Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 22 July 2021

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Seirbhís Thithe an Oireachtais

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá leithscéalta faighte againn ón Teachta Daly, ón Seanadóir Mullen agus ón Seanadóir Ó Donnghaile. Táimid chun plé a dhéanamh inniu ar shuíomh iomlán dátheangach a dhéanamh de Thithe an Oireachtais. Cuirim fáilte roimh na hionadaithe ar son Sheirbhís Thithe an Oireachtais: Peter Finnegan, Cléireach na Dála agus Ard-Rúnaí Sheirbhís Thithe an Oireachtais; Elaine Gunn, rúnaí cúnta, rannóg na seirbhísí parlaiminteacha; Vivian Uíbh Eachach, an príomh-aistritheoir; agus Margaret Crawley, ceann an aonaid acmhainní daonna. Gabhaim buíochas leo as a bheith anseo linn inniu. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe lonnaithe i Seomra na Dála le linn an chruinnithe seo.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Iarraim anois ar Chléireach na Dála agus Ard-Rúnaí Sheirbhís Thithe an Oireachtais, Peter Finnegan, labhairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.