachta atá sna Buan-Orduithe. Is fíor an méid sin ach go háirithe i gcás tréchur suntasach reachtaíochta eile a bheith ann go comhthreomhar, faoi mar a tharla le roinnt seachtainí anuas.

Tá sé follasach nach foláir an próiseas reachtach a áireamh in aon phlé a bheidh ar siúl maidir le parlaimint dhátheangach mar chuspóir straitéiseach. Pointe tosaigh luachmhar don phlé sin is ea taithí parlaimintí eile agus tá beartaithe agam, mar chuid dár bplean straitéiseach corparáideach nua, go ndéanfar staidéar comparáideach ar an dátheangachas i bparlaimintí eile a choimisiúnú.

Ar deireadh, gné thábhachtach eile de sheachadadh an athraithe is ea an cur chuige comhpháirtíochta le hOifig an Choimisinéara Teanga. I gcomhthéacs ár gcruinnithe leis an gcomhchoiste in 2018, d’iarramar ar an gCoimisinéir Teanga cur i láthair a thabhairt don bhord bainistíochta ar ár gcuid freagrachtaí mar chomhlacht earnála poiblí. Is luachmhar linn an treoraíocht a fhaighimid ón gCoimisinéir Teanga maidir leis an gcleachtas is fearr i ndáil le cur chun cinn an dátheangachais sa tseirbhís.

Gabhaim buíochas arís leis an gcomhchoiste as an gcuireadh inniu agus as an deis a thabhairt dom labhairt leis na comhaltaí faoin ábhar tábhachtach seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.