Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 22 July 2021
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Seirbhís Thithe an Oireachtais
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Níor chuala mé an méid Gaeilge sin i ráiteas tosaigh le fada. Gabhaim buíochas le Cléireach na Dála as ucht an dua a chur sé air féin agus ar a fhoireann é a réiteach agus a léamh amach, go háirithe i gcomhthéacs an dá chruinniú eile a bhí againn inné nuair nach raibh focal Gaeilge le cloisteáil. Gabhaim buíochas as sin. Tá a fhios agam nach bhfuil sé éasca.
Tá cúpla ceist phraiticiúil agam. Tosóidh mé le ceist ghinearálta. Tá a fhios againn, agus tá sé ráite go mion minic agam, go bhfuil dea-thoil don Ghaeilge le mothú, le cloisteáil agus le feiceáil ar fud Thithe an Oireachtais. Táim ag caint faoi na Teachtaí, na Seanadóirí agus na daoine ar an talamh, na huiséirí, na maoir agus m'fhoireann féin san oifig san áireamh. Tiocfaidh mé ar ais maidir leis na ceisteanna sonracha má cheadaíonn an Cathaoirleach dom ach, ó thaithí an fhinné, cad iad na constaicí? Tá neart Gaeilge aige. Tá togha na Gaeilge aige agus ag daoine eile. Cad iad na constaicí atá ann atá ag cur in aghaidh úsáid na Gaeilge?
Cén chaoi ar féidir linn é a éascú, an Ghaeilge atá ag daoine a úsáid, ó thaithí an Chléirigh agus a foirne atá anseo? Is ceist ghinearálta í.
No comments